English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Cosc le cur ar Mhadraí den chineál Bulaí Ollmhór (XL Bully)

  • Beidh sé in aghaidh an dlí Madra den chineál "Bulaí Ollmhór" a iompórtáil, a phórú nó a dhíol ar aghaidh ón 1 Deireadh Fómhair
  • Beidh cosc ar úinéireacht a bheith ag duine ar mhadra den chineál sin ón 1 Feabhra 2025
  • Ní mór d'úinéir a bhfuil madra den chineál sin aige faoi láthair 'Deimhniú Díolúine' a fháil chun an madra a choinneáil
  • An tAire Humphreys: ‘Sábháilteacht an Phobail an cúram is tábhachtaí ar fad’

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine, an 12 Iúil 2024) go bhfuil cosc le cur ar mhadraí den chineál "Bulaí Ollmhór” (XL Bully).

Ón 1 Deireadh Fómhair 2024, beidh cosc, faoi rialacháin nua, ar Bhulaí Ollmhór a iompórtáil, a phórú, a dhíol nó a aistriú chuig malairt áitribh.

Ón 1 Feabhra 2025, beidh sé in aghaidh an dlí ag duine Bulaí Ollmhór a bheith faoi úinéireacht aige nó aici mura mbíonn 'Deimhniú Díolúine' ina leith sin ag an úinéir.

Tar éis di dul i gcomhairle le John Twomey, Cathaoirleach Ghrúpa na bPáirtithe Leasmhara maidir le Rialú Madraí agus Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána roimhe seo, d'fhógair an tAire Humphreys an toirmeasc ar mhaithe le sábháilteacht an phobail.

Tá an cosc ar mhaithe le sábháilteacht an phobail á fhógairt ag an Aire tar éis roinnt eachtraí uafásacha ionsaithe le tamall anuas arna ndéanamh ag Bulaithe Ollmhóra, ionsaí ina measc ba chúis le bás Nicole Morey, bean óg as Luimneach.

Ag trácht di ar an gcinneadh seo, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá rialacháin á dtabhairt isteach agam chun cosc a chur ar mhadraí den chineál "Bulaí Ollmhór” (XL Bully) a phórú, a dhíol, a aistriú chuig malairt áitribh nó a iompórtáil ón 1 Deireadh Fómhair 2024. Cinnteofar faoi na rialacháin nua seo nach féidir le duine ar bith sa Stát ó mhí Deireadh Fómhair amach úinéireacht a ghlacadh ar na madraí contúirteacha seo agus go mbeidh sé in aghaidh an dlí madra den chineál "Bulaí Ollmhór" a phórú, a dhíol, a iompórtáil, a aistriú chuig malairt áitribh, a bhabhtáil, a thabhairt mar bhronntanas nó a thréigean. Chomh maith leis sin, beidh córas deimhniúcháin á chur ar bun agam do dhaoine ar úinéirí iad faoi láthair ar mhadraí den chineál "Bulaí Ollmhór". Beidh dlite ar gach úinéir madra den chineál "Bulaí Ollmhór" iarratas a chur isteach idir an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus an 1 Feabhra 2025 ar Dheimhniú Díolúine.”

Beidh critéir ghéara, a bheidh á gcur i bhfeidhm go docht, ag gabháil le Deimhniú Díolúine a eisiúint. Áirítear ar na critéir sin go mbeidh gá le ceadúnas, micrishlis agus gearradh. Déanfar plé maidir le critéir eile leis an nGrúpa Páirtithe Leasmhara maidir le Rialú Madraí atá ar bun chun lón comhairle a chur ar fáil faoi ábhar den sórt seo.

Ón 1 Feabhra 2025, déanfar madra ar bith nach bhfuil na rialacháin nua á gcomhlíonadh ina leith ag an úinéir a ghabháil agus a chur síos.

Fógraíodh bearta den chineál céanna le gairid sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann.

Lean an tAire Humphreys:

“Tá oifigigh na Roinne ag obair ar fud an Rialtais, leis na húdaráis áitiúla, leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, leis an nGarda Síochána, leis na Coimisinéirí Ioncaim agus eile, chun a chinntiú go ndéantar cur i bhfeidhm críochnúil maidir leis na rialacháin seo. Cinntítear leis an tráthchlár atá á leagan amach agam go mbeidh am ag úinéirí Deimhniú Díolúine a fháil agus go mbeidh na córais forfheidhmiúcháin ar bun ón tráth a dtagann na rialacháin i bhfeidhm.”

