English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Conradh farantóireacht d’oileán Faoide fógartha ag an Aire Humphreys

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go bhfuil conradh aontaithe ag a Roinn leis an gcomhlacht Whiddy Island Ferry Services i gcomhar seirbhís farantóireachta d’Oileán Faoide i gCo. Chorcaí.

Tháing an conradh i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2020 ar feadh tréimhse chúig bliana, go dtí 31 Deireadh Fómhair 2025. Is c. €375,000 luach iomlán an chonartha don tseirbhís seo.

Tá an conradh seo bronnta mar thoradh ar phróiseas iomaíoch tairisceana a fógraíodh le gairid.

Agus í ag fógairt bronnadh an chonradh dúirt an tAire Humphreys:

“Tá sé rí thábhachtach go mbeadh teacht ag oileánaigh agus cuairteoirí araon ar sheirbhísí farantóireachta ar féidir brath orthu. Tacaíonn seirbhísí a chuirtear ar fáil ar chostas réasúnach, a bhíonn sábháilte le n-úsáid agus ar fáil ar bhonn rialta le chuile réimse do shaol na n-oileánach.

Tá áthas orm go bhfuil conradh fad théarmach farantóireachta aontaithe do phobal oileán Fhaoide agus tréaslaím le ‘Widdy Island Ferry Service’ ar éirigh leo sa gcomórtas poiblí a reáchtáladh don chonradh seo. Go dtuga Dia slán go ceann scríbe chuile oileánach agus cuairteoir a bhainfidh úsáid as an t-seirbhís seo ar feadh na chúig bhliana seo romhainn.”

Críoch