English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Breis is €14 milliún fógartha ag an Aire Calleary do 163 tionscadal pobail

  • Infheistíocht leanúnach i gclubanna spóirt, ionaid phobail, páirceanna, cosáin siúil agus spásanna súgartha na tíre tríd an gCiste Aitheantais Phobail
  • Déanann an Rialtas maith ar a thiomantas tacú le hathbheochan tuaithe agus le pobail áitiúla

Tá breis is €14 milliún fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD inniu (Dé Luain, 24 Feabhra 2024) chun 163 tionscadal pobail a chur ar fáil ar fud na tíre tríd an gItem was unpublished or removed.

Cuirfidh an infheistíocht a fógraíodh inniu réimse éagsúil tionscadal ar fáil agus áireofar leis uasghrádú agus feabhsúcháin ar áiseanna spóirt, ionaid phobail, páirceanna, cosáin siúil agus clóis súgartha a bhfuil géarghá leo.

Chun tacú leosan a bhfuil riachtanais iompair acu, tá roinnt feithiclí d’úsáid an phobail san áireamh freisin ar liosta na dtionscadal atá ceadaithe.

Rinne an tAire an fógra agus é ag tabhairt cuairt ar Fhiontar Lárchathrach Bhaile Átha Cliath (ICE) leis an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, TD, agus leis an Aire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanais, Jerry Buttimer, TD. Cuirfear €400,000 ar fáil do ICE faoin gciste chun tacú le hobair athchóirithe a dhéanamh ag a mhol fiontair shóisialta, rud a chuirfidh ar a gcumas a gcuid seirbhísí ríthábhachtacha a leathnú.

Tugadh an Ciste Aitheantais Pobail isteach den chéad uair in 2023 d’fhonn aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag na pobail ó thaobh fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus tacú leo.

Tá an maoiniú atá á chur ar fáil inniu ag dul chuig tionscadail atá lonnaithe sna bailte, sráidbhailte agus comharsanachtaí cathrach sin atá ag óstáil agus ag tacú lenár dteacht isteach nua.

Beidh tairbhe ag gach limistéar údaráis áitiúil a rinne iarratas ar mhaoiniú faoi chéim 2 de Chiste Aitheantais Pobail 2024 as fógra an lae inniu.

I measc na dtionscadal a bhfuil maoiniú á bhronnadh orthu inniu tá:

  • Cathair Chorcaí - Sráid Mhic Curtáin: Ionad Óige agus Caifé Óige a fhorbairt - €150,000
  • Contae Dhún na nGall - Leitir Ceanainn: Siúlbhealach a fhorbairt agus oibreacha gaolmhara ag club CLG Naomh Adhamhnáin- €80,000
  • Cathair Bhaile Átha Cliath - Sráid Chúil Raithin, Baile Átha Cliath 7: Oibreacha athchóirithe ag an Mol Fiontair Shóisialta ag an bhFiontar Lárchathrach - €400,000
  • Cathair na Gaillimhe - Bóthar an Athar Uí Ghríofa: Uasghrádú agus feabhsú inrochtaineachta ar Pháirc an Athar de Búrca - €240,000
  • Contae Chiarraí - Trá Lí: Mionbhus a cheannach d'Ionad na mBan, Ciarraí - €90,000
  • Contae Lú - Droichead Átha: Uasghrádú agus athsholáthar ar threalamh gairdín céadfach agus clós súgartha ag Scoil Speisialta Abacas - €69,863
  • Contae Liatroma - Droim Dhá Thiar: Athchóiriú ar Stáisiún Gardaí Dhroim Dhá Thiar agus athrú úsáide go mol pobail agus seid na bhfear- €176,590
  • Contae Mhaigh Eo - Baile an Róba: Páirc astroturf a fhorbairt - €114,620
  • Baile Átha Cliath Theas - Cluain Dolcáin: Páirc uile-aimsire lánmhéide a fhorbairt ag Club Péile Naomh Phroinsias - €350,000

Is éard a dúirt an tAire Calleary inniu:

"Ag teacht le tiomantas athnuaite an Rialtais chun a chinntiú go dtacófar le pobail áitiúla áiteanna rathúla a dhéanamh dá mbaile, dá sráidbhaile agus dá bparóiste féin le go mbeidh siad ábalta cónaí iontu, oibriú iontu agus clann a thógáil iontu, tá an-áthas orm a fhógairt go mbeifear ag cur maoiniú ar fáil do 163 tionscadal an-fhiúntacha ar mhaithe le príomhbhonneagar pobail a chur ar fáil ar fud na tíre.

