Ráiteas Straitéise nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail foilsithe ag an Aire Humphreys
- Foilsithe: 25 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an dara Ráiteas Straitéise ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail foilsithe ag an Aire Humphreys inniu, lena gcumhdaítear tréimhse 2021-2023.
Is é misean na Roinne fós “forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann”.
Leagtar amach Príomhchuspóirí Straitéiseacha na Roinne sa Straitéis, is é sin an misean a sholáthar sna trí bliana romhainn amach.
Dúirt an tAire Humphreys agus í ag cur fáilte roimh an Straitéis:
“Tá an-chuid dearfach déanta ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar fud gheilleagar agus shochaí na tíre ó bunaíodh í in 2017.
“Tá ról ríthábhachtach ag an Roinn i dtaobh tacú le pobail na tíre ar fad a bheith faoi bhláth agus forbairt a dhéanamh agus táim ag súil leis an gclár oibre uaillmhianach a bhfuil achomair tugtha i Ráiteas Straitéise nua na Roinne ina leith a sholáthar.
"Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh tacú le forbairt tuaithe agus pobail i gcomhthéacs na ndúshlán atá ann mar gheall ar COVID-19, an Breatimeacht agus athrú aeráide.
Dúirt an tAire Humphreys:
"Tá an neart agus an teacht aniar a bhaineann le pobail na tíre léirithe go maith de bharr COVID-19. Is eol dom gur cuidiú í obair na Roinne chun an neart seo a chothú ar bhealach uileghabhálach le go n-éireoidh linn an Straitéis a chur i bhfeidhm.
"Tá deiseanna forbartha eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir i gceantair thuaithe na tíre ar féidir leas a bhaint astu, go mór mór i dtaobh na bpoitéinseal a bhaineann le cianobair a fhiosrú.
Agus deireadh ag teacht le Covid-19, leanfaidh an Roinn de bheith ag obair chun saol mhuintir na bpobal seo, pobail uirbeacha agus thuaithe araon, a fheabhsú.
Dúirt an tAire Stáit Joe O’Brien agus é féin ag cur fáilte roimh fhoilsiú na Straitéise:
“Tugtar achoimre de réimse gealltanas i gcreat beartais na Roinne sa Straitéis seo, trí réimse de chláir agus de thacaíocht do phobail agus d'eagrais phobail, agus trí chomhoibriú le gach cuid den Rialtas agus lenár bpáirtithe leasmhara is leithne."
"Tugtar léargas maith sa Straitéis ar ár ngealltanas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na hearnálacha pobail agus deonacha chomh maith leosan a bhíonn ag obair chun pobail inbhuanaithe agus ionchuimsitheacha a fhorbairt."
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is féidir Ráiteas Straitéise na Roinne a fháil, i nGaeilge anseo.