Fáilte curtha ag an Aire Humphreys roimh aistriú foirmeálta fheidhm na n-oileán agus fógraíonn deontais chaipitil €370,000 do na hoileáin
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Infheistíocht i mbóithre, ballaí farraige, sleamhnáin agus cosaint cósta
Chuir Heather Humphreys, TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, fáilte inniu roimh aistriú foirmeálta na freagrachta chuig a Roinn féin don fhorbairt ar Oileáin amach ón gcósta agus d'fhógair an leithroinnt €370,000 i ndeontais d'obair fheabhsúcháin.
Is iad na hoileáin a bhainfidh leas as an maoiniú ná Cléire, Inis Uí Dhrisceoil agus Inis Arcáin i gCorcaigh; Inis Bó Finne agus Árainn (Inis Mór) i nGaillimh; agus Árainn Mhór i nDún na nGall.
I measc na n-oibreacha a dhéanfar leis an maoiniú atá á fhógairt inniu tá athdhromchlú bóithre, deisiúcháin ar bhallaí farraige agus sleamhnáin, agus obair ar chosaintí cósta a ndearnadh damáiste dóibh.
Dúirt an tAire Humphreys inniu:
"Is cuid lárnach de chreatlach cheantair thuaithe na hÉireann iad ár n-oileáin amach ón gcósta agus a gcuid pobal. Is í uaillmhian an Rialtais a chinntiú go leanann ár n-oileáin amach ón gcósta de thacú le pobail inbhuanaithe agus bhríomhara agus go mbeidh deis ag cuairteoirí an cultúr, oidhreacht agus an saibhreas timpeallachta atá le fáil ar na hoileáin a thaithí agus a thuiscint.
"Tá na fadhbanna atá ag cur isteach ar na hoileáin cosúil leis na fadhbanna atá ag an gcuid eile de na ceantair thuaithe in Éirinn, cibé má bhaineann siad le deiseanna fostaíochta, teacht a bheith ar sheirbhísí nó ar an tionchar sóisialta agus eacnamaíochta a bhaineann le COVID-19. Is é sin an t-údar a bhfuil sé socraithe ag an Taoiseach freagracht i leith na n-oileán a shannadh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail."
Dúirt an tAire Humphreys:
"Cinnteoidh feidhm na n-oileán a bheith comhtháite faoi chúram mo Roinne go rachfar i mbun cur chuige níos comhtháite agus níos fuinte i leith polasaí tuaithe agus pobail a fhorbairt do na daoine atá ina gcónaí ar na hoileáin agus d'eacnamaíocht na n-oileán.
"Tá an €370,000 i ndeontais a fógraíodh inniu do na hoileáin sa bhreis ar an €700,000 atá ceadaithe cheana féin i mbliana faoi scéim na ndeontas beag caipitiúil. Is mar gheall ar Phacáiste Spreagtha Mhí Iúil an Rialtais a bhfuiltear ábalta an leibhéal maoiniúcháin seo a chur ar fáil.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an Aire Catherine Martin agus ag an Aire Jack Chambers agus a Roinn maidir leis na hiarratais a riar agus a mheas faoi scéim na ndeontas beag caipitiúil. Léiríonn an t-aistriú a rinneadh de réir a chéile ar an scéim idir na Ranna an tiomantas uile-Rialtais atá ann tacú le pobail na n-oileán.”
Dúirt an tAire chomh maith:
"Cinnteoidh an tAonad atá ann cheana do na hOileáin a bheith curtha le foireann mo Roinne go leanfar gan uaim le seirbhísí go dtí na hoileáin, lena n-áirítear seirbhís leanúnach i nGaeilge a chur ar fáil do na pobail ar oileáin na Gaeltachta."
"Áirítear gealltanas i gClár an Rialtais le Polasaí nua d'Fhorbairt Oileáin a fhorbairt faoina n-aithneofar na príomhdhúshláin agus deiseanna chun tacú le forbairt shóisialta, eacnamaíochta agus chultúir phobail ár n-oileán agus faoina dtabharfar aghaidh orthu. Tá go leor comhairliúcháin déanta cheana féin maidir leis an bpolasaí seo a fhorbairt, agus leanfar den chomhairliúchán sin faoi mo Roinn féin d'fhonn eolas iomlán a dhéanamh do pholasaí nua Oileán."
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá aistriú foirmeálta na freagrachta chun na hoileáin amach ón gcósta a fhorbairt aistrithe ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, T.D., faoin Ordú Islands (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order 2020 a mbeidh feidhm leis ón 23 Meán Fómhair 2020.
Tá leithroinnt de thuairim is €370,000 i ndeontais bheaga chaipitiúla ceadaithe do na hoileáin amach ón gcósta do Chomhairle Chontae Chorcaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Chontae Dhún na nGall mar seo a leanas:
Comhairle Chontae Chorcaí | €79,125 |
Comhairle Chontae na Gaillimhe | €191,738 |
Comhairle Chontae Dhún na nGall | €98,828 |