English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú ceadaithe ag an Aire Calleary i leith réamhoibreacha do Lárionad Gaeilge i lár Chathair Bhaile Átha Cliath

  • Maoiniú de 3.2m ceadaithe ag an Aire Dara Calleary chun tús a chur le hathfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Tá fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D, agus é ag freastal ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garmain, go bhfuil maoiniú de €3.2m ceadaithe d’Oifigig na n-Oibreacha Poiblí aige chun tús a chur le hathfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar aidhm ag an togra seo, Uimhir 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, a chruthóidh eispéireas dinimiciúil stairiúil don phobal agus do thurasóirí sa chathair. Tagann an athfhorbairt seo le sprioc an Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 mol teanga agus cultúrtha a fhorbairt i lár na príomhchathrach. Is i gcóir réamhoibreacha agus obair pleanála atá deontas an lae inniu ceadaithe ionas go mbeifear réidh le haghaidh tairiscintí a lorg don mhórfhorbairt i 2026.

Is san ionad seo a bheidh Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Raidió Rí-Rá agus Club Chonradh na Gaeilge lonnaithe. San áireamh sa bhforbairt chomh maith, beidh amharchlann nua agus áiseanna eile a dhéanfaidh freastal ar phobal na Gaeilge agus a mheallfaidh turasóirí le cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh stairiúil seo. Beidh sé mar acmhainn luachmhar do chur chun cinn na Gaeilge agus d’imeachtaí Gaeilge i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ag labhairt ar an ábhar inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn tábhachtach seo atá déanta i bpróiseas athfhorbairt Uimhir 6 Sráid Fhearchair inniu. Baineann an tionscadal seo le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis. Ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, tá ról lárnach ag an eagraíocht in athbheochan na Gaeilge agus in áiseanna cultúrtha a chur ar fáil ar fud na tíre. Ón uair a lonnaigh an Conradh ann in 1966, mheall an foirgneamh seo pobal labhartha na Gaeilge sa chathair chuige le blianta fada anuas.

“Le fógra an lae inniu, beidh láthair ag pobal labhartha na Gaeilge na cathrach agus na tíre agus acu siúd a thagann ar cuairt ó níos faide i gcéin ina mbeidh siad in ann Ghaeilge a úsáid.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na n-Oibreacha Poiblí, Kevin “Boxer” Moran TD:

“Is díol suntais é gur féidir le hOifig na n-Oibreacha Poiblí tacú le foirgneamh a bhfuil stair shaibhir agus ceangal láidir aige lenár dteanga dhúchais a thabhairt go dtí caighdeán nua-aimseartha agus, ag an am céanna, an tábhacht stairiúil a bhaineann leis an bhfoirgneamh sin a chaomhnú.

“Le fógra an lae inniu, táim muiníneach go leanfar le cur chun cinn na Gaeilge anseo sna blianta fada amach romhainn. Guím gach rath ar na páirtithe leasmhara go léir agus iad i mbun an togra fhiúntaigh seo.”

Ag cur leis ar an bhfógairt, dúirt an tAire stáit Jerry Buttimer:

“Is léiriú an maoiniú seo ar thiomantas an Rialtais don Ghaeilge agus don chultúr lena bhaineann agus is céim chinniúnach í i stair shaibhir an fhoirgnimh seo.

“Leis an infheistíocht seo, táim muiníneach go leanfar le dul chun cinn na Gaeilge agus an obair thábhachtach a bhíonn idir lámha Conradh na Gaeilge sa phríomhchathair sa todhchaí.”

Tá tiomantas an Rialtais i leith sheachadta an tionscadail seo léirithe sna gealltanais éagsúla atá tugtha ina leith sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 faoi Thionscadal Éireann 2040 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Is ón gClár Caipitil de Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge d’eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht go sonrach a bhfuil i gceist an infheistíocht seo a dhéanamh le tuilleadh eolais ar an gclár sinanseo.


Nótaí don Eagarthóir:

Is foirgneamh ceithre urlár os cíonn íoslach atá i 6 Sráid Fhearchair a tógadh sna 1780í agus a bhfuil stair fhada ag baint leis de bharr nithe éagsúla mar atá:

  • Bhí sé ina theach cónaithe ag an gCairdinéil John Henry Newman – duine de bhunaitheoirí Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  • Ionad oiliúna a bhí ann d’oifigigh ionchasacha in arm na Breataine ó 1860 go 1870.
  • Bhí sé ina cheanncheathrú ag Sinn Féin idir 1910 agus 1922 agus b'é an ceanncheathrú d’fheachtas toghchánaíochta 1918.
  • Is ann a bhí Oifigí na Roinne Airgeadais faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin i rith Chogadh na Saoirse.
  • Ina dhiaidh sin, bhí ranna eile de chuid Rialtas na hÉireann lonnaithe ann sular aistríodh an foirgneamh chuig Conradh na Gaeilge i 1966.

Tá socraithe á ndéanamh faoi láthair chun úinéireacht an fhoirgnimh a aistriú ar ais go dtí Oifig na nOibreacha Poiblí anois agus é a thabhairt ar ais do Chonradh na Gaeilge ar léas fadthéarmach.

Tá forbairt an togra luaite go sonrach i gcáipéisí éagsúla straitéise,eadhon:

Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022:Bearta 4.12 agus 4.13 go sonrach.

Plean Forbartha Náisiúnta 2021-2030:Lasmuigh den Ghaeltacht, leanfaidh an Roinn dá tacaíocht don fhorbairt ar Ghréasáin Ghaeilge agus ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta agus beifear ag díriú go sonrach ar mhoil teanga agus chultúir na Gaeilge mar aitheantas ar an éileamh atá ag fás ar bhonneagar Gaeilge. Ar na tionscadail is suntasaí beidh Mol Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Conradh na Gaeilge agus Páirtithe Leasmhara eile. (Lch. 84)