English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary infheistíocht €1 mhilliún i Seónna Talmhaíochta 2025

  • Rachaidh babhta nua maoinithe chun tairbhe do 123 seó ar fud na tíre.
  • Cuirfear deontais idir €4000 agus €11000 ar fáil ag brath ar mhéid an tseó.
  • An tAire Calleary: “Is gné thábhachtach de shaol tuaithe na hÉireann iad seónna talmhaíochta.”

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, infheistíocht níos mó ná €1 mhilliún inniu chun tacú le 123 Seó Talmhaíochta ar fud na tíre.

Mar chuid den tionscnamh, gheobhaidh gach seó deontas idir €4,260 agus €11,410 ag brath ar a méid. Tacóidh an maoiniú seo le hobair gach ceann de na 123 coiste seó agus iad ag ullmhú don séasúr seónna atá le teacht.

Tugann an maoiniú a fógraíodh inniu an t-iomlán a leithdháileadh ar Sheónna Talmhaíochta na hÉireann ó 2018 suas go dtí os cionn €5.3 mhilliún.

Rinne an tAire Calleary an fógra agus é ag seoladh Bliainiris 2025 do Chumann Seónna na hÉireann ag imeacht i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí, níos luaithe inniu.

Ag labhairt ag an imeacht i mBaile Átha Luain, dúirt an tAire Calleary:

“Is gné thábhachtach de shaol tuaithe na hÉireann iad seónna talmhaíochta agus tá lúcháir orm infheistíocht bhreise €1 mhilliún a fhógairt inniu chun tacú le 123 Seó Talmhaíochta ar fud na tíre.

"Cé gur tháinig athruithe ar chleachtais feirmeoireachta, cnámh droma de shaol tuaithe na hÉireann atá sa talmhaíocht fós agus tá ról ríthábhachtach aici inár ngeilleagar náisiúnta. Tá an oiread sin le tairiscint ag an seó talmhaíochta mar is eol dúinn é, ní hamháin maidir leis an ngné iomaíoch, ach mar ardán do ghnólachtaí áitiúla, d'fheirmeoirí áitiúla agus do tháirgeoirí bia ceardaíochta agus ceardaithe áitiúla freisin. Tá an seó áitiúil ar cheann de na laethanta is fearr den bhliain freisin chun bualadh le comharsana agus cairde."

Oibreoidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le Cumann Seónna na hÉireann chun scéim 2025 a riar.

Dúirt an tAire Calleary, chomh maith:

“Ní bheadh imeachtaí pobail ar fud na tíre cosúil leis na Seónna Talmhaíochta indéanta gan an ‘Meitheal’ atá chomh soiléir faoin tuath in Éirinn. Tugaim aitheantas d’iarrachtaí coistí na seónna, an iliomad oibrithe deonacha agus maor, urraitheoirí, gnólachtaí áitiúla agus eagraíochtaí a dhéanann a gcion féin lena chinntiú go n-éireoidh go maith lena seó áitiúil.

“Mholfainn go láidir do dhaoine freastal ar sheó áitiúil agus tacú leo. Táim cinnte go bhfaighidh siad amach go gcuirtear rud éigin ar fáil do gach duine ag na seónna seo.”

Ag labhairt faoi fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Carthanas agus Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer TD:

“Is imeacht é an Seó Talmhaíochta a bhfuil muintir na háite ag tnúth go mór leis agus is príomhimeacht é san fhéilire talmhaíochta. Is deis iontach é chun táirgí na talún a fheiceáil. Tá an Roinn ag tacú go dílis leis na seónna seo le blianta fada anois agus spreagfainn óg agus aosta chun dul chuig seó áitiúil, is cinnte go mbeidh lá iontach acu.”

Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil do gach seó ar fáil sa tábla ag an nasc seo a leanas:Liosta de na Seónna Talmhaíochta maoinithe 2025


Nótaí d’Eagarthóirí:

Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta forbairt tuaithe agus pobail chun cinn chun tacú le pobail bheoga, uilechuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Tá sé dírithe ar acmhainneacht pobail agus comhtháthú sóisialta a neartú, ag tacú le pobail ionas go mbeidh siad de chumhacht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus amach anseo.

Tá an maoiniú á riar ag Cumann Seónna na hÉireann. Is é an Cumann seo an foras a aithnítear go hoifigiúil chun ionadaíocht a dhéanamh ar Sheónna Talmhaíochta na hÉireann ar oileán na hÉireann. Tá liosta na seónna a bhainfidh leas as an maoiniú seo faoi iamh.