English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Mionsonraí maidir le hinfheistíocht €8.4 milliún do bhonneagar caithimh aimsire lasmuigh fógartha ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ag Fáilte Ireland

Tá mionsonraí foilsithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu (an 21 Feabhra) maidir le tionscadail a gheobhaidh maoiniú faoin Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh i gcomhar le Fáilte Ireland, an tÚdarás Forbartha Turasóireachta Náisiúnta. Cuirfear maoiniú ar fáil faoin Scéim seo d'fhonn taitneamhachtaí faoin spéir, mar conairí, bealaí siúil, bealaí rothaíochta agus gormbhealaí a fhorbairt agus a chothabháil.

Tá €8.4 milliún in iomlán leithdháilte ar 44 tionscadal, mar thoradh ar iarratais a rinneadh in 2019 faoi Bhearta 2 agus 3 den Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh. Is é an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring TD, a cheadaigh an infheistíocht.

Rachaidh an maoiniú seo chun leasa 35 tionscadal meánmhéide le maoiniú suas le €200,000 an ceann i gceist (Tionscadail Bheart 2) agus 9 dtionscadal níos mó a mbeidh maoiniú suas le €500,000 an ceann i gceist (Tionscadail Bheart 3). Tá an infheistíocht seo sa bhreis ar an €1.8 milliún a ceadaíodh do thionscadail níos lú Bheart 1 i mí na Samhna seo caite.

Is ionann an infheistíocht seo agus tionscnamh comhoibríoch idir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Fáilte Ireland, agus chuir an Roinn €4.4 milliún leis an iomlán agus chuir Fáilte Ireland €4 milliún leis.

2.6 milliún turasóir ó thíortha thar lear a thug faoi fhánaíocht nó faoi shiúlóidí trastíre agus iad anseo in Éirinn in 2018, agus chaitheadar tuairim is €1.4 billiún fad agus a bhí siad anseo. Thug 504,000 turasóir eile faoi ghníomhaíochtaí rothaíochta. Cuirfidh na tionscadail atá fógartha faoin Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh tuilleadh leis an méid atá ar fáil do thurasóirí anseo in Éirinn, agus spreagfaidh sé cuairteoirí le níos mó ama a chur lena saoirí i gceantair thuaithe agus cuairt a thabhairt ar na nithe is díol spéise sna réigiúin.

I measc na dtionscadal a ceadaíodh maoiniú dóibh tá:

  • Bealach Siúlóide Cois Farraige Inis Píc – Co. Chorcaí
  • Páirc Fásaigh Lár na Sionainne – Co. an Longfoirt
  • Bonneagar Ghormbhealach na Siúire – Co. Thiobraid Árann
  • Céim 1 den Glasbhealach ó Bhéal Easa go Pontún – Co. Mhaigh Eo
  • Rochtain Inbhuanaithe agus Athchóiriú Gnáthóige ar an Earagail - Co Dhún na nGall
  • Bealach Rothaíochta Teaghlaigh Pháirc Foraoise Rossmore – Co. Mhuineacháin

Is féidir sonraí maidir leis na tionscadail ar fad atá á maoiniú a fháil anseo

Críoch

Nótaí d'Eagarthóirí:

Cuireann an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh maoiniú ar fáil d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh nua a fhorbairt agus d'fhonn bonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá ann cheana féin a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn i gceantair thuaithe na tíre.

Cuireann an scéim maoiniú ar fáil faoi thrí bheart ar leith:

  • Beart 1: Cothabháil/cur chun cinn ar an mbonneagar atá ann cheanna féin ar scála beag (deontas €20,000 ar a mhéid)
  • Beart 2: Deisiú/uasghrádú agus forbairt a dhéanamh ar bhonneagar beag/den mheánmhéid nua ar mheánscála (deontas €200,000 ar a mhéid)
  • Beart 3: Deisiú/uasghrádú agus forbairt a dhéanamh ar thionscadail níos mó agus níos straitéisí (deontas €500,000 ar a mhéid)

Is i ndiaidh an fhógra i mí na Samhna 2019 go raibh leithdháileadh €1.83 milliún ceadaithe do 109 tionscadal faoi Bheart 1 a thagann an fógra seo go bhfuil 44 tionscadal ceadaithe faoi Bhearta 2 agus 3. Tabharfar tacaíocht do mheascán de thionscadail, forbairtí nua san áireamh, uasghrádú agus deisiú a dhéanamh ar chonairí fóillíochta i gceantair thuaithe, agus eispéiris iontacha a chur ar fáil do chuairteoirí leis na deontais.

Tá beagnach €45 milliún anois ceadaithe faoin Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh ón mbliain 2017.