Bord nua á cheapadh ag an Aire Humphreys do Choimisiún Forbartha an Iarthair
- Foilsithe: 13 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, ceapacháin do Bhord nua Choimisiún Forbartha an Iarthair
Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Humphreys:
“Ón uair a bunaíodh é in 1999, bhí ról tábhachtach ag Coimisiún Forbartha an Iarthair maidir le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur chun cinn i réigiún an Iarthair. Go háirithe le trí bliana anuas, tá an WDC ag teacht chun cinn mar rannpháirtí tábhachtach maidir le forbairt sa réigiún, ag tacú le cuspóirí Thionscadal Éireann 2040 chun tír níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.
Chuidigh an WDC freisin le forbairt beartais ag leibhéal náisiúnta i réimsí amhail cianobair, athrú aeráide agus forbairt tuaithe.
“Tá áthas orm Bord nua a cheapadh chun obair an Choimisiún a threorú agus a dhíriú sna trí bliana amach romhainn. Léiríodh an t-uafás spéise maidir le ceapacháin don Bhord nua agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thóg an t-am iarratas a dhéanamh trí phróiseas na mBord Stáit.
“Beidh an Bord nua déanta suas de bhaill nua agus baill den Bhord a bhí ann cheana. Tá réimse iontach taithí agus scileanna acu ón earnáil ghnó, ón earnáil phoiblí, ón earnáil phobail agus ón earnáil oideachais.
“D’iarr mé ar Gerry Finn Uasal, atá ina bhall de Bhord an WDC le trí bliana anuas, a bheith ina Chathaoirleach ar an mBord agus guím gach rath air sa ról sin.”
Lean an tAire ar aghaidh ag rá:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mBord roimhe seo as a gcuid oibre chun tacú le forbairt réigiún an Iarthair agus as an aire a thug siad agus iad ag maoirsiú an WDC le trí bliana anuas.
“Cuirfidh Straitéis cúig bliana an WDC, ‘Oibriú Níos Cliste, Saol Níos Fearr’, a foilsíodh in 2019, creat láidir ar fáil don Bhord nua sa chaoi is go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh le hobair an WDC sa tréimhse amach romhainn.
Níl aon amhras orm ach go gcuirfidh an Bord nua go mór le forbairt eacnamaíochta agus sóisialta i réigiún an Iarthair i gcomhar le príomh-gheallsealbhóirí eile.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Bunaíodh Coimisiún Forbartha an Iarthair (WDC) in 1999 chun forbairt eacnamaíochta agus sóisialta a chur chun cinn, a chothú agus a spreagadh i réigiún an Iarthair (sainmhínithe mar chontaetha Dhún na nGall, Liatroma, Shligigh, Mhaigh Eo, Ros Comáin, na Gaillimhe agus an Chláir).
Áirítear i measc ghníomhaíochtaí an WDC cur le forbairt beartais, taighde agus anailís, tabhairt faoi phríomhthionscnaimh réigiúnacha agus bainistiú ar Chiste Infheistíochta an Iarthair a chuireann iasachtaí agus caipiteal ar fáil do ghnólachtaí agus pobail áitiúla sa réigiún.
Sa bhliain 2019 d’fhoilsigh an WDC Straitéis Chorparáideach nua, ‘Oibriú Níos Cliste, Saol Níos Fearr’. Leagtar amach sa Straitéis an treochlár don eagraíocht sna cúig bliana amach romhainn. Tá sé bunaithe ar thrí cholún: Cur chun cinn Réigiúnach; Ceannasaíocht Réigiúnach; agus Fiontar Inbhuanaithe, a léiríonn cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus sa bhfadtéarma.
Leanann na ceapacháin don Bhord an fógra léiriú spéise ar www.StateBoards.ie, agus próiseas measúnaithe a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Tá liosta iomlán de bhaill an Bhoird thíos. Ceapadh iad ar feadh tréimhse trí bliana, mura léirítear a mhalairt.
Comhaltaí Bhord Choimisiún Forbartha an Iarthair, Samhain 2020 ar fáil anseo.