English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú os cionn €4.5m le haghaidh Gaeilge365 i gcomhar le húdaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath

  • 150,000 deis bhreise labhartha Gaeilge le cruthú i mBaile Átha Cliath trí sheirbhísí na gComhairlí faoi 2028.
  • Samhail le cruthú do leathnú Gaeilge365 chuig gach údarás áitiúil sa tír mar atá geallta sa Chlár Rialtas.
  • Plean teanga le hullmhú do BÁC.
  • Ocht bpost straitéiseacha le cruthú chun dlús a chur leis an iarracht.

Inniu, Dé Máirt, 4 Márta 2025, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, maoiniú €4,549,261 in imeacht ceithre bliana (2025–2028) le haghaidh Gaeilge 365. Is é aidhm an tionscadail seo ná dea-chleachtais a chruthú i dtaobh na modhanna is féidir le húdaráis áitiúla a úsáid le tuilleadh deiseanna labhartha Gaeilge a chruthú don phobal.

Is é Gaeilge365 an chéad aonad nuálaíochta a oibríonn trí mheán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Gaeilge365 mar thionscadal píolótach in 2023 le tacaíocht airgid ó chlár Éire Ildánach – tacaíocht a bhí fíorthábhachtach le tús a chur leis an tionscnamh. Ba é aidhm an tionscadail phíolótaigh sin cur chuige nuálach a chur sa siúl ionas go gcruthófaí breis deiseanna don phobal an Ghaeilge a labhairt trí sheirbhísí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Leis an gcur chuige nuálach a bhí ag Gaeilge365 ón tús, agus baill foirne ón gComhairle Cathrach trí chéile rannpháirteach ann, bhíothas in ann cruthaitheacht na Gaeilge a chur i láthair.

Rinne an tAire Calleary an fógra le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá an fhéile bhliantúil Ghaeilge seo, atá ar siúl ó 1 go 17 Márta, ar cheann de ceiliúrthaí idirnáisiúnta is mó ar theanga agus cultúr dúchais na hÉireann.

Faoin maoiniú a d’fhógair an tAire Calleary inniu, tá méadú suntasach le cur anois ar Gaeilge365 – é le neartú i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le leathnú chuig Comhairlí Contae Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas agus Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ionas go gcuimseofar réigiún uile Bhaile Átha Cliath faoi. Tá leathnú ar Gaeilge365 leagtha amach mar ghníomh sonrach sa Chlár Rialtais agus táthar ag súil go mbeidh an deis ann amach anseo eiseamláir Bhaile Átha Cliath a chur i ngníomh sna húdaráis áitiúla fud fad an Stáit.

As seo go 2028, beidh Gaeilge365 ag obair i dtreo ceithre mhórchuspóir:

  • 40+ tionscadal nuálach teangabhunaithe a fhorbairt sa bhliain – cruthófar deiseanna labhartha Gaeilge trí sheirbhísí na gComhairlí le líonraí láidir de nuálaithe teanga.
  • 10+ de na tionscadail nuálacha a fhréamhú sa bhliain i sruthanna oibre na gComhairlí agus 8+ dtionscadal sa bhliain a scálú le go bhfuil siad ag cur le deiseanna labhartha na Gaeilge i mBÁC.
  • Plean Teanga uaillmhianach a ullmhú do BÁC trí éiceachórais, ábhar foghlama agus sainscileanna a fhorbairt.
  • Samhail don tsáréifeacht i leith láidriú na Gaeilge a fhorbairt – samhail is féidir le haon údarás áitiúil a leanúint trí thaighde, comhairliúchán agus scaipeadh forleathan an tsárchleachtais.

Agus an maoiniú suntasach seo á fhógairt aige, dúirt an tAire Dara Calleary:

“Is mór agam go bhfuil ar chumas mo Roinne tacaíocht a chur ar fáil don tionsadal uaillmhianach seo faoina gcruthófar deiseanna sóisialaithe teanga sa Phríomhchathair. Tagann Gaeilge365 go láidir le bunaidhm de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge – is é sin go dtiocfaidh borradh mór faoi líon na ndaoine a bhaineann úsáid ghníomhach as an nGaeilge ina gcuid gnóthaí ó lá go lá.

Tá ríméad faoi leith orm go bhfuil an fógra tábhachtach seo á dhéanamh agam le linn Sheachtain na Gaeilge – ceiliúradh spleodrach ina léirítear don domhan mór an saibhreas agus an bheocht a ghabhann le teanga agus cultúr na Gaeilge.

Tá leathnú Gaeilge365 luaite go sonrach sa Chlár Rialtais agus léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil an Rialtas meáite ar bheart a dhéanamh de réir a bhriathair ó thaobh na teanga de.”

Dúirt Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus é ag labhairt ar son ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath:

“Is cruthúnas é Gaeilge365 nach cuid den stair amháin í an Ghaeilge – tá an teanga ag cur dlús leis an gcruthaitheacht, leis an muintearas agus leis an gcultúr a mhúnlóidh an saol atá romhainn. Tá sé de chumhacht ag an teanga sinn a thiomáint i dtreo Baile Átha Cliath atá nasctha, ionchuimsitheach – áit a bhfuil an nuálaíocht agus an traidisiún fite fuaite ina chéile. Tá an-áthas orainn go bhfuil ról ceannaireachta glactha againn san iarracht seo, agus tá rún daingean againn oibriú go dlúth i gcomhar leis na trí údarás áitiúla eile sa réigiún seo ionas go n-éireoidh thar barr le Gaeilge365 ar fud Bhaile Átha Cliath trí chéile.”

Tá 50% den mhaoiniú le haghaidh Gaeilge365 le teacht ón Roinn agus an 50% eile le teacht ó na ceithre údarás áitiúla.

Tuilleadh eolais faoin gclár: www.Gaeilge365.ie