English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plean Gnímh na gCuntas Dímhaoin 2021 foilsithe ag an Aire O’Brien

Maoiniú €51 milliún chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste.

Inniu d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Joe O’Brien, TD, maoiniú breis is €51 milliún ó Chiste na gCuntas Dímhaoin chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste ar fud na tíre.

Is féidir airgead ó Chiste na gCuntas Dímhaoin a úsáid chun maoiniú a chur ar fáil do bhearta a théann i ngleic le míbhuntáistí eacnamaíochta, sóisialta nó oideachais agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas. Cuireann Plean Gnímh 2021 maoiniú €51 milliún ar fáil do 46 bheart i 10 Roinn Rialtais.

Seo leanas cuid de na bearta atá ceadaithe le haghaidh maoiniú:

  • €6.4 milliún d’infheistíocht agus do ghníomhaíochtaí a chuideoidh le feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa spórt i bpobail faoi mhíbhuntáiste agus do dhaoine faoi mhíchumas.
  • €6 mhilliún don óige agus do sheirbhísí ceartas poiblí chun an tionchar agus na himpleachtaí a bhíonn ag coireacht ar dhaoine óga agus ar phobail a chomhrac.
  • €2.3 milliún chun tacú le fiontair shóisialta aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí sóisialta agus eacnamaíochta.
  • €1 milliún do thionscnamh infhostaitheachta don óige chun na scileanna boga a theastaíonn uathu a chur ar fáil chun infhostaitheacht a fheabhsú.

Ag seoladh an Phlean Gnímh inniu, dúirt an tAire O’Brien:

“Tá áthas orm Plean Gnímh na gCuntas Dímhaoin 2021 a sheoladh, plean a chuireann maoiniú breis is €51 mhilliún ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste ar fud na hÉireann. Beidh an 46 bheart atá ceadaithe i gcomhair maoiniú in 2021 á gcur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus cuideoidh siad aghaidh a thabhairt ar réimse leathan ceisteanna cosúil le dífhostaíocht fhadtéarmach, míbhuntáistí an óige, comhtháthú inimircigh agus tacú le promhadh chun athchiontú a sheachaint.”

Lean an tAire ar aghaidh ag rá:

“Déanann maoiniú ó Chiste na gCuntas Dímhaoin difríocht mhór do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre. Fuair eagraíochtaí ar nós The Navan Travellers Workshop, Seirbhís Comhairleoireachta It’s Good to Talk i Loch Gorman agus an Grúpa Lucan Disability Action tacaíocht le déanaí ó Chiste na gCuntas Dímhaoin tríd an gCiste Cobhsaíochta COVID 19."

"Tá maoiniú ó na Cuntais Dhímhaoine ag cuidiú le daoine leochaileacha, ag tacú le cuimsiú sóisialta agus ag neartú ár bpobail. Cinnteoidh an Plean Gnímh 2021, atá á fhoilsiú inniu, go mbeidh muid in ann coinneáil orainn ag tacú leo siúd is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu le linn na tréimhse achrannaí seo.”

Is féidir Plean Gnímh na gCuntas Díomhaoin 2021 íoslódáil anseo.

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí:

#DAF2021

San iomlán, cuirfear tacaíocht ar fáil do 46 bheart éagsúla, a bhfuil luach €51 mhilliún orthu faoin bPlean Gnímh 2021. Tá liosta iomlán de na bearta a mbeidh maoiniú ar fáil dóibh faoi Phlean Gnímh Chiste na gCuntas Díomhaoin 2021 leagtha amach sa tábla thíos.

Cuireadh maoiniú ar fáil do go leor beart faoin bPlean Gnímh sna blianta roimhe seo agus leanfar ar aghaidh leis an maoiniú sin in 2021 sa gcaoi go mbeidh siad in ann feidhmiú arís an chéad bhliain eile. In 2021 leanfar leis an gcuid is mó de na bearta atá ceadaithe agus beidh na Ranna Rialtais freagrach as a gcuid bearta féin a chur i gcrích. Is féidir leis na bearta dul ar aghaidh ar feadh roinnt blianta agus cuirfear maoiniú ar fáil ón gciste de réir an chaiteachais.

Cuireann an Plean Gnímh seo leis na pleananna roimhe seo agus cinntítear go mbeidh tacaíocht ar fáil i gcónaí do dhaoine agus eagraíochtaí ar fud na tíre. Tháinig méadú ar mhéid an mhaoinithe i bPlean Gnímh 2021 ó €45.5 milliún go dtí €51 mhilliún. Cuireann sé seo leis an méadú caiteachais le blianta beaga anuas, bunaithe ar acmhainní an chiste, agus tá sé i gcomparáid le €28.5 milliún a ceadaíodh i bPlean Gnímh 2016.

Rud eile, sa bhliain 2020, chuir Ciste na gCuntas Díomhaoin maoiniú €50 milliún ar fáil mar thacaíochtaí aon uaire do charthanais, eagraíochtaí poiblí agus eagraíochtaí deonacha agus fiontair shóisialta mar gheall ar phaindéim Covid-19. Faoi láthair táthar ag íoc amach an maoinithe seo le hiarratasóirí rathúla faoin gCiste Cobhsaíochta Covid-19 (€45 milliún) agus faoin gCiste Covid-19 Innovate Together (€5 mhilliún).

Cúlra ar Chiste na gCuntas Díomhaoin

Soláthraíonn na hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012 agus an tAcht um Pholasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003 creat ar dá réir a dhéantar riaradh ar chuntais i bhforais chreidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus ar pholasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é is príomhchuspóir don reachtaíocht ná sealbhóirí cuntas nó polasaithe a athaontú lena gcuid cistí i bhforais chreidmheasa nó i ngnóthais árachais agus, i dtaca leis sin de, tá sé de cheangal ar na comhlachtaí sin bearta a dhéanamh chun úinéirí cuntas díomhaoin agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus chun dul i dteagmháil leo.

Le gur féidir úsáid a bhaint as na cistí gan úsáid, áfach, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht maidir le cistí nach dócha ina leith go n-athéileofar iad ó chuntais dhíomhaoine ná ó pholasaithe neamhéilithe a eisíoc chun críocha beart chun cabhair a thabhairt:

1. forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach,

2. forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil nó

3. daoine faoi mhíchumas.

Tábla Achoimre ar Phlean Gnímh 2021 Chiste na gCuntas Díomhaoin