English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Infheistíocht bhreise déanta ag an Rialtas chun 5,000 ríomhLeabhar agus ríomhChlosleabhar a chur ar fáil mar fhreagra ar an éileamh mór atá ann anois ar sheirbhísí leabharlainne ar líne - an tAire Ring

Infheistíocht €200,000 déanta agus é tugtha le fios ag leabharlanna go bhfuil méadú suntasach tagtha ar bhallraíocht ar líne

Tá ciste €200,000 fógartha ag an Aire Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tacú le 5,000 ríomhLeabhar agus ríomhChlosleabhar breise a chur ar fáil chun an méadú suntasach atá tagtha ar an éileamh atá ar sheirbhísí leabharlainne poiblí ar líne le linn ghéarchéim COVID-19 a shásamh.

Tá an cistiú seo á chur ar fáil tríd an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil a dhéanann an córas leabharlainne ar líne a riar.

Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Ring,

"Cé nach bhfuil tú ábalta cuairt a thabhairt ar na leabharlanna faoi láthair, tá an tseirbhís leabharlainne fós ar fáil do dhaoine ar líne. Go deimhin, tháinig méadú mór ar líon na ndaoine atá ag iarraidh leas a bhaint as an tseirbhís leabharlainne ar líne ó dúnadh doirse na leabharlann.

"Lena chinntiú go mbeadh an stoc ar líne ábalta an méadú atá tagtha ar éileamh a shásamh tá €200,000 ceadaithe agam chun 5,000 ríomhLeabhar breise a chur leis an gcnuasach ar líne."

Chláraigh breis is 7,300 duine don tseirbhís Borrowbox sa tseachtain tar éis do na leabharlanna poiblí dúnadh, seirbhís a chuireann ríomhLeabhair agus Closleabhair ar fáil do bhaill den leabharlann. Is ionann sin agus beagnach líon iomlán na daoine a chláraigh don tseirbhís ó thús na bliana.

Íoslódáladh 25,521 ríomhLeabhar idir an 13 agus an 19 Márta, trí oiread an méid a íoslódáladh an tseachtain roimhe sin. Íoslódáladh níos mó ná 26,000 ríomhChlosleabhar, dhá oiread an méid a íoslódáladh an tseachtain roimhe sin.

Dúirt an tAire Ring freisin:

"Thosaigh foireann na leabharlann ag teacht ar bhealaí nuálacha chomh luath agus a dúnadh brainsí don phobal. Cuireadh stop leis an ngá a bhí ann go mbeadh ar dhaoine dul isteach i leabharlann chun bheith ina mbaill. Is féidir é seo a dhéanamh anois ar líne chun go mbeidh fáil ag daoine ar sheirbhísí ar líne láithreach.

"Ba mhaith liom a dhearbhú do gach uile dhuine go bhfuil mo Roinn ag glacadh gach uile ghníomh chun go mbeimid réidh le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn agus chun go mbeidh daoine ábalta leas a bhaint as leabharlanna le linn na tréimhse seo."

Cuireann leabharlanna poiblí réimse seirbhísí ar líne saor in aisce ar fáil d'úsáideoirí, lena n-áirítear ríomhLeabhair, ríomhChlosleabhair, ríomhIrisleabhair, cúrsaí ar líne agus páipéir nuachta ar líne. Is féidir na hacmhainní ar fad a fháil ar Libraries Ireland.

Is féidir na seirbhísí ar líne a fháil ach na haipeanna seo a leanas a íoslódáil:

  • BorrrowBox – 30,313 ríomhleabhar and 22,781 ríomh-chlosleabhar ar fáil via Aip BorrowBox na leabharlann.
  • RBdigital– Na heagráin is déanaí d'os cionn 350 irisleabhar, lena n-áirítear Hello!, Woman’s Own, The Economist, Time Magazine etc.
  • Press Reader – Os cionn 1,400 páipéar nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta ar líne, lena n-áirítear an Irish Independent, Irish Examiner, Sligo Champion agus Daily Telegraph.
  • Transparent Language & Universal Class– os cionn 500 cúrsa ríomhfhoghlama lena n-áirítear ranganna ríomhairí, cógas malartach agus 70 teanga éagsúla.

Is féidir leas a bhaint as na seirbhísí seo ar fad ach logáil isteach leis an uimhir atá ar do chárta leabharlainne. Is féidir leat glaoch a chur ar do leabharlann áitiúil má tá do chárta as dáta nó má theastaíonn cúnamh uait. Tá sonraí teagmhála ar fáil ar Libraries Ireland.

Chomh maith leis na seirbhísí ar líne seo, tá foireann na leabharlainne fós ag obair sna brainsí ag cur seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear:

  • seirbhísí teileafóin, lena n-áirítear tacaíocht do bhaill, ceisteanna a bhaineann le ballraíocht agus roghanna maidir le hiasachtaíochtaí agus le comhairle a thabhairt maidir le stádas oibríochtaí na leabharlainne,
  • ábhar is féidir a cló lena dhathú isteach,
  • teacht ar fhoirmeacha na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ar pháipéar agus
  • naisc chuig Ionaid Oibrithe Deonacha, an Garda Síochána agus Ionaid Acmhainní Teaghlaigh áitiúla chun seirbhísí a chur chun cinn do dhaoine atá scoite amach ón bpobal agus do dhaoine níos sine.

