Ár nOileáin Bheo: Fógraíonn an tAire Calleary maoiniú do chomhlachtaí forbartha ar na hoileáin
- Foilsithe: 23 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Bealtaine 2025
Tá sé fógartha inniu (Dé hAoine, 23 Bealtaine) ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil maoiniú €830,900 ceadaithe do na comhlachtaí forbartha ar oileáin neamh-Ghaeltachta Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.
Is ionann seo agus ardú aon-uaire 22.2% san iomlán i gcomparáid le 2024, chun an maoiniú a thabhairt cothrom leis na comhlachtaí forbartha ar na hoileáin Ghaeltachta. Tagann sé as athbhreithniú a rinne an Roinn ar mhúnla maoinithe na gcomhlachtaí forbartha pobail ar na hoileán, mar a bhí geallta in Ár nOileáin Bheo, polasaí náisiúnta na n-oileáin 2023-2033.
Déanann Comhar na nOileán bainistiú ar riaradh an mhaoinithe agus tá maoiniú breise ceadaithe chun líonra tacaíochta agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt do na comhlachtaí forbartha seo.
Is cuspóir straitéiseach in Ár nOileáin Bheo é Pobail na nOileán a chumasú, agus tá na comhlachtaí forbartha pobail lárnach sa mhéid seo. Tacaíonn an maoiniú a chuirtear ar fáil dóibh go bliantúil go díreach le fostú oifigigh forbartha pobail agus oibrithe tacaíochta ar na hoileáin amach ón gcósta. Cuimsíonn a gcláir oibre 8 bpríomhréimse oibre, lena n-áirítear seirbhísí pobail laethúla a sholáthar, tacú le fiontraíocht shóisialta agus le gníomhaíocht eacnamaíoch ar na hoileáin, agus idirchaidreamh a dhéanamh le forais Stáit chun bonneagar a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag pobail oileáin ar sheirbhísí poiblí riachtanacha.
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail os cionn €10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil freisin i dtreo seirbhísí iompair fóirdheonaithe lena chinntiú gur féidir lenár bpobail oileáin leas a bhaint as seirbhísí aeir, farantóireachta agus lastais throma atá iontaofa agus inacmhainne ar feadh na bliana. Ina theannta sin, cuirtear maoiniú os cionn €1 mhilliún in aghaidh na bliana ar fáil trí Údarás na Gaeltachta do 7 gcomhlacht forbartha pobail ar oileáin Ghaeltachta.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Calleary:
“Tá comharchumainn agus comhlachtaí forbartha áitiúla lárnach i soláthar seirbhísí laethúla agus tograí forbartha ar na hoileáin. Tá áthas orm an gealltanas a tugadh in Ár nOileáin Bheo chun athbhreithniú a dhéanamh ar an struchtúr maoinithe a chomhlíonadh. Cinntíonn an maoiniú leasaithe seo atá á fhógairt agam inniu go mbeidh an leibhéal céanna tacaíochta ar fáil anois ag ár n-oileáin ar fad, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.”
Ag cúr fáilte roimh an mhaoiniú, dúirt Máire Uí Mhaoláin, Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán:
"Fáiltíonn Comhar na nOileán roimh an ardú suntasach atá curtha ar fáil do na hoileáin neamh-Ghaeltachta chun a gclár oibre a chur i bhfeidhm. Is deá-chomhartha é go bhfuil an Rialtas tiomanta do chás na nOileán agus ag dul i dtreo plean gnímh ‘Ár nOileáin Bheo’ a sheachadadh. Cuidíonn an maoiniú seo leis na comhlachtaí pobal-bhunaithe agus na pobail ar an hoileáin neamh-Ghaeltachta a dhéanamh níos inmharthanaí. Is céim chun tosaigh é seo agus táthar ag súil go dtógfar ar an dul chun cinn seo ar bhunús leanúnach sna blianta amach romhainn.”
Nótaí d'eagarthóirí:
Aguisín 1: Maoiniú 2025
Comhlacht Forbartha |
Oileán |
Maoiniú 2025 |
Cliara Development Company DAC |
Cliara, Co Mhaigh Eo |
€152,000 |
Inishturk Community Club CLG |
Inis Toirc, Co Mhaigh Eo |
€152,000 |
Inishbofin Development Company CLG |
Inis Bó Finne, Co na Gaillimhe |
€152,000 |
Bere Island Projects Group Limited |
An tOileán Mór (Béara), Oileán Baoi, Faoide, Co Chorcaí |
€177,500 |
Sherkin Island Development Society |
Inis Earcáin, Inis Fada agus Inis Uí Drisceoil, Co Chorcaí |
€160,000 |
Comhar na nOileán riarachán |
|
€27,400 |
Tacú – líonraí tacaíochta agus oiliúint |
|
€10,000 |
Iomlán |
|
€830,900 |
Tá na comhlachtaí forbartha agus comharchumainn ar na hoileáin Ghaeltachta maoinithe trí Údarás na Gaeltachta
Aguisín 2: Príomhréimsí oibre na gcomhlachtaí forbartha pobail ar na hoileáin:
- Soláthar seirbhíse
- Seirbhísí Sláinte, Sóisialta agus Cúraim, Spórt agus Folláine
- Oideachas agus Oiliúint
- Fiontraíocht shóisialta agus forbairt eacnamaíoch
- Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht agus Turasóireacht
- Bonneagar agus Comhshaol
- Forbairt agus Bainistíocht Inmheánach Eagraíochta, Cumarsáid, Oiliúint agus Tacaíocht
- Abhcóideacht Sheachtrach, Líonrú, Forbairt Beartais