English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Os cionn €26 milliún fógartha ag an Aire Calleary i gcomhair oibreacha feabhais agus athchóirithe ar 369 lárionad pobail ar fud na tíre

  • 369 lárionad pobail chun maoiniú de suas le €100,000 a fháil.
  • Ar na hoibreacha a dhéanfar, áirítear athchóiriú ar fhoirgnimh, áiseanna feabhsaithe, bearta inrochtaineachta agus feabhsuithe fuinnimh chun cuidiú le hacmhainneacht pobal a chothú.
  • Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun a bheith ina chiste rollach buan chun lárionaid phobail áitiúla a fheabhsú, a athchóiriú agus a thógáil.

Tá maoiniú de €26.1 milliún fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, inniu (Márta 11ú, 2025) faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024, lena ndéanfar oibreacha feabhais agus athchóirithe ar 369 lárionad pobail ar fud na tíre. Tá níos mó ná €109 milliún faofa faoin chiste anois.

Faoi Chatagóir 2 den chiste, bronnfar deontais chaipitil de suas le €100,000 ar na tionscadail lárionad pobail rathúla a fógraíodh inniu. Tá an maoiniú seo sa bhreis ar an €7.8 milliún a ceadaíodh le déanaí i mí na Samhna i gcomhair oibreacha athchóirithe beaga de suas le €25,000 ar os cionn 400 ionad faoi chatagóir 1.

Áirítear ar na tionscadail atá á maoiniú faoi fhógra an lae inniu:

  • Contae Cheatharlach – Halla Pobail Ráth Tó – €100,000 do shuiteáil cistine, córas aláraim dóiteáin, soilsiú éigeandála, feabhas ar urlárlach adhmaid agus suiteáil painéal gréine nua.
  • Contae Dhún na nGall – Lárionad Pobail Acmhainní Teaghlaigh Dhún na nGall – €100,000 d’athchóiriú agus feabhsú an ionaid, le hinrochtaineacht fheabhsaithe.
  • Contae Chiarraí – Lárionad Pobail Seirbhísí Sóisialta Chathair Saidhbhín – €100,000 chun an t-ionad atá ann cheana a leathnú tríd an chuid thuas staighre den fhoirgneamh a athchóiriú.
  • Contae Laoise – Lárionad Pobail Chluain na Slí – €100,000 d’oibreacha feabhsaithe agus athchóirithe ar an fhoirgneamh.
  • Contae Longfoirt – Halla Pobail Chluain Geis – €89,076 i gcomhair córais teasa nua agus feabhsuithe ar an chistin.
  • Contae Mhaigh Eo – Lárionad Pobail Chill Ala – €100,000 chun córas teasa gáis agus córas aerála meicniúla a shuiteáil agus urlár nua sa lárionad pobail.
  • Contae Shligigh – Halla Pobail Mhainistir Bheannada – €95,356 i gcomhair uasghrádú moil pobail tuaithe agus feabhsuithe fuinnimh.
  • Contae na hIarmhí – Lárionad Pobail Bhaile na hAbhann – €100,000 i gcomhair cothabháil riachtanach ar dhíon Lárionad Pobail Bhaile na hAbhann.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary:

“Leis an maoiniú atá á fhógairt agam inniu faoin Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail, cinnteofar go mbainfidh 369 pobal ar fud ár gcathracha, ár mbailte agus ár sráidbhailte tairbhe as áiseanna pobail feabhsaithe. Tá sé seo sa bhreis ar an maoiniú do níos mó ná 400 áis a fógraíodh i mí na Samhna.

“Is i Lárionaid Phobail a mhaireann ár bpobail. Is iontu a tharlaíonn cuid dár n-ócáidí is tábhachtaí, ar laethanta maithe agus laethanta olca. Arís le seachtainí beaga anuas tá feicthe againn tábhacht na n-ionad seo dá bpobail áitiúla agus go leor acu á n-úsáid mar mhoil éigeandála i ndiaidh stoirm Éowyn.

“Cuirfidh an maoiniú atá á chur ar fáil ag mo Roinn faoin Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobal ar chumas na bpobal seo chun leanúint de bheith ag cur an spás pobail bunriachtanach sin ar fáil.