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir

Seirbhísí leabharlainne poiblí ar líne i rith ráig an Choróinvíris

Is féidir leat clárú i do bhall den leabharlann ar líne agus ríomhLeabhair, closleabhair, irisleabhair agus páipéir nuachta ar líne a fháil saor in aisce láithreach, nó d'fhéadfá teanga nua a fhoghlaim agus cúrsaí eile a dhéanamh. Seo mar a dhéantar é!

Cláraigh ar líne

Chun clárú don leabharlann ar líne flíon isteach an fhoirm seo le d'ainm, do sheoladh, ríomhphost, agus roinnt sonraí eile.

  • Cliceáil 'Cuir Isteach' agus tabharfar chuig leathanach eile thú ar a bhfaighidh tú barrachód 'Sealadach' leabharlainne.
  • Is í seo d'uimhir leabharlainne agus beidh sí uait le teacht a bheith agat ar sheirbhísí ar líne, mar sin, sábháil í nó scríobh síos in áit éigin shlán í.
  • Tabharfar treoir duit ar an leathanach seo maidir le 'PIN a shocrú' agus beidh nasc ann chun sin a dhéanamh.
  • Chomh luath agus atá an PIN socraithe agat agus d'uimhir leabharlainne agat, beidh tú ábalta leas a bhaint as na seirbhísí ar líne ar fad.

Tá treoracha gearra thíos chun cuidiú leat na seirbhísí seo a fháil agus a úsáid.

Mar a úsáidtear Borrowbox do ríomhLeabhair agus Closleabhair

Is féidir leat an aip Borrowbox a íoslódáil nó do leabharlann a fháil anseo chun go gcuirfear ar aghaidh chuig an leagan ar líne thú.

Nuair atá sé sin déanta:

  • roghnaigh do leabharlann ón roghchlár anuas;
  • cuir d'uimhir leabharlainne isteach san áit a iarrtar d'ID/Barrachód ort; agus,
  • cuir do PIN isteach san áit a iarrtar do PIN/Pasfhocal ort.

Sin é, tá tú istigh ar an gcóras agus tá tú réidh le brabhsáil agus léamh a dhéanamh!

Má tá cúnamh ar bith uait, déan teagmháil le support@bolindadigital.com

Mar a úsáidtear RB Digital d'irisleabhair ar líne

Is féidir an aip RB Digital a úsáid nó é a úsáid ar líne

Beidh ort clárú do chuntas saor in aisce le d'uimhir leabharlainne. Chun é seo a dhéanamh:

  • Cliceáil 'cláraigh'
  • Roghnaigh an tír ina bhfuil tú agus ansin roghnaigh do sheirbhís leabharlainne (tá a gcuntais féin ag cuid de na seirbhísí leabharlainne le RB Digital mar sin d'fhéadfadh dhá rogha a bheith agat - rogha d'irisleabhair agus do Transparent Languages, beidh ort an rogha le 'LGMA' os a chionn a roghnú)
  • Cuir uimhir do chárta leabharlainne isteach
  • Socraigh ainm úsáideora
  • Cuir isteach pasfhocal

Sin é, tá tú réidh!

Má tá cúnamh ar bith uait, déan teagmháil le rbdigital@wfhowes.co.uk

Mar a úsáidtear RB Digital do pháipéir nuachta ar líne

Is féidir leat teacht ar PressReadar ag pressreader.com nó trí aip PressReadar a íoslódáil do dheiseanna Apple nó Android.

Beidh ort logáil isteach le d'uimhir leabharlainne, mar seo a leanas

  • Brú 'sínigh isteach'
  • Roghnaigh 'Leabharlann agus grúpaí'
  • Osclóidh liosta leabharlann agus beidh tú ábalta do leabharlann a roghnú. Tosaigh ag clóscríobh ainm do chontae nó ainm an údaráis áitiúil agus níor cheart go mbeadh fadhb ar bith agat í a fháil. Coinnigh súil amach do lógó Leabharlanna na hÉireann.
  • Iarrfar ort uimhir do chárta leabharlainne a chur isteach.

Sin é, tá tú logáilte isteach ar an gcóras agus tá tú réidh le léamh a dhéanamh!

Beidh fáil agat ar ábhar ar feadh 30 lá ar dtús agus tú logáilte isteach. Nuair atá an 30 lá seo caite beidh tú ábalta tréimhse nua a shocrú trí logáil amach agus logáil isteach arís ar an mbealach céanna.

Má tá cúnamh ar bith uait, déan teagmháil le pressreader@wfhowes.co.uk

Mar a úsáidtear Transparent Languages chun teangacha a fhoghlaim

Is féidir Transparent Languages a fháil ar RB Digital - féach thuas chun a fháil amach mar ar féidir leat sin a dhéanamh.

Feicfidh tú nasc chuig Transparent Languages chomh luath agus atá tú logáilte isteach ar RB Digital. Cliceáil air sin agus tabharfaidh sé chuig an tseirbhís thú.

Má tá cúnamh ar bith uait, déan teagmháil le rbdigital@wfhowes.co.uk

Mar a úsáidtear Universal Class ar líne chun cúrsaí a dhéanamh

Chun an Universal Class a úsáid téigh chuig UniversalClass.com agus cuir d'uimhir leabharlainne isteach

Cláraigh mar úsáideoir nua agus cur tús leis an bhfoghlaim!

Má tá cúnamh ar bith uait, déan teagmháil le universalclass@wfhowes.co.uk