English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Mo Leabharlann Oscailte - Fáilte curtha ag na hAirí Calleary agus Buttimer atá bainte amach mar 50 leabharlann ar fáil taobh amuigh de ghnáthuaireanta

  • An tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte seolta i dtrí cinn de bhrainsí nua ag an Aire Jerry Buttimer
  • Méadóidh tabhairt isteach na seirbhíse uaireanta oscailte gach ceann de na trí bhrainse 145%.
  • Tá infheistíocht níos mó ná €6.1 milliún déanta ag an Rialtas i Mo Leabharlann Oscailte ón mbliain 2014.

D'fháiltigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Callery, agus an tAire Stáit Jerry Buttimer inniu (Dé Luain an 26 Bealtaine) roimh an sprioc thábhachtach atá bainte amach agus an tionscnamh Mo Leabharlann Oscailte, seirbhís taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre, ar fáil anois i mbreis is 50 leabharlann ar fud na tíre.

Baineadh an méid sin amach le linn don Aire Buttimer Mo Leabharlann Oscailte a sheoladh go hoifigiúil i Leabharlann nuachóirithe Charraig Uí Leighin agus tá an tseirbhís ar fáil i Leabharlann Mhala agus i Leabharlann Chionn tSáile ón lá inniu ar aghaidh.

Cuireann Mo Leabharlann Oscailte uaireanta oscailte breise ar fáil, a sholáthraíonn rochtain chun na leabharlainne do bhaill ón 8am go 10pm, 365 lá in aghaidh na bliana. Déanann sé comhlánú ar uaireanta rialta foirne, ag tabhairt deis do bhaill an leabharlann a rochtain ag amanna a oireann dóibh féin, go háirithe iad siúd nach bhfuil ar a gcumas an leabharlann a rochtain le linn uaireanta rialta foirne. Méadóidh tabhairt isteach na seirbhíse uaireanta oscailte seachtainiúla gach ceann de na trí leabharlanna 145%, ón 40 uair an chloig atá ann cheana féin go 98 n-uair an chloig.

D'fháiltigh an tAire Calleary roimh leathnú na seirbhíse Mo Leabharlann Oscailte agus dúirt:

Tréaslaím le Comhairle Contae Chorcaí ar sheoladh na seirbhíse Mo Leabharlann Oscailte i dtrí cinn de leabharlanna nua. Is cúis ríméid dom go raibh sé ar chumas na roinne tacú leis na trí thionscadal seo trí Chlár Caipitil na Leabharlann agus tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Is lá cinniúnach é don rialtas mar go bhfuil breis is €6.1 milliún curtha ar fáil againn anois chun tacú le soláthar na seirbhíse Mo Leabharlann Oscailte i mbreis is 50 brainse. Táim ag tnúth leis an líon seo a fheiceáil ag dul i méid agus an tseirbhís féin a fheiceáil ag dul ó neart go neart.”

Tá cairpéid agus urláir nua ar fud Leabharlann athchóirithe Charraig Uí Leighin le limistéar leanaí ar a bhfuil dathanna geala, stoc leabhar méadaithe agus spás brabhsála. Tá áit suí bhreise agus boird chun dul i mbun staidéir, tabhairt faoi chian obair agus faoi cheardlanna ar fáil freisin. Tá scáileáin idirghníomhacha dhigiteacha ar fáil sna seomraí cruinnithe poiblí agus tá siad tógtha le héascú a dhéanamh ar chruinnithe grúpaí áitiúla, ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí. Is féidir an seomra seo a chur in áirithe le linn an lae agus sa tráthnóna le linn uaireanta Mo Leabharlann Oscailte.

Ag labhairt dó ag seoladh na seirbhíse Mo Leabharlann Oscailte i Leabharlann Charraig Uí Leighin, dúirt an tAire Buttimer:

“Is údar bróid dom a bheith san fhoirgneamh álainn seo inniu le seirbhís Mo Leabharlann Oscailte a sheoladh i dtrí cinn de leabharlanna eile thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí. Cuireann Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Cathrach Chorcaí an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil anois i naoi gcinn de bhrainsí sa chontae agus seo é an líon is airde i gcomparáid le contae ar bith eile in Éirinn.

“Tá sé thar barr go bhfuil an tseirbhís ar fáil faoi láthair in 23 as na 30 údarás leabharlann agus molaim údaráis na leabharlann agus foireann na leabharlann as bheith chomh forásach i bhfreastal ar riachtanais na bpobal. Is ionann ár leabharlanna poiblí agus áit atá compordach agus áisiúil do dhaoine breacaosta, do dhaoine óga agus do phobail nua agus anois beidh sé ar a gcumas leas a bhaint as na seirbhísí seo gach uile lá den bhliain, ó mhaidin go hoíche.”

