English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

BAILTE SLACHTMHARA SUPERVALU - SEARMANAS GRADAM RÉIGIÚN AN IARTHUAISCIRT AGUS AN IARTHAIR

Bronnadh gradaim Bailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo do réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair inné, Dé Luain an 18 Samhain ag searmanas bronnta na nduaiseanna in Ionad Pobail Oakland, An Príomhshráid, Glasloch, Co. Mhuineacháin. Heather Humphreys TD Uasal, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, agus Eoghan Jones, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu, atá ag déanamh urraíochta le fada ar an gcomórtas, a bhronn na gradaim ar bhuaiteoirí Bailte Slachtmhara SuperValu. Bhí Shane Raftery ó Fháilte Ireland ar an stáitse i gcuideachta an Aire chomh maith.

Ag an searmanas, labhair an tAire Humphreys faoi scéim deontais a fógraíodh le gairid a chuirfidh ar chumas coistí Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000.

Dúirt an tAire Humphreys:

"Mholfainn go mór do choistí leas a bhaint as an €1.4 milliún i maoiniú deontais atá ar fáil d'fhonn cuidiú leo ullmhú do chomórtas na bliana 2020. Beidh foirm iarratais faighte le gairid ag na coistí ar fad atá incháilithe don deontas agus ba chóir í a chur ar ais chomh luath agus is féidir d'fhonn leas iomlán a bhaint as an maoiniú."

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

"Le blianta fada, tá pobail ag obair go deonach le Bailte Slachtmhara chun áit a dhéanamh den tír seo a bhfuilimid go léir bródúil as. Tá an oiread measa agam ar na hoibrithe deonacha atá i láthair anseo anocht agus na hoibrithe eile ar fud na tíre, agus is aitheantas ón Rialtas í an scéim deontais seo ar an méid ollmhór a dhéanann bhur gcoistí gach bliain."

Dúirt an tAire Humphreys:

"Is iontach an rud é deis a bheith agam casadh le grúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud Réigiún an Iarthuaiscirt agus an Iarthair tráthnóna. Níl sna gradaim seo ach beart beag ar an iarracht ar fad a dhéanann an t-iliomad oibrí deonacha atá mórtasach as a gcuid bailte agus a bhíonn ag obair gan stad lena gcuid comharsanachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht anois agus do na glúnta atá le teacht. Tugaimid aitheantas chomh maith do na grúpaí Bailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inné ach atá chomh díograiseach céanna d'fheabhas a chur ar a gcuid comharsanachtaí féin gach bliain ach nach bhfuil aitheantas foirmeálta bainte amach acu air sin i gcomórtas na bliana seo. Maith sibh as an obair ar fad a dhéanann sibh agus tá súil againn go mbeidh sibh anseo in éineacht linn an bhliain seo chugainn.”

Ghabh an tAire buíochas chomh maith le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara SuperValu:

"Le 28 mbliana, tá an príomhurraitheoir, SuperValu páirteach sa gcomórtas seo ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Tá cúnamh tugtha ag SuperValu don chomórtas a bheith faoi rath agus fás agus leanann de thiomantas ceart a léiriú a bheith ag tacú le pobail áitiúla agus d'oibrigh go dlúth le hoifigigh Roinne d'fhonn comórtas mór-ráchairte a dhéanamh dó sa lá atá inné ann."

Dúirt Eoghan Jones, Bainisteoir Réigiúnach SuperValu:

“bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2019 do Bhailte Slachtmhara SuperValu, mar gur ghlac an líon is mó coistí riamh páirt sa chomórtas i mbliana. Tá clár na mBailte Slachtmhara fós ar an tionscnamh pobail agus inbhuaithe is mó in Éirinn agus bíonn tionchar thar a bheith dearfach aige ar ár mbailte agus ar ár sráidbhailte ar fud na tíre".

