English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Mórthionscadal athnuachana oscailte go hoifigiúil ag an Aire Calleary i Maothail le linn a chuairte ar Liatroim

  • Leabharlann ilchuspóireach nua agus spás cultúir i nDroim Dhá Thiar nochta
  • Breis agus €7 milliún in infheistíocht tuaithe a fuair na tionscadail a osclaíodh

Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt inniu (Déardaoin 24 Aibreán) ar Cho. Liatroma chun roinnt mórthionscadal athnuachana, a fuair tacaíocht óna Roinn, a oscailt go hoifigiúil.

Tá maoiniú faighte ag na tionscadail a osclaíodh faoi bheartas uaillmhianach forbartha tuaithe an Rialtais, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann.

Cuireadh tús le cuairt an Aire i Maothail, áit ar oscail sé feabhsuithe san fhearann poiblí go hoifigiúil ar an mbaile, a fuair infheistíocht €3.4 milliún faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Ag labhairt dó i Maothail, dúirt an tAire Calleary:

“Leis an tionscadal spreagúil nuálach seo, rinneadh uasghráduithe ar an bhfearann poiblí a raibh géarghá leo do phobal Mhaothla.

‘Is é an toradh a bhí ar na feabhsuithe sin, chomh maith le troscán sráide, comharthaíocht agus tírdhreachú a thabhairt isteach, ná spás iontach a chruthú do chruinnithe pobail, lena n-áirítear ag séadchomhartha chláirseoir dall cáiliúil Mhaothla, Turlough O’Carolan.

“Tugaim faoi deara go n-áirítear leis an obair leanúnach freisin conair Oidhreachta a fhorbairt don bhaile, rud a chuirfidh tuilleadh leis an mbeogacht agus leis an bhfuinneamh a fheicimid inniu.”

D’oscail an tAire an tionscadal Clós Margaidh Chora Droma Rúisc ansin a maoiníodh faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Chomh maith le Both agus Caifé Turasóireachta Lár an Bhaile a chruthú, cuirfidh feabhsú an ionaid pobail lár an bhaile seo ar a chumas imeachtaí a óstáil lena n-áirítear féilte agus laethanta spraoi.

Le linn a chuairte, d’oscail an tAire go hoifigiúil freisin páirc astroturf agus giomnáisiam pobail Ghaeil Liatroma, agus na háiseanna nua spóirt in Ionad Pobail Mayflower i nDroim Seanbhó. Cuireadh an dá thionscadal i gcrích le tacaíocht ón gCiste Aitheantais Pobail.

D’iompaigh an tAire Calleary an fód freisin ag oibreacha chun Conair an Iarnróid Chaoil atá á mhaoiniú tríd an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh a fhorbairt.

Ba é an tionscadal deiridh a osclaíodh ar an lá ná leabharlann agus áis phobail Dhroim Dhá Thair, a fuair os cionn €2.2 milliún faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Ag labhairt dó ag an áis, dúirt an tAire:

“Is léir dúinn inniu an méid is féidir a dhéanamh leis an infheistíocht a bhronntar faoi Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann inár mbailte agus sráidbhailte tuaithe. Tá athrú ó bhonn déanta ar an bhfoirgneamh mórthaibhseach seo agus cuspóir nua aige chun an pobal i gcoitinne a fheabhsú agus tacóidh sé leis an athbheochan leanúnach”.