Fuarthas tacaíocht ó mhaoiniú €361,602 faoi Chlár Caipitil na Leabharlann chun seirbhís Mo Leabharlann Oscailte a sholáthar i gCarraig Uí Leighin agus i Mala. Fuarthas tacaíocht ó mhaoiniú €2.17 milliún faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do leabharlann nua den chineál is nua-aimseartha Chionn tSáile agus cuireadh fáilte roimh bhreis is 100,000 cuairteoir le linn na chéad bhliana tar éis na hoscailte i mí na Samhna 2023.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Mo Leabharlann Oscailte

Cuireann Mo Leabharlann Oscailte uaireanta oscailte breise ar fáil, a sholáthraíonn rochtain chun na leabharlainne do bhaill ón 8am go 10pm, 365 lá in aghaidh na bliana. Déanann sé comhlánú ar uaireanta rialta foirne agus cinntíonn seachadadh seirbhíse, tacaíocht do chustaiméirí, rannpháirtíocht leis an bpobal agus forbairt gníomhaíochtaí cláreagraithe is fearr is féidir. Cuireann na huaireanta a bhfuil foireann ag obair chomh maith le huaireanta breise Mo Leabharlann Oscailte an deis ar fáil do bhaill an leabharlann a rochtain ag amanna a oireann dóibh, go háirithe iad siúd nach bhfuil ar a gcumas teacht chomh fada leis an leabharlann le linn uaireanta rialta foirne. Áirítear ar na gníomhaíochtaí féinseirbhíse atá ar fáil do chomhaltaí le linn uaireanta Mo Leabharlann Oscailte, ach níl siad teoranta dóibh:

  • eisiúint agus tabhairt ar ais stoic
  • úsáid idirlín ar PC agus Wi-Fi lena úsáid ar ghaireas an duine féin
  • saoráidí priontála, fótachóipeála agus scanta
  • spásanna staidéir agus léitheoireachta
  • spás cruinnithe, agus
  • rochtain ar áiseanna leithris

Tugadh isteach tionscnamh Mo Leabharlann Oscailte ar bhonn píolótach i leabharlanna i mBeannchar, sa Tulach Mhór agus i dTobar an Choire sa bhliain 2014 agus tá fáil ar Mo Leabharlann Oscailte faoi láthair i 54 brainse leabharlainne (Féach Aguisín 1).

Forléargas ar bhrainsí leabharlainne

Leabharlann Charraig Uí Leighin

Osclaíodh Leabharlann Charraig Uí Leighin go hoifigiúil sa bhliain 2002, foirgneamh le hachar de 372m2.

Bhí athchóiriú an fhoirgnimh laistigh mar thoradh ar an tionscadal athchóirithe, lena n-áirítear:

  • limistéar leanaí ar a bhfuil dathanna geala agus atá fáilteach, stoc leabhar agus spás brabhsála atá méadaithe, boird do leanaí le haghaidh obair bhaile, ceardaíochta agus cluichí.
  • Tabhairt isteach limistéar nua d'aosaigh óga le háit suí le bheith ar do shuaimhneas agus bailiúcháin éagsúla leabhar.
  • Áit suí bhreise agus boird chun tabhairt faoi staidéar, cianobair, ceardlanna, srl.
  • Tógadh seomra cruinnithe pobail ilfheidhmeach le scáileáin idirghníomhacha dhigiteacha chun cruinnithe grúpaí, imeachtaí agus gníomhaíochtaí áitiúla a éascú. Is féidir an seomra seo a chur in áirithe le linn an lae agus sa tráthnóna le linn uaireanta Mo Leabharlann Oscailte.
  • Wi-Fi uasghrádaithe le rochtain saor ina aisce ar idirlíon ardluais
  • Tá cairpéid agus urláir nua ar fud an fhoirgnimh, chomh maith leis na ballaí go léir laistigh agus lasmuigh a bheith péinteáilte as an nua le dathanna atá i gcodarsnacht le chéile agus grafaicí formáidithe móra maidir le húdar spéise na staire go háitiúil.
  • cuimsiú raca rothair chun taisteal inbhuanaithe a spreagadh

Leabharlann agus Spás Cultúir Chionn tSáile

Osclaíodh Leabharlann Chionn tSáile i mí na Samhna 2023 agus cuireadh fáilte roimh bhreis is 100,000 cuairteoir le linn na chéad bhliana. Foirgneamh trí stór an tSeanmhuilinn a bhí san fhoirgneamh roimhe seo, a chuaigh siar go dtí na 1800í, ach rinneadh athchóiriú as an nua air ó fhothrach a bhí cumhdaithe le cláir adhmaid go leabharlann agus spás cultúir den chineál is nua-aimseartha. Fuarthas maoiniú €2.17 milliún don tionscadal athchóirithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le hinfheistíocht bhreise €2.6 milliún ó Chomhairle Contae Chorcaí. Rinne Rannóg Ailtireachta Chomhairle Contae Chorcaí Leabharlann Chionn tSáile a dhearadh go hinmheánach agus bhain gearrliosta Ghradaim Ailtireachta an RIAI amach agus ainmníodh an leabharlann mar an foirgneamh nó an spás poiblí is fearr le muintir na hÉireann don bhliain 2024.