Dúirt an tUasal Jones chomh maith:

"Tá SuperValu thar a bheith mórtasach as a bheith ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas Bailte Slachtmhara le beagnach 30 bliain anois. I rith na tréimhse sin, tá an fás agus an t-athrú atá tagtha ar an gcomórtas go dtí leibhéal nárbh fhéidir le haon duine a mheas feicthe againn dúinn féin. Le blianta beaga anuas, tá béim níos mó ag comórtas Bailte Slachmhara SuperValy ar inbhunaitheacht, bithéagsúlacht agus ar chaomhnú. Trí oibriú i gcomhar, táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint anois agus amach anseo. Déantar é sin ar fad trí dhúthrachtacht agus dhíograiseacht na ngrúpaí Bailte Slachtmhara agus mhiondíoltóirí SuperValu ar fud na tíre. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an obair ar fad gan staonadh seo ar ár gcuid pobal".

Tá spéis i bhfad níos mó i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu le blianta beaga anuas agus chuir an líon is mó pobal riamh isteach ar an gcomórtas sa bhliain 2019. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá ina bhun. Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas ón mbliain 1992.

Is é Glasloch i gCo. Mhuineacháin a bhuaigh an comórtas réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí an lae inné leis seo.

CRÍOCH

Gradaim Réigiúnacha an Iarthuaiscirt agus an Iarthair 2019

Baile is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Glasloch Muineachán Baile is Slachtmhaire na hÉireann

Baile is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Glasloch Muineachán Sráidbhaile is Slachtmhaire na hÉireann

Baile Mór is Slachtmhaire na hÉireann - urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Cathair na Mart Maigh Eo Baile Mór is Slachtmhaire na hÉireann

Gradam Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus an Iarthair 2019 – urraithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Buaiteoir Contae Duais
Glasloch Muineachán Gradam Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus an Iarthair

Buaiteoir Boinn an Iarthuaiscirt agus an Iarthair 2019 - urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Bun Cranncha Dún na nGall Bonn Óir
Caisleán an Bharraigh Maigh Eo Bonn Óir
Baile Mhic Oireachtaigh Ros Comáin Bonn Óir
Carraig Mhachaire Rois Muineachán Bonn Óir
Cora Droma Rúisc Liatroim Bonn Óir
Cúil Áine/Ceathrú na Cloiche Sligeach Bonn Óir
Glasloch Muineachán Bonn Óir
Céideadh Ros Comáin Bonn Óir
Leitir Ceanainn Dún na nGall Bonn Óir
Ros Comáin Ros Comáin Bonn Óir
Cathair na Mart Maigh Eo Bonn Óir
An Mhainistir Gaillimh Bonn Airgid
Baile Átha Luain Co. na hIarmhí Bonn Airgid
An Cabhán An Cabhán Bonn Airgid
Lár Cathrach na Gaillimhe Gaillimh Bonn Airgid
Baile an Mhuilinn Gaillimh Bonn Airgid
Muineachán Muineachán Bonn Airgid
Sligeach Sligeach Bonn Airgid
Béal an Átha Maigh Eo Bonn Cré-Umha
Baile na hAbhann Co. na hIarmhí Bonn Cré-Umha
Baile an Tobair Ros Comáin Bonn Cré-Umha
Béal an Mhuirthead Maigh Eo Bonn Cré-Umha
Carraig Airt Dún na nGall Bonn Cré-Umha
Cluain Tuaiscirt Ros Comáin Bonn Cré-Umha
Drumod Liatroim Bonn Cré-Umha
Na Gleannta Dún na nGall Bonn Cré-Umha
An Mhala Raithní Maigh Eo Bonn Cré-Umha
Ráth Bhoth Dún na nGall Bonn Cré-Umha
Tearmann Bearaigh Dún na nGall Bonn Cré-Umha

