Cuairt tugtha ag an Aire Calleary ar phobail oileáin agus ar phobail faoin tuath chun an obair théarnaimh i ndiaidh Stoirm Éowyn a fheiceáil
- Foilsithe: 28 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2025
- A bhuíochas glactha ag an Aire leis na pobail agus leis na hoibrithe atá ag cuidiú leis an obair dheisiúcháin
- Moil Phráinnfhreagartha bunaithe ag an deireadh seachtaine chun cuidiú le bunriachtanais
Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt inniu (Dé Máirt, 28 Eanáir 2025) ar Iarthar na Gaillimhe chun bualadh le pobail oileáin agus tuaithe, a raibh tionchar ag Stoirm Éowyn orthu.
Chas an tAire le pobail i gConamara agus in Árainn chun an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an obair dheisiúcháin a fheiceáil, chun tacaíocht a chur ar fáil agus chun buíochas a ghabháil le heagraíochtaí pobail a raibh baint acu leis an obair théarnaimh i ndiaidh na stoirme. Bhí oifigigh óna Roinn féin agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ina theannta.
Chuaigh an tAire go hInis Mór ar maidin chun an obair théarnaimh i ndiaidh na stoirme a fheiceáil. Fad is a bhí sé ar an oileán bhuail sé le hionadaithe ó Chomharchumann Forbartha Árann agus le muintir na háite.
Nuair a d’fhill sé ar an mórthír chuaigh an tAire go dtí an Cheathrú Rua áit ar bhuail sé le hoibrithe pobail áitiúla, arís chun buíochas a ghabháil leo as an tacaíocht ar fad atá á cur ar fáil acu.
Ag labhairt dó ar an gCeathrú Rua, dúirt an tAire Calleary:
“Bhuail roinnt de na luasanna gaoithe is láidre le linn Stoirm Éowyn Iarthar na Gaillimhe agus theastaigh uaim teacht anseo chun an obair théarnaimh a fheiceáil dom féin. Bhí mé ag iarraidh a chinntiú freisin go mbeadh a fhios ag muintir Iarthar na Gaillimhe go bhfaighidh siad gach uile tacaíocht a bheidh ag teastáil uathu.
“Is léir go bhfuil obair ollmhór déanta ag go leor daoine, lena n-áirítear foirne deisiúcháin BSL, Uisce Éireann agus na nÚdarás Áitiúil agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leo. Tá an pobal anseo in iarthar na Gaillimhe, agus pobail ar fud na tíre, tagtha le chéile chun cúnamh a thabhairt dá chéile.
“Tá a fhios agam go bhfuil Moil Phráinnfhreagartha bunaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe in Uachtar Ard, i mBaile Chláir, ar an nGort agus in Áth Cinn, agus beidh teacht ag daoine ar uisce, bia te, ceangal leathanbhanda, cithfholcadáin agus áiseanna níocháin éadaí iontu agus beidh siad in ann a gcuid guthán a luchtú iontu freisin. Tá sé geallta ag Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, dom go mbunófar tuilleadh de na moil seo i gceantair eile atá buailte.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Liam agus lena fhoireann, mar aon leis na hoibrithe pobail agus na foirne deisiúcháin go léir, as gach uile rud atá déanta acu go dtí seo. Tuigimid go bhfuil roinnt dúshlán fós ann agus tá gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhar i gcónaí tríd an nGrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta lena chinntiú go mbeidh pobail ar ais ar a gcosa chomh luath agus is féidir.
“Beidh mé ag cur an Taoisigh agus mo chomhghleacaithe sa gComh-Aireacht ar an eolas amárach faoi mo chuairt inniu agus is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh an Rialtas seo ag iarraidh neart tacaíochta a thabhairt do phobail.”
Thug an an tAire a aghaidh ar Charna níos déanaí sa lá chun bualadh le hionadaithe ó Chomharchumann Forbartha Chonamara Láir, comharchumann forbartha áitiúil.
Chuir sé clabhsúr lena thuras go Gaillimh le cuairt ar Sheanscoil Sailearna in Indreabhán áit ar chas sé le baill den phobal.
