Maoiniú €15 milliún do phobail faoin tuath faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2019 fógartha ag an Aire Ring
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhógair an tUasal Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu go mbainfidh 156 baile agus sráidbhaile faoin tuath ar fud na tíre leas as maoiniú €15 milliún faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2019. D'fhógair an tAire Ring an maoiniú i gCoill an Bhealaigh, Co. Mhaigh Eo, ar Sráidbhaile é a gheobhaidh maoiniú faoi Scéim 2019.
Is príomhchuid den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus de Chlár Thionscadal Éireann 2040 an Rialtais d'Athghiniúint na Tuaithe í Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Is idir €20,000 agus €100,000 den chuid is mó atá an maoiniú atá á bhronnadh ar bhailte agus ar shráidbhailte i mbliana, agus gheobhaidh 26 togra idir €100,000 agus €200,000 do na tograí níos uaillmhianaí atá acu.
Áirítear ar na tograí atá ceadaithe feabhsúcháin sa réimse poiblí, úsáid eile á baint as foirgnimh sa phobal agus bearta eile atá dírithe ar bhailte agus ar shráidbhailte beaga faoi tuath a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inmharthana le bheith ag obair agus ag maireachtáil iontu.
Samplaí de na tograí a bhfuil tacaíocht faighte acu i bhfógra an lae inniu is ea:
- An Chearnóg i mBéal Átha hÉis, Co. an Chabháin a athnuachan trí chosáin nua a leagan, cáblaí lastuas a bhaint anuas agus soilsiú maisiúil a chur suas.
- An halla pobail i dTuath Ó gConaíle i gCo. an Chláir a fhorbairt mar áit chathartha chun obair chomhionaid a éascú.
- Feabhsúcháin sa réimse poiblí i gCoill an Bhealaigh, Co. Mhaigh Eo, lena n-áirítear lár an bhaile agus feabhsúcháin ar an gconair oidhreachta.
Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Ring:
"Is cuid thábhachtach de threallús an Rialtais ár gcuid bailte agus sráidbhailte a fheabhsú agus iad a bheith ina n-áiteanna tarraingteacha le bheith ag obair iontu agus le bheith ag maireachtáil iontu í Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte.
"Tá an leas a baineadh as an maoiniú roimhe seo faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte á bhraith anois ar fud na tíre agus tá ríméad orm go bhfuil mé ábalta €15 milliún eile a leithdháileadh inniu ar thograí in 156 baile agus sráidbhaile faoin tuath ar fud na hÉireann.
"Tá beagnach €68 milliún ceadaithe anois le haghaidh breis is 830 togra ar fud na tíre faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte ó tugadh isteach í sa dara leath den bhliain 2016, agus tá breis is 600 díobh sin ceadaithe ó seoladh an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe i mí Eanáir 2017.
Dúirt an tAire Ring freisin:
"Bhí spéis an-mhór i mbliana sa Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte agus bhí ró-éileamh uirthi. Níorbh fhéidir na hiarratais ar fad a fuarthas a mhaoiniú, ach tá áthas orm go bhfuil go leor de na bailte agus de na sráidbhailte ar éirigh leo i mbliana ag fáil maoiniú faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte den chéad uair i mbliana. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na hÚdaráis Áitiúla as a bheith rannpháirteach le pobail áitiúla sna cásanna seo d'fhonn cuidiú leo tograí maithe a bhfuil tacaíocht tuillte acu a aithint.
Dúirt an tAire chomh maith:
"Léirítear tiomantas an Rialtais chomh maith tacaíocht a thabhairt do cheantair thuaithe in Éirinn a thuilleadh le Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe Thionscadal Éireann 2040 a chuireann le Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte agus faoina gcuirtear deis ar fáil chun tograí níos comhtháite agus níos uaillmhianaí a sheachadadh a thabharfaidh tuilleadh tacaíochta d'athghiniúint ár gcuid bailte agus ár gcuid sráidbhailte faoin tuath.
Is féidir sonraí na dtograí ar éirigh leo faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2019 : anseo
CRÍOCH
Nóta d'Eagarthóirí:
Is togra faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus faoi Chlár Thionscadal Éireann 2040 an Rialtais d'Athghiniúint na Tuaithe í Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Is cuid de shraith beart tacaíochta náisiúnta agus áitiúil í chun bailte agus sráidbhailte faoin tuath ar fud na hÉireann a athnuachan. Tá an scéim á cistiú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar trí na hÚdaráis Áitiúla.
Faoin scéim 2019 cuirfidh an Roinn suas le 80% de chostas iomlán gach togra a cheadaítear ar fáil agus cuirfidh an pobal agus/nó na hÚdaráis Áitiúla an 20% eile ar fáil.
Tá réimse leathan tograí ceadaithe faoi scéim 2019. Is iad na grúpaí pobail agus gnóthaí áitiúla i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla a thug na tograí seo chun suntais. Áirítear ar na tograí atá ceadaithe feabhsúcháin sa réimse poiblí, úsáid eile á baint as foirgnimh sa phobal agus bearta eile atá dírithe ar bhailte agus ar shráidbhailte beaga faoin tuath a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inmharthana le bheith ag obair agus ag maireachtáil iontu.
Seoladh Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte sa dara leath de 2016 agus tá maoiniú €68 milliún ceadaithe do bhreis is 830 togra ó shin, na tograí a fógraíodh inniu san áireamh.
Ar cheann de spriocanna an Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, a foilsíodh i mí Eanáir 2017, bhí tacaíocht a thabhairt do 600 baile agus sráidbhaile faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte. Tá an sprioc sin sáraithe agus tá breis is 660 togra ceadaithe ó mhí Eanáir 2017.
Is féidir lucht faighte an mhaoinithe seo faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte a fheiceáil ar an nasc thíos: Nasc le cur isteach