Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú os cionn €1.1m i gcomhair Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge
- Foilsithe: 26 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Foclóir údarásach don Nua-Ghaeilge le cur ar fáil mar thoradh ar thionscadal taighde, bunaithe ar ábhar ón mbliain 1600 i leith.
- Rochtain iomlán ar líne, saor in aisce, le tabhairt don phobal ar bhunachar de théacsanna agus cnuasaigh Ghaeilge.
Inniu, Dé Céadaoin, 26 Feabhra 2025, d’fhógair an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, maoiniú €1,133,196 in imeacht ceithre bliana le haghaidh Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge. Is tionscadal taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann é an Foclóir Stairiúil agus tá an foclóir le bunú ar chorpas digiteach den Nua-Ghaeilge stairiúil ón mbliain 1600 i leith.
Tá saíocht agus an oidhreacht, idir ársa agus chomhaimseartha, ag gabháil le teanga na Gaeilge – béaloideas, logainmneacha, litríocht, canúintí agus nithe eile nach iad. Bearna mhór i bhfoclóireacht na Gaeilge go dtí seo, mar theanga chomhaimseartha Eorpach, is ea nach bhfuil foclóir údarásach stairiúil ar fáil di. Tá an dualgas glactha air féin ag Acadamh Ríoga na hÉireann an t-easnamh sin a chur ina cheart, le tacaíocht ón Roinn.
Caithfear an cistiú a fógraíodh inniu ar phlean forbartha an Acadaimh don Fhoclóir, agus faoina dheireadh beidh an chéad sciar den Fhoclóir ar fáil don phobal, agus cuirfear ar fáil chomh maith an bunachar téacsanna Gaeilge, cnuasaigh de chanúintí agus bailiúcháin eile atá curtha le chéile ag taighdeoirí an Acadaimh. Beidh an t-ábhar ar fad ar fáil le cuardach agus le léamh saor in aisce ar líne.
Agus an maoiniú suntasach seo á fhógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary:
“Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint dá cuid tacaíochta don Fhoclóir Stairiúil. De thoradh an tsaothair foclóireachta seo atá faoi chúram an Acadaimh Ríoga, cuirfear an Ghaeilge ar aon chéim le teangacha eile na hEorpa, a bhfuil foclóirí cuimsitheacha dá leithéid seo acu.
“Beidh Foclóir Stairiúil na Gaeilge, agus na fochorpais stairiúla a ghinfear in éineacht leis, ina áis don phobal, don lucht léinn, don aos óg a bheidh i mbun an Ghaeilge a fhoghlaim le modhanna nua teicneolaíochta, agus beidh sé ina ardán tábhachtach do phobail na Gaeltachta agus saibhreas a gcuid canúintí.”
Dúirt Dr. Charles Dillon, Eagarthóir Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge:
“Cuideoidh an maoiniú suntasach seo lenár gclár taighde a chur chun cinn in Acadamh Ríoga na hÉireann agus torthaí a chur ar fáil don phobal. Ina measc sin beidh foclóirí bunaithe ar chanúintí na Gaeilge, agus foinsí nua digiteacha don phobal, a thabharfaidh léargas úrnua ar an Ghaeilge mar a labhraíodh agus mar a scríobhadh í san aimsir a chuaigh thart.
“Tá an tAcadamh tiomanta don chuspóir foclóir údarásach iomlán a chur ar fáil don nua-Ghaeilge, rud atá luaite go sonrach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is mór againn an tacaíocht leanúnach ón Roinn agus táimid ag súil go mór leis an obair atá romhainn.”
Tá forbairt an Fhoclóra Stairiúil don Nua-Ghaeilge sonraithe mar chuspóir i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus le cuidiú na Roinne bhí an tAcadamh ábalta cheana féin acmhainní digiteacha a fhorbairt chun plé le téacsanna stairiúla, lámhscríbhinní agus canúintí na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin chlár taighde agus faoi na foilseacháin ag www.ria.ie