Gradaim Contae 2019 - urraithe ag SuperValu

An Cabhán An Cabhán Gradam Contae
An Cnoc Rua An Cabhán Molta go hArd
Loch Gamhna An Cabhán Molta
Cill na Leice An Cabhán Endeavour
Leitir Ceanainn Dún na nGall Gradam Contae
Bun Cranncha Dún na nGall Molta go hArd
Na Gleannta Dún na nGall Molta
Leitir Mhic an Bhaird Dún na nGall Endeavour
Baile an Mhuilinn Gaillimh Gradam Contae
An Mhainistir Gaillimh Molta go hArd
Muine Mheá Gaillimh Molta
Cill Choirín Gaillimh Endeavour
Cora Droma Rúisc Liatroim Gradam Contae
Drumod Liatriom Molta go hArd
An Chluain Liatroim Molta
An Dúcharraig Liatroim Endeavour
Cathair na Mart Maigh Eo Gradam Contae
An Mhala Raithní Maigh Eo Molta go hArd
Caisleán an Bharraigh Maigh Eo Molta
Leic Ainimhe Maigh Eo Endeavour
Glasloch Muineachán Gradam Contae
Carraig Mhachaire Rois Muineachán Molta go hArd
Muineachán Muineachán Molta
Cill Laobháin Muineachán Endeavour
Céideadh Ros Comáin Gradam Contae
Baile Mhic Oireachtaigh Ros Comáin Molta go hArd
Ros Comáin Ros Comáin Molta
An Múr Ros Comáin Endeavour
Cúil Áine/Ceathrú na Cloiche Sligeach Gradam Contae
Baile idir Dhá Abhainn Sligeach Molta go hArd
Baile an Tóchair Sligeach Molta
Fearann Uí Chearnaigh Sligeach Endeavour

Is iad buaiteoirí an Gradam Endeavour na hiontrálaithe i ngach contae a rinne an dul chun cinn is mó ar scór na bliana 2018

Gradaim Speisialta 2019

Gradam Scoile 2019 - urraithe ag SuperValu

Buaiteoir Contae Duais
Scoil Náisiúnta na hEaglaise Gaillimh Buaiteoir Réigiúnach
Scoil Náisiúnta na hEaglaise Gaillimh Buaiteoir Foriomlán

Gradam Uiscí & Pobail - urraithe ag Iascach Intíre Éireann, Uiscebhealaí Éireann agus ag Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil

Buaiteoir Contae Duais
Baile Dhún na nGall Dún na nGall Molta go hArd
Gleann na Madadh Gaillimh Buaiteoir Réigiúnach

Gradam do Dhúshlán Uirbeach - urraithe ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann

Buaiteoir Contae Duais
An Clochán Liath Dún na nGall Buaiteoir Náisiúnta

Gradam Ná Fág Aon Ní i do Dhiaidh - urraithe ag Leave No Trace Ireland

Buaiteoir Contae Duais
Cluain Cearbhán Maigh Eo Buaiteoir Náisiúnta

Gradam Pailneora an Údaráis Áitiúil – urraithe ag na hÚdarás Áitiúla

Buaiteoir Contae Duais
Béal an Mhuirthead Maigh Eo Buaiteoir Réigiúnach an Catagóire Baile Beag
Bun Cranncha Dún na nGall Buaiteoir Réigiúnach an Catagóire Baile Mór
Bun Cranncha Dún na nGall Buaiteoir Foriomlán an Catagóire Baile Mór

Gradam na Forbartha Inmharthana - urraithe ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

Buaiteoir Contae Duais
Coiste Bailte Slachtmhara An Clochán Liath - Siúl na hAbhann Dún na nGall An Dara hÁit
Ráth Bhoth Dún na nGall An Dara hÁit
Coiste Bailte Slachtmhara Chill Taobháin - Siúlóid Lúibe Chluain Láir Ros Comáin An Dara hÁit

Gradam The Can It - urraithe ag Alupro Ireland

Buaiteoir Contae Duais
Leitir Ceanainn Dún na nGall Buaiteoir Náisiúnta

Gradam na Gaeltachta - urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanfaidh cathaoirleacht ar na cruinnithe.

Buaiteoir Contae Duais
Coiste Bailte Slachtmhara Bhéal an Mhuirthead Maigh Eo Molta go hArd
Coiste Bailte Slachtmhara Charraig Airt Dún na nGall Buaiteoir Náisiúnta