Fógartha ag an Aire Humphreys go bhfuil Comórtas BailteSlachtmhara SuperValu le reáchtáil i mbliana
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- An comórtas a bhfuil clú agus cáil air le reáchtáil arís tar éis chur isteach COVID-19
- Grúpaí BailteSlachtmhara lena bpobail a chur i láthair trí iontráil leictreonach
- Catagóir duaise nua chun aitheantas a thabhairt don ról a bhí ag oibrithe deonacha le linn na paindéime
- Duais speisialta do dhaoine óga de réir an ghealltanais a tugadh faoi 'Ceantair Thuaithe na hÉireann'
- Tá deontas speisialta €1,000 bronnta ar bhreis is 800 grúpa BailteSlachtmhara ar fud na tíre chun cuidiú lena gcuid iarrachtaí
Tá sé fógartha inniu (an 21 Bealtaine, 2021) ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go mbeidh Comórtas BailteSlachtmhara SuperValu le reáchtáil i mbliana.
Cuireadh an comórtas a bhfuil clú agus cáil air ar ceal in 2020 - an chéad uair riamh le breis is 60 bliain - mar gheall ar an bPaindéim COVID-19.
Tá socruithe speisialta déanta anois áfach lena chinntiú go mbeifear ábalta an comórtas a reáchtáil i mbliana agus tá sé i gceist na buaiteoirí foriomlána a fhógairt roimh dheireadh na bliana.
Reáchtálfar comórtas BailteSlachtmhara SuperValu na bliana 2021 sa bhformáid chéanna le blianta eile roimhe seo, cé go mbeidh béim ar leith ar iontráil leictreonach agus moltóireacht ó chian a dhéanamh ar iontráil gach baile.
Ba chóir do ghrúpaí leanúint orthu ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí, mar atá déanta go han-mhaith acu ó thosaigh an Phaindéim.
Tá sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe deonacha fós den ríthábhacht.
Tuigimid nach raibh oibrithe deonacha ábalta gach cuid de na pleananna a bhí acu dá gcuid bailte a chur i gcrích, agus glacfaidh moltóirí an chomórtais sin san áireamh nuair a bheidh siad ag déanamh measúnú ar na hiontrálacha.
Ag an am céanna, bhí go leor grúpaí fós thar a bheith gníomhach ina gcuid oibre agus meastar go mbeidh comórtas na bliana seo i measc an nach mór 1,000 grúpa BailteSlachtmhara ar fud na tíre ar ardchaighdeán arís.
Thar aon ní eile, is aitheantas ar an obair ollmhór a choinnigh na hoibrithe deonacha orthu léi chun cur lena bpobail, agus rinneadar sin fiú le linn na Paindéime.
Is mar gheall air sin a bhfuil catagóir duaise nua tugtha isteach ag an Aire Humphreys atá dírithe ar ghrúpa a choinnigh orthu i mbun na hoibre ina bpobail agus a thug aire dá bpobail ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann mar thoradh ar COVID-19.
Tá duais speisialta tugtha isteach ag an Aire chomh maith do dhaoine óga, mar a gealladh faoi Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann – ¬straitéis nua uaillmhianach an Rialtais do Cheantair Thuaithe na hÉireann.
D'fhógair an tAire Humphreys ciste €1 mhilliún i mí na Nollag chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Ghrúpaí BailteSlachtmhara ar fud na tíre.
Dheimhnigh an tAire inniu go bhfuil deontais suas le €1,000 bronnta anois ar bhreis is 800 Grúpa BailteSlachtmhara faoin gCiste seo.
Sheol an tAire Humphreys Comórtas BailteSlachtmhara SuperValu 2021 go foirmeálta inniu i nGlasloch, Contae Mhuineacháin - buaiteoirí chomórtas na bliana 2019.
Dúirt an tAire Humphreys i nGlasloch inniu:
"Bhí an-díomá go deo ar gach duine a bhfuil baint acu leis na BailteSlachtmhara gur cuireadh comórtas na bliana anuraidh ar ceal. Mar sin tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh an comórtas mór le rá seo le reáchtáil i mbliana."
"Táim cinnte go bhfuil na mílte oibrithe deonacha ar fud na tíre thar a bheith sásta go bhfuilimid ag an bpointe sa deireadh thiar thall ina bhféadaimid comórtas BailteSlachtmhara SuperValu 2021 a sheoladh agus go bhfuil siad ag tnúth go mór leis na míonna amach romhainn."
"Cé go raibh an bhliain seo caite thar a bheith dúshlánach againn ar fad, tá a fhios agam gur choinnigh go leor oibrithe deonacha BailteSlachtmhara fud fad na tíre orthu ag tabhairt aire dá bpobal."
"Ní raibh go leor grúpaí ábalta na tionscadail a bhí pleanáilte acu a thabhairt chun fíre mar gheall ar COVID-19."
"Ní bheidh aon tionchar aige sin beag ná mór ar chomórtas na bliana seo agus táim ag tabhairt ugach do gach ceann den 987 grúpa atá cláraithe ar fud na tíre cur isteach ar an gcomórtas arís i mbliana. "
Dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu ag an seoladh inniu:
"Tá sé 30 bliain i mbliana ó thosaigh SuperValu ag tacú agus ag déanamh urraíochta ar chomórtas náisiúnta na mBailteSlachtmhara."
