English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Calleary roimh cheadú mhaoinithe 2025 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise

  • Cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha inniu faoi chathaoirleacht an Aire Calleary
  • Cuirfidh leibhéil aontaithe maoinithe 2025 d'Fhoras na Gaeilge ar chumas na heagraíochta ciorruithe a d'fhógair sé níos luaithe i mbliana a aisiompú
  • Maoiniú deimhnithe freisin do chlár pobail Ghníomhaireacht na hUltaise
  • Gealltanas athbhreithniú a dhéanamh ar raon cúrsaí rialachais agus nósanna imeachta laistigh de na háisínteachtaí, lena n-áirítear déileáil le costais phinsin
  • Comhaltaí boird ceaptha d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUtaise

Bhí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, ina chathaoirleach inniu ar an naoú cruinniú is fiche d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). D'fhreastail an tAire Pobail, Gordon Lyons CTR, agus an tAire Sóisearach ag Oifig an Fheidhmiúcháin, Aisling Reilly CTR ar an gcruinniú in Ard Mhacha, mar aon le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Cheadaigh an cruinniú CATT na Pleananna Gnó 2025, rud a cheadaíonn an maoiniú comhaontaithe do 2025 a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Cuirfidh na leibhéil aontaithe maoinithe ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d'fhógair sé níos luaithe i mbliana a aisiompú, agus ag an am céanna tacú le clár pobail Ghníomhaireacht na hUltaise. Tugadh faoi deara freisin go bhfuil tús curtha leis an bplé maidir leis an gcéad tréimhse pleanála eile do 2026-2028 agus go mbeidh athbhreithniú ar raon cúrsaí rialachais agus nósanna imeachta laistigh de na gníomhaireachtaí, lena n-áirítear an chaoi a dhéantar déileáil le costais phinsin.

Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Calleary:

"I measc na n-ábhar a phléamar ar maidin bhí staid mhaoinithe Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise araon. Tá mo Roinn anois in ann íocaíocht bhreise aonuaire ar luach €630,000 a dhéanamh le Foras na Gaeilge do 2025, a bhaineann le costais stairiúla phinsin, agus cuirfidh sé sin ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d'fhógair sé níos luaithe i mbliana a aisiompú.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Lyons agus lena Roinn as a gcomhoibriú san ábhar seo, faoina mbeidh muid ag cur airgead breise aonuaire ar fáil do Ghníomhairacht na hUltaise chomh maith do 2025. Cuirim fáilte freisin roimh an rún go ndéanfar plé idir na Ranna agus na gníomhaireachtaí ar raon ábhar, lena n-áirítear rialachas agus déileáil le costais phinsin don chéad tréimhse maoinithe eile."

Cheadaigh cruinniú na Comhairle inniu freisin chomhaltaí boird a cheapadh ar ghníomhaireachtaí an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, lena n-áirítear deichniúr ball arna n-ainmniú ag Rialtas na hÉireann, ina mbeidh seisear ball ar bhord Fhoras na Gaeilge agus ceathrar ar Ghníomhaireacht na hUltaise.

Ag labhairt dó faoi na ceapacháin seo inniu, chuir an tAire Dara Calleary fáilte roimh a gceapachán:

"Táim an-sásta leis an raon scileanna agus taithí a thugann na comhaltaí seo chuig an bhForas Teanga Thuaidh Theas, agus táim ag tnúth le rannchuidiú cuiditheach a dhéanamh le hobair na ngníomhaireachtaí seo sna blianta amach romhainn".

Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile den Fhoras Teanga Thuaidh Theas ar siúl i bhfómhar 2025.


Nótaí don Eagarthóir

Cad é anForas Teanga CATT

Tá an Foras Teanga ar cheann de 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoi Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta 1998. Oibríonn sé ar bhonn uile-oileáin faoi threoir bheartais fhoriomlán na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, le freagrachtaí soiléire cuntasachta ar ais don Chomhairle agus don Oireachtas agus do Thionól Thuaisceart Éireann.

Tá an Foras Teanga comhdhéanta de dhá ghníomhaireacht ar leith atá neamhspleách den chuid is mó: Foras na Gaeilge agus Tha Boord O Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na Ultaise).