Nótaí d’eagarthóirí:
Moil Phobail – Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha
Ceantar Bardasach Bhaile Átha an Rí/Órán Mór:
Ainm an Mhoil | Éirchód | Seirbhísí [Tae/Caife, Áiseanna Cócaireachta, Áiseanna Luchtaithe, WiFi, Leithris, Cithfholcadáin, Cianobair/Oifig, Eile... | Uaireanta Oscailte | |
Ionad Pobail Bhaile Chláir | H91 THH4 | Tae/Caife, áiseanna luchtaithe & WiFi, Leithris & áiseanna cithfholctha | 9am - 3pm | |
Halla Paróiste Bhaile Átha an Rí | H65 N294 | Áiseanna Luchtaithe, micreathonn, seomraí te (gan uisce) | 9am - 6pm | |
Ionad Pobail Maree | H91 V12C | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe; WiFi, leithris & cithfholctha | 8am - 10pm |
Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe:
AFC Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe | H53 YD98 | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe & WiFi, Leithris | 9am - 4pm | |
Ionad Pobail Mattie McDonagh, Béal Átha Ghártha | F42 V211 | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe, áiseanna leithris | 6pm - 10pm, Dé Máirt go Déardaoin |
Ceantar Bardasach Chonamara:
Ionad Pobail & Giomnáisiam Uachtar Ard | H91 XA8R | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe & WiFi, Leithris, Áiseanna Cithfholctha (ó 9am - 8pm) | 9am - 10pm | |
Teach Cúirte & Leabharlann Uachtar Ard | H91 CC96 | Tae/Caife, áiseanna luchtaithe & WiFi, deasca mol oibre, leithris. Bealach isteach trí Leabharlann Phoiblí Uachtar Ard | 10.30am - 1pm Céad/Aoine, 2pm - 7pm Déardaoin, 10.30am - 2pm Dé Sathairn | |
Halla Baile an Chlocháin | H71 AE09 | Tae/Caife, Leithris, áiseanna luchtaithe & WiFi | 9am - 3pm sa bPríomh-Halla, 3pm - 9pm sa Seomra Cruinnithe Thuas Staighre | |
The Wild Goat Café, Leitir Fraic | H91 CD45 | Tae/Caife/Anraith, áiseanna luchtaithe & WiFi, leithris | 9am - 4pm | |
Tigh Mheaic, Carna | H91 KN88 | áiseanna luchtaithe & WiFi, leithris | 10am - 11.30pm | |
An Crompán, Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua | H91 X4WH | Tae/Caife, Áiseanna luchtaithe WiFi, seirbhísí níocháin, spásanna cianoibre. Tá G-Teic in aice láimhe oscailte mar mhol oibre | 10am — 8.00pm |
Ceantar Bardasach Bhaile Locha Riach:
Ionad Pobail Bhaile an Doirín | H91 TC65 | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe; WiFi | 9am - 5pm | |
Óstán Lady Gregory, An Gort | H91 KN2N | Tae/Caife/Sneaiceanna in aisce, áiseanna luchtaithe & WiFi, leithris & áiseanna cithfholctha | 9am - 9pm | |
Óstán Lough Rea, Baile Locha Riach | H62 Y189 | Áiseanna luchtaithe, áiseanna cithfholctha | ||
Teach tábhairne Dessie O’Brien, Cill Rícill | Tae/Caife & Campa; ceapairí, áiseanna luchtaithe, áiseanna leithris | 9am - 6pm | ||
Ionad Pobail Chreachmhaoil | Tae/caife, áiseanna luchtaithe, áiseanna cócaireachta | Dé Máirt: 6.30p.m. - 9pm Dé Céadaoin: 7pm - 10.30pm |
Ceantar Bardasach Thuama:
Ionad Acmhainní Teaghlaigh Solas, Áth Cinn | H91 H6HO | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe & WiFi, Áiseanna Leithris | 9.30a.m. - 5pm | |
Moyne Villa FC Áth Cinn | H91 H275 | Tae/Caife, áiseanna cócaireachta, áiseanna luchtaithe & WiFi, spás oifige, leithris & áiseanna cithfholctha | 8am - 10pm | |
Ionad Pobail na nGafrán | H54 EO43 | Tae/caife, áiseanna luchtaithe, leithris | 6pm - 9pm | |
Pobalscoil Dhún Mór | H54 KP03 | Tae/caife, áiseanna cócaireachta, leithris agus áiseanna cithfholctha | ||
Club Rugbaí Thuama | H54 PT62 | Tae/Caife, áiseanna luchtaithe, leithris & áiseanna cithfholctha | 7pm - 9pm | |
Ionad Pobail Bhearna Dhearg | H54 E529 | Tae/caife, áiseanna luchtaithe, leithris | 7pm - 9pm |
An Scéim um Chúnamh Daonnúil
Tá sé deimhnithe ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Dara Calleary, go bhfuil an Scéim um Chúnamh Daonnúil ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i bhfoirgnimh atá buailte go díreach ag Stoirm Éowyn.
Maolaíonn an Scéim um Chúnamh Daonnúil an cruatan atá ar dhaoine trí scéimeanna cúnaimh airgeadais, a bhíonn tástáilte ó thaobh ioncaim, a chur ar fáil do theaghlaigh atá thíos le drochaimsir.
Má theastaíonn ó úinéir tí ar bith atá thíos leis an drochaimsir rochtain a fháil ar na tacaíochtaí seo, tá sonraí teagmhála na Seirbhíse Leasa Pobail i gcásanna éigeandála le fáil anseo Item was unpublished or removed.