“Mar cheann de na tionscnaimh phobail agus inbhunaitheachta is faide ar an bhfód in Éirinn, is clár thar a bheith tábhachtach é BailteSlachtmhara agus táimid fíorbhródúil a bheith luaite leis."
“Ina chroílár is léargas é comórtas na mBailteSlachtmhara ar an obair a bhíonn ar bun ag go leor daoine aonair chun spiorad pobail a neartú agus áit níos fearr le maireachtáil agus le hobair ann a dhéanamh dár bpobail féin. "
“Ba bhliain nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a bhí ann anuraidh, agus tá sé i gceist againn le comórtas na bliana seo aitheantas a thabhairt d'obair na n-oibrithe deonacha a lean de gach rud a d'fhéadfaidís a dhéanamh a dhéanamh chun meanma na tíre a ardú."
Lean an tAire ar aghaidh ag rá:
"Tá níos mó ná comórtas i gceist le BailteSlachtmhara. Tugann sé léargas ar an uile ní atá go maith faoi mhuintir na tíre seo - an obair dheonach, an meon dearfach, ag obair as lámha a chéile, spiorad pobail, an timpeallacht a chosaint, an mórtas a bhaineann le haire a thabhairt don áit ar a dtugaimid an baile."
"Lá thar a bheith speisialta an lá inniu. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ról ollmhór atá ag grúpaí BailteSlachtmhara chun pobail bheomhara a spreagadh agus spiorad na hoibre deonaí a chothú i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre - tréithe atá i gcroílár ár straitéise "Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann".
"Tá ríméad orm duais speisialta a áireamh i mbliana do dhaoine óga a bhíonn páirteach sna BailteSlachtmhara agus is gealltanas sonrach é sin i straitéis an Rialtais do Cheantair Thuaithe na hÉireann. Ba mhaith liom ugach a thabhairt do ghrúpaí áitiúla leanúint leis an sárobair atá ar siúl acu chun cúrsaí bithéagsúlachta a chur chun cinn agus a fheabhsú inár mbailte áitiúla."
"Tá mórtas ag oibrithe deonacha BailteSlachtmhara as a n-áit féin agus is ceart sin - cinntíonn a ndúthracht a gcuid bailte agus sráidbhailte a fheabhsú chun go mbeidh siad ina n-áiteanna níos fearr le bheith ina gcónaí iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Tá teacht aniar agus díograis léirithe ag oibrithe deonacha BailteSlachtmhara le blianta fada ach go háirithe le bliain anuas nuair a tháinig pobail na tíre le chéile in aghaidh na hanachaine."
"Mar aitheantas air sin, tá gradam speisialta tugtha isteach againn freisin chun an méid atá déanta ag grúpaí BailteSlachtmhara dá gcuid pobal mar fhreagra ar an bpaindéim COVID-19 a aithint, mar chuid de Ghlao an Phobail COVID-19 san áireamh."
"Ag féachaint chun cinn ar Shamhradh faoin aer agus ar shaoirí sa bhaile, táimid ag iarraidh gur áiteanna slachtmhara agus muinteartha a bheidh i mbailte agus i sráidbhailte na tíre. Beidh an obair mhór atá ar bun ag oibrithe deonacha BailteSlachtmhara áitiúla lárnach chun sin a bhaint amach. Tá an teachtaireacht atá agam soiléir - tá comórtas na mBailteSlachtmhara le reáchtáil i mbliana agus tá sé níos mó, níos fearr agus níos tábhachtaí ná riamh."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Humphreys:
"Tuigim an tábhacht atá ag ról mo Roinnse sa chomórtas seo. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'urraitheoir an chomórtais, SuperValu, as a dtacaíocht agus a ndíograis leanúnach le haird a tharraingt ar an gcomórtas. Tá urraíocht á déanamh ag SuperValu ar an gcomórtas le 30 bliain anuas, trína líonra siopaí ar fud na tíre, tá cúnamh tugtha ag SuperValu an comórtas a bheith ar cheann de na tionscadail is mó aitheanta ó thaobh na inbhuanaitheachta agus na timpeallacha sa tír de."
"Mar fhocal scoir, mholfainn do na grúpaí ar fad cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí agus guím gach rath ar na hoibrithe deonacha i gcomórtas na bliana seo."
Is féidir tuilleadh sonraí faoin gcomórtas chomh maith le acmhainní tacaíochta a fháil ar BailteSlachtmhara.ie
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Comórtas 2021
- Is féidir sonraí iomlána faoin gcomórtas a fháil ar BailteSlachtmhara.ie
- Seolfar foirmeacha iarratais do chomórtas BailteSlachtmhara SuperValu chuig gach grúpa cláraithe
- Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó Aonad na mBailteSlachtmhara sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (Fón: 076 100 6912) nó trí fhéachaint ar BailteSlachtmhara.ienó SuperValue.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig tidytowns@drcd.gov.ie
- Dé hAoine an 2 Iúil 2021 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar chomórtas na bliana seo.
- Meastar go bhfógrófar torthaí an chomórtais i R4 2021.
Figiúirí BailteSlachtmhara
- Sa bhliain 1958 a seoladh an comórtas den chéad uair.
- Chuir an líon ab airde riamh isteach ar an gcomórtas in 2019, 924 grúpa a chuir isteach ar an gcomórtas
- Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas BailteSlachtmhara le breis is 30 bliain
Is féidir liosta iomlán de Ghrúpaí na mBailteSlachtmhara a bhfuil an Deontas €1,000 faighte acu a fháil ag www.BailteSlachtmhara.ie