Cad éForas na Gaeilge

Tá sé mar chuspóir ag Foras na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda, lena n-áirítear róil maidir le hoideachas, foclóirí, téarmaíocht agus foilsitheoireacht. Tá a phríomhoifig i mBaile Átha Cliath agus tá fo-oifigí aige i lár chathair Bhéal Feirste, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus i Ráth Chairn, Co. na Mí.

Cad í Gníomhaireachta na hUltaise

Tá Gníomhaireacht na hUltaise freagrach as múscailt feasachta agus úsáid na hUltaise agus saincheisteanna cultúrtha na hUltaise a chur chun cinn, laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin. Tá a príomhoifig ag an nGníomhaireacht i mBéal Feirste agus tá fo-oifig aici i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall.

Ceapacháin na gcomhaltaí boird

Tá 16 chomhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge, 8 atá ainmnithe ag Rialtas na hÉireann agus 8 atá ainmnithe ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Tá 8 gcomhalta ar Bhord Ghníomhaireacht na hUltaise, 4 atá ainmnithe ag Rialtas na hÉireann agus 4 atá ainmnithe ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Gníomhaireacht Comhalta Tréimhse cheapacháin
Foras na Gaeilge Regina Uí Chollatáin (Cathaoirleach) 05/05/2025 - 04/05/2030
Foras na Gaeilge Freda Nic Giolla Chatháin 05/05/2025 - 04/05/2030
Foras na Gaeilge Dáithí Mac Cárthaigh 10/04/2025 - 09/04/2030
Foras na Gaeilge Liam Rushe 10/04/2025 - 09/04/2030
Foras na Gaeilge Dr Neasa Ní Chiaráin 10/04/2025 - 09/04/2030
Foras na Gaeilge Ola Makekodunmi 10/04/2025 - 09/04/2030
Gníomhaireacht na hUltaise Lavinia Tilson (Leas Chathaoirleach) 05/05/2025 – 04/05/2030
Gníomhaireacht na hUltaise Karyn Devenney 05/05/2025 – 04/05/2030
Gníomhaireacht na hUltaise Leslie McKeague 05/05/2025 – 04/05/2030
Gníomhaireacht na hUltaise Alan Millar 05/05/2025 – 04/05/2030

Beathaisnéisí chomhaltaí boird Fhoras na Gaeilge

An tOllamh Regina Uí Chollatáin (Cathaoirleach)

Is as Leitir Ceanainn, Dún na nGall ó dhúchas í Regina Uí Chollatáin. Is í an Príomhoifigeach / Déan ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachta, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Is í an tOllamh Sinsearach le Nua-Ghaeilge agus is í an Stiúrthóir í ar an tSraith Acadúil d’Acadamh Ad Astra UCD. Athbheochan, iriseoireacht na Gaeilge agus an cultúr cló na príomhréimsí taighde agus foilsitheoireachta atá aici. Ba bhall í de Bhord bunaidh TG4 í (2007-12) agus ba í an Cathaoirleach ar Fhóram Stair Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann í (2016-19). Is í an tUachtarán ar an Global Irish Diaspora Congress a bhunaigh sí i 2017.

Liam Rushe

Cuntasóir le PWC is é Liam Rushe a bhí ina Chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca Fhoras na Gaeilge le linn a thréimhse ar an mbord roimhe seo. Bíonn sé i mbun craoltóireacht agus tráchtaireacht ar Sport TG4. Is iar-Bhall d'fhoireann iománaíochta sinsear Bhaile Átha Cliath agus Gradam All Star bronnta air.

Dáithí Mac Cárthaigh, BA., M.A., LL.B

Abhcóide is ea é, le béim aige ar chúrsaí cearta teanga agus é i mbun na hoibre seo. Mar Chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí ó 2010, riarann sé cúrsaí ard-dioplóma do chéimithe ar mian leo dul le gairmeacha leis an Aontas Eorpach mar dlítheangeolaithe agus mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge mar aon le cúrsaí sa dlí-chleachtadh trí Ghaeilge. Bhí sé páirteach san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Bhí sé mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 2005 agus 2008. D’fhoilsigh sé téacsleabhar ceannródaíoch cúpla bliain ó shin ‘An Ghaeilge sa Dlí’ faoi stádas na Gaeilge in Éirinn agus san AE, faoi láthair agus go stairiúil, ina moltar leasuithe chun feabhais bunaithe ar an scoth-chleachtas idirnáisiúnta.

