Breis is €4.1 milliún i maoiniú CLÁR fógartha ag an Aire Humphreys do scoileanna tuaithe agus do phobail thuaithe
- Foilsithe: 2 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- 115 tionscadal chun leas a bhaint as tacaíochtaí an Rialtais
- Béim mhór ar scoileanna agus ar phobail i gceantair atá buailte mar gheall ar thitim i ndaonra
Tá sonraí fógartha ag Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu ar mhaoiniú ar fiú breis is €4.1 milliún é chun tacú le 115 tionscadal i bpobail thuaithe faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 de chlár CLÁR 2020.
Tacófar leis an maoiniú seo le bearta sábháilteachta a chur ar fáil i limistéir timpeall scoileanna agus áiseanna pobail, chomh maith le háiteanna áineasa pobail a fhorbairt.
Cuireann CLÁR maoiniú ar fáil do thionscadail ar scála beag i gceantair thuaithe ainmnithe atá buailte mar gheall ar thitim shuntasach i ndaonra.
Gné amháin de Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail é an clár a chuireann pacáiste de thacaíochtaí comhordaithe agus comhlántach ar fáil do cheantair thuaithe.
Leagtar béim ar leith le CLÁR 2020 ar thacaíocht a thabhairt do phobail CLÁR déileáil leis na tionchair a bhaineann le COVID-19 agus chun riachtanais na bpobal ag an tráth dúshlánach seo a shásamh.
Faoin maoiniú a fógraíodh inniu, cuirfear beagnach €3 mhilliún ar fáil do thionscadail in 84 phobal chun infreastruchtúr sábháilteachta mar cosáin, soilsiú poiblí, crosairí coisithe, comharthaí sábháilteachta luais agus saoráidí páirceála a chur ar fáil agus a fheabhsú chomh maith le cuidiú le ceantar mórthimpeall scoileanna agus áiseanna pobail a oiriúnú chun riachtanais sláinte phoiblí a thagann chun cinn mar gheall ar COVID-19 (Beart 1) a shásamh.
Táthar ag cur €1.18 milliún breise ar fáil do 31 tionscadal ar mhaithe le háiteanna áineasa pobail ina mbeidh daoine ábalta teacht le chéile go sábháilte faoin spéir agus iad a bheith ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí COVID-19 (Beart 2).
I measc samplaí de na tionscadail ar éirigh leo agus a fógraíodh inniu tá:
- Co. Cheatharlach: Beart 1 - Grúpa Pobail Bhaile Uí Mhurchú, obair fheabhsúcháin ar charrchlós (€49,950).
- Co. na Gaillimhe: Beart 1 - Scoil Náisiúnta Ghlinsce, áit chun leanaí a fhágáil ar scoil agus cosáin (€50,000).
- Co. an Chabháin: Beart 1 - Faiche Spóirt agus Pobail an Mhullaigh, obair chun trácht a mhaolú (€50,000).
- Co. Liatroma: Beart 2 - Foinse Thaitneamhachta ag Loch Chaoldra, Obair athnuachana agus áit suí (€16,200).
- Co. Chiarraí: Beart 2 - IRD Waterville CLG, áit áineasa faoin spéir a bhunú agus Córas Scannáin Lasmuigh a cheannach (€49,941).
Dúirt an tAire Humphreys inniu:
"Tá ríméad orm an €4 mhilliún i maoiniú a fhógairt inniu faoi chlár CLÁR 2020 a rachaidh chun tairbhe 115 pobal ar fud na tíre.
"Tá maoiniú curtha ar fáil d'os cionn 1,400 tionscadal faoi bhearta éagsúla thrí Chlár CLÁR ó cuireadh tús arís leis in 2016.
"Cuideoidh na tionscadail a fógraíodh inniu le cúrsaí sábháilteachta i limistéir scoileanna agus áiseanna pobail a fheabhsú i gceantair CLÁR agus cuideoidh sé le daoine teacht le chéile ar bhealach sábháilte agus ar bhealach a chloíonn le scaradh shóisialta.
"Tacaítear le ceantair thuaithe leis an gclár CLÁR, ceantair atá buailte go dona mar gheall ar thitim ard ar leibhéil daonra. Tá tábhacht ar leith ann ag an am seo bonneagar a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sna ceantair sin chun cuidiú leo fanacht i dteagmháil lena chéile, laistigh de pharaiméadair na dtreoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm in aon am ar bith."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Bhí an-spéis i gclár CLÁR arís i mbliana agus táim sásta go bhfuilim ábalta maoiniú a chur ar fáil do 115 tionscadal ar fud na tíre faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 den chlár. Tá a fhios agam go gcuideoidh an maoiniú seo le caighdeán saoil an iomaí duine i bpobail thuaithe a fheabhsú.
Tá súil agam tuilleadh a fhógairt faoi Bheart 3 de chlár CLÁR go ríghairid."
Is féidir sonraí maidir leis na tionscadail a d'éirigh leo faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 a fháil anseo.
CRÍOCH
Nótaí d'eagarthóirí
Tá CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus is cuid é de Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe na Roinne é, ina gcuimsítear tacaíochtaí faoi Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, LEADER, an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh agus an Scéim Feabhsaithe Áitiúil chomh maith. Tá buiséad comhcheangailte €150 milliún ag na scéimeanna seo i mbliana.
Clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR do cheantair thuaithe a bhfuil mar aidhm leis maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le tionscail bheaga i gceantair atá buailte go dona mar gheall ar thitim i ndaonra san am atá caite. Is é atá mar aidhm le CLÁR tacú le forbairt inbhuanaithe cheantair shainaitheanta CLÁR tríd an daonra sna ceantair sin a choinneáil mar atá. Tá limistéir CLÁR ainmnithe i gach contae sa tír seachas i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i Loch Garman.
Oibríonn maoiniú CLÁR i gcomhar le cláir mhaoinithe áitiúla agus ar bhonn tosaíochtaí arna sainaithint go háitiúil. Seoladh an Clár CLÁR den chéad uair in 2001 ach stopadh ag glacadh le hiarratais in 2009. Cuireadh tús arís leis an gclár in 2016.
Seoladh clár CLÁR 2020 i mí Bealtaine 2020 agus bhí iarratais á lorg faoi thrí Bheart ar leith:
Beart 1: Tacaíocht do Scoileanna / Bearta Sábháilteachta Pobail
Beart 2: Áiteanna Áineasa Pobail (2020 an chéad bhliain)
Beart 3: Tacaíocht Folláine Pobail
(a) Béilí ar Rothaí agus seirbhísí gaolmhara (2020 an chéad bhliain)
(b) Soghluaisteacht agus Iompar Cúraim Ailse,
Is féidir sonraí maidir leis na tionscadail a d'éirigh leo faoi Bheart 1 agus faoi Bheart 2 a fháil anseo.
Fógrófar na tionscadail ar éirigh leo faoi Bheart 3 sna seachtainí amach romhainn.