English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ionad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta SOLAS ar fiú €4 milliún é oscailte go hoifigiúil ag Aire Humphreys

Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, cuairt freisin ar an Eachléim, Co. Mhaigh Eo chun an tIonad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta SOLAS, ar fiú €4 milliún é, a oscailt go hoifigiúil i nGaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo.

Is é SOLAS an tIonad Cuairteoirí agus Mol Turasóireachta nua i gcroílár Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo, áit a mbeidh cuairteoirí ábalta oidhreacht nádúrtha agus chultúir na háite a thaiscéaladh, lena n-áirítear cuairt a thabhairt ar Theach Solais an Fhóid Duibh.

Dúirt an tAire ar an Eachléim:

“Déanfar an stair sin a cheiliúradh leis an tionscadal suntasach seo a chuirfidh ar chumas cuairteoirí foghlaim faoi shaibhreas oidhreacht chultúir agus nádúrtha an réigiúin seo agus a éascóidh cuairteanna chuig Teach Solais an Fhóid Duibh.

"Díol spéise réigiúnach ann féin a bheidh in Ionad Cuairteoirí SOLAS. De réir mar a thuigim, tá cuairt tugtha cheana féin ag breis is 2,000 duine ar an ionad cuairteoirí ó d’oscail na doirse cúpla seachtain ó shin.

"Is féidir le cuairteoirí chuig SOLAS lucht ceirde a fheiceáil i mbun a gcuid oibre agus táirgí a cheannach d’fhonn tacú le gnólachtaí áitiúla an réigiúin agus le réigiúin Ghaeltachta ó níos faide ó bhaile.

Ní hamháin go gcruthóidh sé seo jabanna agus go gcothóidh sé deiseanna ach cuideoidh sé athrú ó bhonn a dhéanamh ar an réigiún do gach duine.”

Bronnadh €2.47 milliún i maoiniú ar Údarás na Gaeltachta faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Chuir Údarás na Gaeltachta €1 milliún i maoiniú breise ar fáil agus chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €0.5 milliúin i maoiniú breise ar fáil.


Nótaí

Ár dTodhchaí Tuaithe

Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is ionann é agus cloch mhíle nua sa chur chuige i leith beartas forbartha tuaithe d'Éirinn, agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do cheantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint astu.