Dr Neasa Ní Chiaráin

Ollamh Cúnta Ussher, Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, i gColáiste na Tríonóide is ea í an Dr. Ní Chiaráin. Tá sí ag obair ar theicneolaíocht urlabhra agus teanga a fhorbairt don Ghaeilge, go háirithe ar ghuthanna sintéiseacha agus ar chórais aitheanta cainte don Ghaeilge mar chuid den tionscnamh ABAIR (www.abair.ie). Díríonn a cuid taighde ar iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na teicneolaíochta urlabhra agus teanga i gcomhthéacs Foghlama Teanga Ríomhchuidithe (CALL), go háirithe maidir le múineadh / foghlaim na Gaeilge.

Ola Majekodunmi

Rugadh Ola i Lagos, An Nigéir agus tógadh í i mBaile Átha Cliath. D'fhreastail sí ar Ghaelscoil Lios na nÓg agus Coláiste Íosagáin. Is craoltóir, scríbhneoir, léiritheoir cruthaitheach agus Comhordaitheoir Tionscadail Gaeilge í le ‘Fighting Words’. Thosaigh sí ag craoladh le Raidió na Life sa bhliain 2014. Scríobh sí ailt don Irish Times, journal.ie, RTÉ.ie, NÓS.ie agus eile, agus tá roinnt oibre déanta aici le RTÉ, TG4 agus BBC. Is file í agus tá dán dá chuid foilsithe san leabhar 'Cnámh & Smior' chomh maith le 'Meascra ón Aer' a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. In 2018 bhí sí mar stiúrthóir/léiritheoir ar an ghearrscannáin “What does Irishness Look Like?” a fuair ardmholadh. Is iar- chomhbunaitheoir í de chuid 'Beyond Representation', a dhéanann ceiliúradh ar mhná de dhath in Éirinn sa meáin, na hEalaíona agus Gnó. Tá BA i mBéarla, na Meáin agus Staidéar Cultúrtha aici, mar aon le MA i dTáirgeadh Craolacháin ó IADT/ Scoil Scannáin Náisiúnta. Tá ainmniúchán bainte amach aici ar “Réalta Óg na Bliana 2019” sna Gradaim Cumarsáide, agus ainmníodh í faoi dhó – i 2018 agus 2019 - ar Ghradam Náisiúnta Meán na Mac Léinn sa chatagóir "Iriseoireacht trí Ghaeilge".

Freda Nic Giolla Chatháin

Rugadh agus tógadh Freda taobh amuigh de Bhaile Átha Luain, i gCo. na hIarmhí. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol aici ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Dioplóma Iarchéime i Riarachán na nEalaíon ó Ollscoil na Gaillimhe agus MA i Léann an Aistriúcháin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá Freda ina hOifigeach Forbartha Ealaíon don Óige in Ealaín na Gaeltachta ó 2023 i leith, agus roimhe sin d’oibrigh sí i róil éagsúla le roinnt eagraíochta Gaeilge, agus bhí sí ina Príomhfheidhmeannach le Gnó Mhaigh Eo. Is ceoltóir í Freda a bhfuil a cuid ceoil seinnte aici ar fud an domhain, bhuaigh sí Craobh Uile-Éireann ar an gcruit agus d’oibrigh sé thar na blianta ar choistí féilte éagsúla, Féile Ealaíon Chathair na Mart agus Féile Chruite Acla ina measc.

