English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Dara Calleary TD €390,000 le haghaidh 10 dtionscadal ar ár n-oileáin amach ón gcósta

  • Ocht n-oileán amach ó chósta Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo chun leas a bhaint as CLÁR.
  • Tacaíocht d’ionaid phobail, bainistíocht dramhaíola agus athchúrsáil
  • Feabhsuithe ar pháirceanna súgartha agus áiseanna spóirt, agus tacaíocht le tionscnaimh iompair oileánda

Inniu (20 Márta 2025), d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, beagnach €390,000 do Bheart 3 de CLÁR 2024.

Bainfear úsáid as an maoiniú chun áiseanna agus taitneamhachtaí pobail a fhorbairt agus a fheabhsú ar fud ár n-oileáin amach ón gcósta. Bainfidh 8 n-oileán amach ó chósta Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo leas as CLÁR. Áireoidh an maoiniú feabhsuithe ar áiseanna spóirt agus ionaid phobail, agus feabhsú spásanna súgartha. Tá tacaíochtaí á gcur ar fáil freisin do bhainistiú dramhaíola agus do bhonneagar iompair na n-oileán.

I measc na dtionscadal atá á dtacú inniu tá:

  • Oileán Arcáin, Corcaigh - Ceannach bus hibrideach chun tacú le struchtúr iompair tuaithe an Oileáin - €78,651.
  • Oileán Gabhla, Dún na nGall - Foscadh snámha ag Cé Oileán Gabhla - €10,350
  • Inis Mór, Gaillimh - Deisiúchán agus uasghrádú ar threalamh clóis - €50,000
  • Inis Toirc, Maigh Eo - Tarracóir pobail agus forcardaitheoir chun iompar earraí agus soláthairtí a éascú - €50,000
  • Oileán Béarra, Corcaigh – Gineadóir a cheannach don ionad pobail

Agus na tionscadail rathúla á bhfógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

“Tá lúcháir orm na tionscadail rathúla seo a fhógairt inniu faoi CLÁR. Is príomhthosaíocht domsa agus don Rialtas seo tacú le pobail na nOileán. Tá an-áthas orm na hinfheistíochtaí seo a fheiceáil a chuirfidh tuilleadh le caighdeán na beatha dóibh siúd atá ina gcónaí ar ocht gcinn dár n-oileáin amach ón gcósta.

Fáiltítear go mór roimh fheabhsuithe ar shaoráidí pobail agus ar thionscnaimh iompair mar aon le bearta bainistithe dramhaíola. Tá maoiniú ar fáil freisin chun gineadóir a cheannach in ionad pobail oileánda a bheidh, mar atá feicthe againn le seachtainí beaga anuas, ina acmhainn thábhachtach amach anseo.

Molaim na grúpaí pobail agus deonacha atá taobh thiar de gach ceann de na tionscadail seo as a dtiomantas leanúnach maidir le feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála gach duine ar ár n-oileáin. Trí scéimeanna cosúil le CLÁR, úsáidfidh mé mo théarma mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt daoibh a oiread agus is féidir chun pobail oileáin inbhuanaithe agus bhríomhara a chruthú.”

Dúirt an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Carthanas agus Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer TD:

“Leis an bhfógra maoinithe seo inniu faoi bheart Oileáin chlár CLÁR 2024, bainfidh ocht gcinn dár n-oileáin amach ón gcósta tairbhe as tionscadail éagsúla ó bhonneagar áineasa go seirbhísí iompair chun cabhrú le bainistiú dramhaíola.

“Leanann clár CLÁR de thacaíocht a thabhairt do phobail agus táim ag tnúth go mór leis na tionscadail nua seo a fheiceáil á gcur i gcrích.”

Tugann fógra an lae inniu an infheistíocht iomlán suas go beagnach €14 mhilliún chun tacú le breis agus 320 tionscadal i gceantair CLÁR ar fud na tíre faoi chlár 2024.

Tá liosta iomlán na dtionscadal rathúla a fógraíodh inniu faoi Bheart 3 - Ár nOileáin ar fáil ag an nasc seo.

CLÁR 2024 - Bheart 3 - Ár nOileáin
Announced March 2025.
Amharc amharc

Nótaí

CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais)

Maoiníonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais).

Is clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR a bhfuil sé mar aidhm aige maoiniú a sholáthar do thionscadail bheaga bonneagair i gceantair thuaithe ainmnithe. Tá limistéir ainmnithe CLÁR i ngach contae seachas Baile Átha Cliath, Cill Dara agus Loch Garman. Is féidir sonraí na limistéar ainmnithe a léamh ar https://www.gov.ie/ga/collection/ab7580-clar-funding-area-maps/

Oibríonn CLÁR i gcomhar le maoiniú áitiúil agus ar bhonn tosaíochtaí a aithnítear go háitiúil. Seoladh CLÁR 2024 ar an 12 Aibreán 2024 agus chuimsigh sé na bearta seo a leanas:

  • Beart 1: Áiseanna agus Conláistí Pobail a Fhorbairt
  • Beart 2: Soghluaisteacht, Cúram Ailse, Béilí ar Rothaí agus Iompar Chéad Fhreagróirí Pobail
  • Beart 3: Ár nOileáin

Fógraíodh na tionscadail rathúla faoi bhearta 1 & 2 cheana féin agus ceadaíodh breis agus €11.4 mhilliún do 264 tionscadal faoi bheart 1 agus ceadaíodh €2.1 mhilliún breise do 49 feithicil faoi bheart 2.