"Tríd an infheistíocht leanúnach seo faoin gCiste Aitheantais Phobail, chun tacú le bailte agus sráidbhailte a bhfuil fáilte curtha acu roimh dhaoine nua, bainfidh na pobail seo leas as an uasghrádú a dhéanfar ar a n-áiseanna spóirt, a n-ionaid phobail, a gconairí áineasa, a bpáirceanna pobail agus a spásanna súgartha.

"Tá teagmháil déanta ag údaráis áitiúla, a riarann an maoiniú seo, le pobail chun a sainriachtanais a aithint, agus ní hiad na sainriachtanais chéanna atá ag ceantar ar bith. Tugann na tionscadail éagsúla atá á bhfógairt agam inniu aghaidh ar na riachtanais éagsúla sin."

Dúirt an tAire Calleary freisin:

"Níl san infheistíocht seo ach gné amháin den Chiste Aitheantais Phobail. Tá síneadh ama go dtí an 28 Feabhra curtha leis an spriocdháta don chéad chéim eile d'iarratais ó údaráis áitiúla, agus fógrófar na tionscadail ar éirigh leo sna míonna amach romhainn. Cuirfidh an méid atá fógartha inniu, agus an méid a fhógrófar amach anseo faoi chláir éagsúla atá á riar ag mo Roinn, fíorthacaíocht ar fáil lena chinntiú go leanfaidh ár bpobail uirbeacha agus tuaithe de bheith faoi bhláth.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanais, Jerry Buttimer, TD.

"Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'iarrachtaí na n-oibrithe deonacha agus na ngrúpaí pobail atá ag baint tairbhe as infheistíocht an lae inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a n-iarrachtaí áiteanna níos fearr a dhéanamh dá bpobail do chách, agus aitheantas a thabhairt don bhród atá acu as a n-áit féin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d'obair oifigigh na n-údarás áitiúil a thacaíonn le pobail i rith na bliana. Ag obair le chéile, is féidir linn spásanna láidre, bríomhara a chruthú do gach duine dár bpobail, daoine nua agus daoine atá ann sna pobail sin le fada."

Tá sonraí faoin 163 tionscadal a fógraíodh inniu ar fáil sa ceangailte

Community Recognition Fund 2024 - Phase 2 approved projects
Published February 2025.
Amharc amharc

Tá leithdháileadh maoinithe comhaontaithe ag gach údarás áitiúil agus is féidir leo cinneadh a dhéanamh ar cheart iarratas a dhéanamh ar thionscadail ón leithdháileadh seo faoi chéim 1, céim 2 nó céim 3 de na céimeanna iarratais.

Níl iarratas ar bith déanta ag aon údarás áitiúil faoi Chéim 2. Beifear fós in ann iarratas a dhéanamh faoi Chéim 3 go dtí an 28 Feabhra 2025.


Nótaí d'eagarthóirí:

An Ciste Aitheantais Pobail (CAP)

Tugadh an Item was unpublished or removed isteach den chéad uair in 2023 d’fhonn aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag pobail le fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus tacú leo.

Trí leithdháileadh na bliana 2023, ceadaíodh maoiniú €50 milliún do thart ar 900 tionscadal chun tacú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre a bhfuil fáilte curtha acu roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phobail, fógraíodh maoiniú breise €50 milliún faoin gCiste Aitheantais Pobail i mí an Mhárta 2024. Tá an maoiniú breise dírithe go sonrach ar thionscadail atá lonnaithe i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte atá ag óstáil na ndaoine a bhfuil Cosaint Shealadach acu agus/nó Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta.

Tá an leithdháileadh seo á dhíriú ar thionscadail níos mó ná mar a bhí in 2023, le €50,000 ar a laghad in aghaidh an tionscadail, rud a rachaidh chun tairbhe ceart do phobail. Tá an Ciste Aitheantais Pobail á riar ag na húdaráis áitiúla ag leibhéal contae. Is féidir le húdaráis áitiúla iarratais faoin mbabhta reatha maoinithe a chur isteach thar thrí chéim, ionas go mbeidh solúbthacht agus rannpháirtíocht agus comhoibriú leordhóthanach ann maidir le tionscadail níos mó. Ba iad an 31 Bealtaine 2024, an 30 Meán Fómhair 2024 na dátaí deiridh céimnithe chun na hiarratais a bheith istigh agus cuireadh an síneadh leis an gceann deireanach go dtí an 28 Feabhra 2025.

Ceadaíodh 185 tionscadal faoi chéim 1 de Chiste Aitheantais Pobail 2024 i mí Lúnasa 2024 a raibh cistiú gaolmhar €16.5 milliún ag gabháil leo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin gciste ach féachaint ar Item was unpublished or removed