Leabharlann Mhala

Cuimsíonn Leabharlann Mhala dhá urlár le spásanna staidéir agus brabhsála ar leith.

Is spás tiomanta taispeántais, seomra cruinnithe agus spás céadfach atá ann freisin. Ní fhéadfadh an brainse a bheith suite in áit níos fearr agus tá tacaíocht mhaith ag an leabharlann i measc an phobail go léir sa bhaile mór agus sa cheantar máguaird. Cuireann an brainse clár leathan imeachtaí ar fáil, ó ghrúpaí cniotála do dhaoine fásta agus d'ógánaigh, seisiúin biongó, grúpa leanaí agus lapadáin, club LEGO agus go leor eile. Is í an leabharlann croílár an bhaile a chuireann spás luachmhar pobail ar fáil agus tá an pobal áitiúil mórálach as seo.

Aguisín 1 - Na brainsí leabharlainne a chuireann seirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil

 

Údarás na Leabharlainne

Brainse Leabharlainne

Méid an Mhaoinithe ón Rialtas

Foinse Maoinithe

1

Ceatharlach

An Bhuiríos

€97,388

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

2

Ceatharlach

Muinebheag

€31,318

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

3

Ceatharlach

An Tulach

€93,000

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

4

Cathair Chorcaí

Baile an Easpaig

€130,230

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

5

Cathair Chorcaí

An Linn Dubh

€115,380

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

6

Cathair Chorcaí

Dúglas

€97,545

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

7

Cathair Chorcaí

Gleann Maghair

€112,680

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

8

Contae Chorcaí

Droichead na Bandan

€138,442

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2021

9

Contae Chorcaí

Mainistir Fhear Maí

€175,936

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

10

Contae Chorcaí

Carraig Uí Leighin

€213,064

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

11

Contae Chorcaí

Cionn tSáile

€2,170,000

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

12

Contae Chorcaí

Mala

€148,538

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

13

Dún na nGall

Bun Cranncha

€97,598

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

14

Cathair Bhaile Átha Cliath

Peambróg

€41,138

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

15

Cathair Bhaile Átha Cliath

Ráth Éanaigh

€71,293

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

16

Cathair Bhaile Átha Cliath

Baile Bhailcín

Dada

Údarás Áitiúil 

17

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

Deilginis

€162,835

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

18

Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

Gráinseach an Déin

€152,741

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

19

Fine Gall

Baile Dúill

€75,000

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

20

Gaillimh

Béal Átha na Sluaighe

€50,816

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

21

Cill Chainnigh

Caisleán an Chomair

€59,316

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

22

Luimneach

An Cheapach Mhór

€39,283

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

23

Laois

Cúil an tSúdaire*

€70,142

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

24

An Longfort

Baile Uí Mhatháin

€32,387

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

25

An Longfort

Béal Átha Liag*

€51,188

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

26

Baile Átha Fhirdhia

€237,219

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

27

Droichead Átha

€152,066

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

28

An Mhí

An Bóthar Buí

€1,500,000

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

29

An Mhí

An Obair*

€180,000

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

30

An Mhí

Baile Shláine*

€32,250

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

31

An Mhí

Baile Átha Troim

€4,582,711

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016 & An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

32

Muineachán

Carraig Mhachaire Rois

€110,795

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

33

Uíbh Fhailí

Beannchar

€116,761

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2014

34

Uíbh Fhailí

An Féar Bán

€95,487

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

35

Uíbh Fhailí

Cill Chormaic

€84,920

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

36

Uíbh Fhailí

Tulach Mhór

€100,218

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2014

37

Sligeach

Tobar an Choire

€55,500

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2014

38

Baile Átha Cliath Theas

Leamhcán

Dada

Údarás Áitiúil 

39

Tiobraid Árann

Carraig na Siúire

€47,591

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

40

Tiobraid Árann

An Chathair-Caiseal

€72,270

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

41

Tiobraid Árann

An tAonach

€72,537

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

42

Tiobraid Árann

Ros Cré

€46,062

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

43

Tiobraid Árann

An Teampall Mór

€3,000,000

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

44

Tiobraid Árann

Bhaile Thiobraid Árann

€65,181

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

45

Port Láirge

Lios Mór

€137,744

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

46

Port Láirge

Trá Mhór

€250,160

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2022

47

Port Láirge 

Dún Garbhán

€124,750

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

48

An Iarmhí

Baile na gCros

€115,974

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

49

An Iarmhí

An Móta

€74,742

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

50

An Iarmhí

An Muileann gCearr

€75,668

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

51

Loch Garman

Guaire

€70,945

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

52

Loch Garman

Ros Mhic Thriúin

€92,218

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2019

53

Cill Mhantáin

An tInbhear Mór

€16,621

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016

54

Cill Mhantáin

Cill Mhantáin

€1,000,000

Maoiniú Mo Leabharlann Oscailte 2016-2022

* I láthair na huaire tá seirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil do bhaill roghnaithe lena chinntiú nach mbíonn aon saincheisteanna teicniúla ann sula gcuirtear clárú ar fáil don phobal.