Beathaisnéisí chomhaltaí boird Ghníomhaireacht na hUltaise

Lavinia Tilson (Leas Chathaoirleach)

Is as Gránard, Co. an Longfoirt ó dhúchas í agus cónaí uirthi ar fheirm déiríochta i gContae an Chabháin le 30 bliain anuas. D'fhreastail sí ar Ghairmscoil Ghráinard agus ar Choláiste Mhóibí, Ráth Maonais, Co. Bhaile Átha Cliath sular bhain sí céim Baitsiléir Oideachais amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i 1992. Thosaigh sí a gairm múinteoireachta i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall sular lean sí uirthi mar phríomhoide múinteoireachta ar bhunscoil i mBéal Átha Conaill, Co. an Chabháin, post a bhí aici go dtí go ndeachaigh sí ar scor in 2024. Bhí baint ghníomhach aici le go leor tionscadail/coistí i gcaitheamh na mblianta, ó léiriúchán drámaíochta, Amharclannaíocht na nÓg, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Bord

Oideachais na Deoise, Seirbhísí Forbartha Óige, Comhghuaillíocht Tourette agus Tionscnamh Trasteorann Léargas. Tá sí ar dhuine de bhunaitheoirí an charthanais Be Buddies not Bullies, reáchtálann sí ceardlanna deonacha ealaíne agus ceardaíochta agus tá sí ina comhalta boird ar Bhord Bainistíochta Ógtheagmháil an Chabháin/Mhuineacháin. Tá suim mhór ag Lavinia sa Ghaeilge, sa stair, i gcaomhnú an traidisiúin/cultúir agus dea-chumarsáid trasphobail a chur chun cinn.

Karyn Devenney

Rugadh Karyn i dteaghlach réasúnta mór i nGleann an Lagáin in Oirthear Dhún na nGall, ina raibh traidisiúin agus teanga phobal Ultais thimpeall uirthi go laethúil. Bhí tionchar mhór ag a hathair uirthi ar feadh a saoil agus spreag a phaisean don phobal í chun tuiscint níos fearr a fháil ar a cúlra. Fuair sí grá don Ghaeilge go luath ina saol agus d’fhreastail sí ar Choláiste Moibhí i Ráth Maonais chun a hArdteist a chríochnú trí Ghaeilge. Tá sí ina leas-phríomhoide i mBunscoil Eaglais na hÉireann le triúr múinteoirí i Mainéar Uí Chuinneagáin, Co. Dhún na nGall. Tá liosta leathan caitheamh aimsire aici idir ceol, filíocht agus taisteal.

Leslie McKeague

Is conraitheoir tógála ar scor é Leslie McKeague agus tá cónaí air i gCoill an Choilligh, Co. an Chabháin. Tá sé páirteach i dtionscadail Ultaise sa Chabhán agus i Muineachán le blianta fada. Faoi láthair tá sé ina bhall ar choiste Chumann Staire Preispitéireach agus Coiste Chiorcal Oidhreachta Uladh. Is iar-chathaoirleach é Leslie freisin ar Chumann Seanchais Bhréifne, Cumann Staire Choill an Choilligh, Modhscoil Choill an Choilligh agus iar-bhall boird de Chumann Forbartha Choill an Choilligh. Tá roinnt leabhar staire áitiúil foilsithe aige chomh maith le heagarthóireacht ar an irisleabhar Spark agus tá aistí stairiúla curtha ar fáil aige d'fhoilseacháin eile.

Alan Millar

Is iriseoir, scríbhneoir agus file é Alan Millar as an Lagán, Oirthear Dhún na nGall, atá ina chónaí anois i mBaile Monaidh, Co. Aontroma. D'fhreastail sé ar Scoil Chuimsitheach Ríoga, Ráth Bhoth agus bhain sé céim amach as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá suim ar leith aige i dteanga na hUltaise agus tá duaiseanna buaite aige faoi dhó i gComórtais Scríbhneoireachta Ultaise, Leabharlann Halla an Línéadaigh. Is é an t-aon Éireannach é a bhuaigh an Hugh Mac Diarmid Taissie de chuid Chumann Teanga na hAlba. Bíonn sé le cloisteáil go rialta ar Kintra, an clár Ultaise ar BBC Raidió Uladh. Foilsíodh a chéad chnuasach filíochta, Echas frae the Big Swilly Swally, in 2023. Tá an dara ceann, Frae Erris tae Wrath, le cúnamh ó ACNI, le teacht amach go luath bunaithe ar thuras taighde ó Cheann Iorrais, Co Mhaith Eo go dtí An Carbh i dtuaisceart na hAlban. Faoi láthair tá sé ag tabhairt faoi thráchtas PhD in Ollscoil Uladh, maidir leis an Northern Star (nuachtán Chumann na nÉireannach Aontaithe).