“Is éagsúil na tionscadail atá á maoiniú inniu, ag brath ar na riachtanais a sainaithníonn na pobail éagsúla; i gcuid acu déanfar creatlach a n-áiseanna a fheabhsú trí leasuithe dín agus inslithe; i gcuid eile déanfar cistiní agus leithris a uasghrádú; i gcuid eile fós déanfar a bhfoirgneamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

“Cibé oibreacha feabhsaithe atá á gcríochnú, is féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an maoiniú seo á dhíriú ar chroí na bpobal, pobail tuaithe agus uirbeacha araon, agus mar thoradh ar na hoibreacha seo beidh ár n-áiseanna pobail níos inmharthana, níos taitneamhaí agus níos inrochtana.”

Agus é ag labhairt ag an fhógra inniu, dúirt Jerry Buttimer, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí:

“Ní mór dom na saorálaithe in gach ceann de na hionaid seo a mholadh, as a bhflaithiúlacht ó thaobh ama agus scileanna a thugann siad ar mhaithe lena bpobail. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach ceann de na coistí ar éirigh leo maoiniú a fháil inniu agus guím gach rath orthu ina dtionscadail éagsúla.

“Fáiltím roimh an ngealltanas i gClár an Rialtais ó thaobh cinnte a dhéanamh go mbeidh an scéim seo ina ciste rollach buan chun lárionaid phobail áitiúla a fheabhsú, a athchóiriú agus a thógáil.”

Tá an liosta iomlán de na lárionaid phobail atá ag fáil maoinithe ar fáil anseo.


Nótaí don eagarthóir:

Bronnfar deontais faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024 – Beart Athchóirithe mar seo a leanas:

Catagóir 1: Tionscadail bheaga/feabhsuithe ar áiseanna €10,000 - €25,000.

Ní mór don iarrthóir 5% de bhuiséad iomlán an tionscadail a bheith acu mar chistiú meaitseála.

Ceadaíodh maoiniú do 405 thionscadal faoi chatagóir 1 i mí na Samhna 2024, le maoiniú gaolmhar de bhreis agus €7.8 milliún.

Catagóir 2: Tionscadail mhóra €25,001 go €100,000.

Ní mór don iarrthóir 10% de bhuiséad iomlán an tionscadail a bheith acu mar chistiú meaitseála.

Tá maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitil cosúil le:

  • Costais a bhaineann le hoibreacha tógála/athchóirithe (m.sh. ábhair do shíneadh, athchóiriú, nuachóiriú, urlárlach, leictreachas, agus/nó pluiméireacht)
  • Costais a bhaineann le trealamh atá ina chuid chomhtháite d’fhoirgneamh, m.sh aonaid chistine, cuntair oibre, doirtil, fearais seomra folctha srl., a cheannach nó a shuiteáil, nó trealamh nua dá leithéid a fháil
  • Costais a bhaineann le feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgneamh
  • Costais chíosa do threalamh atá de dhíth ar an tionscadal m.sh. tochaltóir, meascthóirí stroighne, srl.
  • Costais oibre do cheardaithe cláraithe cosúil le tógálaithe, plástrálaithe, maisitheoirí, pluiméirí, leictreoirí srl. de réir mar is gá do chríochnú an tionscadail.
  • Costais cheannacháin an trealaimh atá riachtanach do rath leanúnach an tionscadail tar éis dó chríochnú m.sh. fearas cistine do thionscadal athchóirithe cistine, soilsiú feabhsaithe, ardaitheoir a shuiteáil chun rochtain a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, srl.
  • Feabhsuithe ar áiseanna atá riachtanach chun rialacháin sábháilteachta agus foirgníochta a chomhlíonadh m.sh. líneáil ballaí agus urlár, bealaí éalaithe, sreangú, soicéid, lasca leictreacha agus cláir dháileacháin, umair bhreosla, múcháin um dhó gáis, córais agus fearais teasa.
  • Trealamh sábháilteachta dóiteáin m.sh. doirse dóiteáin, córas aláraim dóiteáin, srl.
  • Oibreacha feabhsúcháin ar fhearais leictreachais, gáis, agus teasa chun cinnte a dhéanamh go gcomhlíonann siad rialacháin agus caighdeáin agus araile.