Luaigh an tAire Humphreys maidir leis an ngá le cosc den sórt seo:

“Tuigim go mbeidh daoine nach n-aontóidh leis an gcinneadh seo. Tá madra agam féin agus tuigim go mbíonn daoine ceanúil ar a gcuid madraí. Ní mór a choinneáil i gcuimhne ina ainneoin sin, nach féidir fiúntas níos mó a bheith i gceist ag saol madra ar bith le hais saol duine. Is ar an mbonn sin, i ndeireadh báire, a tháinig mé ar an gcomhairle an cinneadh seo a dhéanamh. Madra den chineál "Bulaí Ollmhór" ba chiontach leis an ionsaí uafásach ar Alejandro Mizsan i Loch Garman anuraidh agus is madra den chineál céanna ba shiocair le bás bhean óg i Luimneach le gairid. Mura ndéantar beart anois, tiocfaidh ardú ar líon na madraí seo ar fud na tíre agus is ábhar buartha gur mhinice dá réir a tharlódh ionsaithe den sórt seo. Táim go láidir den tuairim nár cheart Éire a bheith ar neamhréir i leith an ábhair seo le Tuaisceart Éireann ná le dlínsí uile na Ríochta Aontaithe in aice láimhe.”

Breis cistíochta do na húdaráis áitiúla

Tá cistí caipitil breise dar luach €2 milliún de chistíocht caipitil ceadaithe ag an Aire d'údaráis áitiúla d'fhonn fairsingiú agus feabhsú ar phónaí agus ar áiseanna eile na maor madraí. Tagann sin sa bhreis ar an €2 milliún atá fógraí maidir le háiseanna na maor madraí i mí na Samhna (2023). Cuideoidh na cistí seo leis na húdaráis áitiúla freastal d'aon éileamh breise a eascraíonn ó na rialacháin seo chomh maith le fónamh do chomhlíonadh an chúraim is ginearálta ná sin a leagtar orthu maidir le rialú madraí.

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí:

Na Bearta a dhéanfar anois:

Idir seo agus an 1 Deireadh Fómhair 2024, cuirfear i bhfearas an obair is gá maidir leis na rialacháin agus tá tús curtha cheana féin leis an obair ar fud an Rialtais is gá ina leith seo.

Leagfar síos pionóis maidir leis na cionta éagsúla sa rialachán agus beidh sin ag teacht leis na pionóis faoin Acht um Rialú Madraí (mar a leagtar amach thíos).

Leanfaidh Grúpa na bPáirtithe Leasmhara maidir le Rialú Madraí d'obair an ghrúpa sin agus cuirfear in iúl má tá bearta eile fós is gá a dhéanamh i ndáil le rialú madraí.

Pionóis

Faoi Alt 27(f) an Achta um Rialú Madraí, tá duine ar bith a sháraíonn rialachán ar bith faoi Alt 19 an Achta ciontach i gcion.

Beidh, ar a chiontú nó a ciontú go hachomair, fíneáil suas le €2,500, nó téarma príosúnachta suas le 3 mhí, nó an dá rud, dlite ar dhuine atá ciontach i gcion faoin Acht.

Madra a fhaightear ar strae nó tréigthe

Déanfaidh maor madraí aon mhadra a fhaightear ar strae, nó tréigthe, a ghabháil. Is féidir an madra sin a chur síos tar éis tréimhse cúig lá sa chás nach dtagann an t-úinéir á éileamh agus nach n-íoctar aon táille a bhíonn dlite.

Bearta a rinneadh roimhe seo

Chuir an tAire Humphreys Grúpa Páirtithe Leasmhara nua maidir le Rialú Madraí ar bun níos luaithe i mbliana mar gheall ar ionsaithe éagsúla, ar dhaoine agus ar ainmhithe beostoic.

Rinne an tAire bearta eile roimhe seo freisin i ndeireadh na bliana 2023 agus i dtús na bliana 2024, ina measc:

  • Ardú luach na bhfíneálacha ar an láthair do chionta (Méadú faoi thrí i gcás na gcionta is tromchúisí)
  • €2 milliún a infheistiú in áiseanna na maor madraí (fógraíodh seo i mí na Samhna 2023)
  • Feachtas mór poiblíochta a sheoladh chun tuiscint agus aird úinéirí madraí a chothú maidir lena bhfuil de fhreagracht orthu