Breis is €15.4 milliún i maoiniú fógartha ag an Aire Humphreys do 147 baile agus sráidbhaile faoin tuath
- Foilsithe: 8 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an maoiniú dírithe ar chuidiú le pobail freagra a thabhairt ar COVID-19
Dírithe ar thaitneamhachtaí faoin aer a fhorbairt agus spásanna poiblí a fheabhsú
Béim ar thacaíocht a chur ar fáil don Obair ó Chian i bpobail thuaithe
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, breis is €15.4 milliún inniu (Dé hAoine an 8 Eanáir) faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte.
Cuideoidh an maoiniú sin le bailte agus le sráidbhailte bearta a chur i bhfeidhm a chuideoidh leo freagra a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19.
Bainfidh 147 baile agus sráidbhaile leas as an maoiniú agus déanfaidh réimse leathan agus éagsúil de thionscadail ar fud na tíre a mhaoiniú lena n-áirítear bealaí siúil, páirceanna pobail, pictiúrlanna faoin aer, bealaí rothair chomh maith le foirgnimh thréigthe a athghiniúint agus obair fheabhsúcháin ag ionad is díol spéise le turasóirí agus áiseanna tábhachtacha áitiúla eile.
Tá maoiniú á chur ar fáil chomh maith chun líon áiseanna cianoibre a fhorbairt i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath. Leis na tionscadail seo a bhfuil maoiniú faighte acu déanfar foirgnimh nach bhfuil in úsáid a athbhunú agus a athrú isteach ina moil dhigiteacha chomh maith le hionaid phobail áitiúla a chur in oiriúint chun áiseanna don obair ó chian agus don ríomhFhoghlaim a chur ar fáil.
Ag fógairt na dtionscadal seo a d'éirigh leo inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Is cuid ríthábhachtach dár saol iad ár mbailte agus sráidbhailte faoin tuath. Tá sé léirithe dúinn le bliain anuas, níos mó ná riamh, chomh mór is a bhímid ag brath ar ár bpobail áitiúla agus tá an mórtas atá againn as an áit ina bhfuilimid inár gcónaí spreagtha arís."
"Is chun cuidiú le pobail teacht ar ais chucu féin arís agus dul in oiriúint do na dúshláin leanúnacha a bhaineann le COVID-19 an maoiniú seo atá á fhógairt inniu agam - cuideoidh sé lenár mbailte agus sráidbhailte a dhéanamh níos sábháilte le bheith inár gcónaí iontu, a bheith ag obair iontu agus le gnó a dhéanamh iontu."
"Tá tuiscint an-mhaith againn go léir anois ar an tábhacht a bhaineann le bheith amuigh faoin aer chun beagán aclaíochta a dhéanamh agus chun aer úr a fháil. Tá an-áthas orm go dtacóidh an réimse leathan de thionscadail a bhfuil maoiniú bronnta inniu orthu le háiseanna áineasa a fhorbairt ar nós bealaí siúil, rotharbhealaí, páirceanna do mhadraí, páirceanna pobail, páirceanna spraoi agus tuilleadh."
"Tá infheistíocht shuntasach á déanamh chomh maith chun seanfhoirgnimh a athghiniúint agus chun obair fheabhsúcháin a dhéanamh i gceantair a mbaineann áilleacht nádúrtha leo."
Áirítear ar na tionscadail a d'éirigh leo:
- An tSráidbhaile, Co. Phort Láirge: €88,615 - Páirc bhithéagsúlachta a fhorbairt, lena n-áirítear pábháil nádúrtha, áiteanna suí, seastáin shaincheaptha do rothair agus comharthaíocht fiadhúlra léirmhíniúcháin
- Béal Átha na Lao, Co. an Longfoirt: €97,451 - Páirc phobail uathachas-báúil a fhorbairt agus feabhas a chur ar áiseanna na páirce spraoi chomh maith le bealach siúil/rothaíochta a chur ar fáil.
- Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma: €200,000 - Ionad pobail i lár an bhaile a chruthú ina mbeifear ábalta imeachtaí pobail agus carthanais a reáchtáil lena n-áirítear féilte, ócáidí rite agus rothaíochta i gcomhréir leis na treoracha sláinte poiblí
- **Coill an Chollaigh, Co. an Chabháin: €100,000* - Chun áis oideachais, anaclann dúlra, taitneamhacht phoiblí agus spás áineasa a fhorbairt ag Loch Choill an Chollaigh i gCo. an Chabháin
- An Leathcheathrú, Co. Ros Comáin: €100,000 - Leis an sráidbhaile a fheabhsú, lena n-áirítear cosán a dhéanamh ón muiríne go dtí lár an tsráidbhaile; binsí, boird phicnice agus soilsiú poiblí a chur ar fáil taobh amuigh
Obair ó Chian
Tá aird tarraingthe ag COVID-19 ar na deiseanna ollmhóra atá i gceist leis an obair ó chian don fhorbairt réigiúnach. Tá áiseanna don obair ó chian a fhorbairt i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath le feiceáil go sonrach i réimse leathan de na tionscadail a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh.
