GRADAIM BAILTE SLACHTMHARA SUPERVALU BRONNTA AG AN AIRE STÁIT O’DONOVAN - SEARMANAS RÉIGIÚN AN OIRTHIR
- Foilsithe: 26 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Bronnadh gradaim Bailte Slachtmhara Supervalu do Réigiún an Oirdheiscirt na bliana seo inniu, Dé Luain an 25 Samhain, ag searmanas bronnadh na nduaiseanna i Halla Pobail Thír Dhá Ghlas, Tír Dhá Ghlas, An tAonach, Co. Thiobraid Árann. Is iad an tAire Stáit Patrick O’Donovan TD agus Maighréad Cremin, Bainisteoir Pobail le SuperValu atá ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas le fada, a bhronn na duaiseanna ar bhuaiteoirí Ghradaim Bailte Slachtmhara SuperValu. Bhí Eimear Whittle ó Fháilte Ireland ar an stáitse i gcuideachta an Aire chomh maith.
Le linn an tsearmanais, labhair an tAire O’Donovan faoin scéim deontais a fógraíodh le gairid trína gcuirfear ar chumas choistí Bailte Slachtmhara iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá ríméad orm a bheith in ann freastal ar na gradaim thar ceann an Aire Ring agus molaim do choistí leas a bhaint as an €1.4 Milliún i maoiniú deontais chun cuidiú le coistí ullmhú do chomórtas 2020. Cuireadh foirm iarratais le gairid chuig na coistí ar fad atá incháilithe don deontas agus ba chóir í a chur ar ais chomh luath agus is féidir d'fhonn leas iomlán a bhaint as an maoiniú."
Dúirt an tAire O'Donovan chomh maith:
"Le blianta fada, tá pobail ag obair go deonach le Bailte Slachtmhara chun áit a dhéanamh den tír seo a bhfuilimid go léir bródúil as. Tá an oiread measa agam ar na hoibrithe deonacha atá i láthair anseo anocht agus na hoibrithe eile ar fud na tíre, agus is aitheantas ón Rialtas í an scéim deontais seo ar an méid ollmhór a dhéanann bhur gcoistí gach bliain."
Dúirt an tAire O’Donovan chomh maith:
"Is iontach an rud é deis a bheith agam casadh le grúpaí Bailte Slachtmhara ó ar fud Réigiún an Oirdheiscirt. Níl sna gradaim seo ach beart beag den iarracht ar fad a dhéanann an t-iliomad oibrí deonacha atá mórtasach as a gcuid bailte agus a bhíonn ag obair gan stad lena gcuid comharsanachtaí a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht anois agus do na glúnta atá le teacht. Tugaimid aitheantas chomh maith do na grúpaí Bailte Slachtmhara eile nach bhfuil anseo inniu ach atá chomh díograiseach céanna d'fheabhas a chur ar a gcuid comharsanachtaí féin gach bliain ach nach bhfuil aitheantas foirmeálta bainte amach acu air sin i gcomórtas na bliana seo. Maith sibh as an obair ar fad a dhéanann sibh agus tá súil againn go mbeidh sibh anseo in éineacht linn an bhliain seo chugainn.”
Ghabh an tAire buíochas chomh maith le príomhurraitheoir na mBailte Slachtmhara SuperValu:
"Le 28 mbliana, tá an príomhurraitheoir, SuperValu páirteach sa gcomórtas seo ar bhonn áitiúil agus náisiúnta. Chuidigh SuperValu leis an gcomórtas a fhorbairt agus a fhás agus leanann de thiomantas ceart a léiriú a bheith ag tacú le pobail áitiúla agus d'oibrigh go dlúth le hoifigigh Roinne d'fhonn comórtas mór-ráchairte a dhéanamh dó sa lá atá inniu ann."
Dúirt Maighréad Cremin, Bainisteoir Pobail le SuperValu:
“bliain mhór eile a bhí sa bhliain 2019 do Bhailte Slachtmhara SuperValu, mar gur ghlac an líon is mó coistí riamh páirt sa chomórtas i mbliana. Tá clár na mBailte Slachtmhara fós ar an tionscnamh pobail agus inbhuanaithe is mó in Éirinn agus bíonn tionchar thar a bheith dearfach aige ar ár mbailte agus ar ár sráidbhailte ar fud na tíre.”
Dúirt Maighréad Cremin Uasal chomh maith:
"Tá SuperValu thar a bheith mórtasach as a bheith ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas Bailte Slachtmhara le beagnach 30 bliain anois. I rith na tréimhse sin, tá an fás agus an t-athrú atá tagtha ar an gcomórtas go dtí leibhéal nárbh fhéidir le haon duine a mheas feicthe againn dúinn féin. Le blianta beaga anuas, tá béim níos mó á cur ag comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu de réir a chéile ar inbhuanaitheacht, bithéagsúlacht agus ar chaomhnú. Trí oibriú i gcomhar, táimid ag glacadh céimeanna tábhachtacha chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint anois agus amach anseo. Déantar é sin ar fad trí dhúthracht agus dhíograis na ngrúpaí Bailte Slachtmhara agus mhiondíoltóirí SuperValu ar fud na tíre. Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an obair ar fad gan staonadh seo ar ár gcuid pobal.”
Tá spéis i bhfad níos mó i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu le blianta beaga anuas agus chuir an líon is mó pobal go dtí seo isteach ar an gcomórtas sa bhliain 2019. Tá an comórtas ar siúl ó 1958 agus is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá ina bhun. Tá SuperValu ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas ón mbliain 1992.
Is é Tír Dhá Ghlas i gCo. Thiobraid Árann a bhuaigh an teideal réigiúnach agus tá liosta iomlán de bhuaiteoirí duaiseanna an lae inniu ceangailte leis seo.