Dúirt an tAire Humphreys:
"Táim sásta ach go háirithe faoin líon tionscadal a ceadaíodh inniu a thacóidh leis an Obair ó Chian - cuirfidh sin ar chumas daoine oibriú as a bpobal áitiúil féin san tréimhse amach romhainn."
"Cé nach raibh san Obair ó Chian bliain ó shin ach coincheap, is cuid den ghnáthshaol anois í do na deicheanna de mhílte mar gheall ar COVID-19. Cuireann sé áthas orm a fheiceáil go bhfuil an oiread sin pobail ag glacadh go fonnmhar leis an saol nua seo agus é i gceist acu áiseanna don Obair ó Chian, ríomh-Mhoil agus spásanna comhoibre a fhorbairt."
Áirítear ar na tionscadail don Obair ó Chian a d'éirigh leo:
- Cora Chaitlín, Co. an Chláir: €200,000 - Chun foirgneamh tréigthe a athghiniúint ina Mhol Fiontraíochta le háiseanna don obair ó chian/deasc shealaíocht
- Cloch Ámainn, Co. Loch Garman: €100,000 - Chun an tseanscoil a athbhunú mar ionad pobail ilchuspóireach ina mbeidh mol digiteach agus páirc spraoi
- **Baile Chláir, Co. na Gaillimhe: €200,000^^ - Mol nuálaíochta digití 10 ndeasc a fhorbairt.
- An Díseart, Co. Ros Comáin: €100,000 - Chun mol staidéir agus digiteach pobail a fhorbairt san Ionad Pobail Áitiúil
- Ráth Domhnaigh, Co. Laoise: €79,303 - Chun caifé pobail, áis don obair ó chian agus oiliúint a fhorbairt
- Dún Bleisce, Co. Luimnigh - €89,550 - Áis do Sheirbhísí Pobail agus ríomh-Mhoil a fhorbairt, ina mbeidh 8 stáisiún do ríomhairí pearsanta, seomraí i gcomhair tae/caife, teithris, oifig agus seomra comhdhála
Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:
"Tá súil agam go mbeidh níos mó moil oibre don obair ó chian á gcur ar líne in 2021 agus táim sásta a rá go bhfuil €5 mhilliún breise faighte agam do Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte i mBuiséad 2021, go háirithe chun níos mó moil don obair ó chian a fhorbairt i mbailte agus i sráidbhailte na tíre."
Tugadh tacaíocht do bhreis is 500 tionscadal in 2020
Tá an maoiniú a fógraíodh inniu sa bhreis ar an €10.4 milliún atá leithdháilte ag an Aire Humphreys do 363 baile agus sráidbhaile ó Lúnasa 2020 faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte ar mhaithe le bearta a chur i bhfeidhm chun freagra a thabhairt ar COVID-19 láithreach.
Ar an iomlán, tá tacaíocht á tabhairt do bhreis is 500 tionscadal anois agus is ionann sin agus breis is €35 milliún faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Humphreys:
"Tá breis is €25 milliún curtha ar fáil ó Lúnasa do bhreis is 500 tionscadal ar fud na tíre faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Déanfar difear ceart agus buan leis na tionscadail seo agus is léiriú iad ar thiomantas láidir an Rialtais seo tacú le pobail thuaithe na tíre."
CRÍOCH
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020
Tá Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte á cistiú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar trí na hÚdaráis Áitiúla, i gcomhar le pobail áitiúla.
Leagadh béim ar leith i Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020 ar thionscadail a chuirfeadh buntáiste eacnamaíoch ar fáil a sholáthar agus ar chumas bailte agus sráidbhailte freagra a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19.
Áiríodh dhá shnáithe i scéim 2020 - Beart Luathaithe, a chuir tacaíocht ar fáil do thionscadail a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm láithreach mar fhreagra ar COVID-19, Beart Caighdeánach a bhí dírithe ar thionscadail trína bhféadfaí tacaíocht a thabhairt do théarnamh meántéarmach ó COVID-19.
Leantar de thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sa réimse phoiblí agus d'fheabhas a chur ar shaoráidí i lár an bhaile faoin scéim seo, go háirithe nuair a chuidíonn sin le téarnamh eacnamaíochta agus/nó sóisialta baile nó sráidbhaile.
Tugadh cuireadh d'Údaráis Áitiúla 10 dtionscadal an ceann a chur ar aghaidh faoi Scéim Chaighdeánach Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2020. I ndiaidh measúnacht a dhéanamh ar na tionscadail seo, gheobhaidh 147 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre maoiniú, agus is ionann an maoiniú iomlán agus €15.4 milliún.
Tá an maoiniú a fógraíodh inniu sa bhreis ar an €10.4 milliún atá leithdháilte ag an Aire Humphreys do 363 baile agus sráidbhaile ó Lúnasa 2020 faoin mBeart Luathaithe de Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Ar an iomlán, tá tacaíocht maoinithe á tabhairt do bhreis is 500 tionscadal anois agus is ionann sin agus breis is €35 milliún faoi scéim 2020.