English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Calleary CLÁR 2025

  • €11 mhilliún ar fáil chun tuilleadh acmhainneacht phobail thuaithe a thógáil
  • Béim ar áiseanna agus saoráidí pobail
  • Tacaíocht leanúnach d'fheithiclí do chéad fhreagróirí, béilí ar rothaí agus iompar chúram ailse
  • Tacaíocht dhírithe ar phobail oileán agus maoiniú breise do cheantair na Gaeltachta

Inniu (Dé hAoine, an 4 Aibreán), sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, CLÁR 2025. Méadaíodh an buiséad do chlár na bliana seo go €11 mhilliún.

Faoin tionscnamh, cuirfear maoiniú ar fáil thar thrí bheart:

1. Forbairt áiseanna agus saoráidí pobail lena n-áirítear áiseanna spóirt, clubanna óige, spásanna do dhéagóirí, áiteanna súgartha, gairdíní céadfacha, rianta siúlóide agus go leor eile.

2. Tacaíocht d’iompar pobail amhail tacaíocht do chúram ailse, chéad fhreagróirí pobail, feithiclí béilí ar rothaí, nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3. Maoiniú saincheaptha dár bpobail oileán amach ón gcósta faoin mbeart sonrach ‘Ár nOileáin Bheo’.

Tá an leibhéal maoinithe d’áiseanna agus saoráidí pobail méadaithe ó €50,000 go €65,000, le rogha nua i mbliana d’údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €100,000 le haghaidh 2 thionscadal ar scála níos mó.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do cheantair na Gaeltachta, beidh cead ag údaráis áitiúla iarratas amháin breise a chur isteach i mbliana maidir le háis phobail i gceantar Gaeltachta.

Ag fógairt sonraí an chláir inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Cuirtear maoiniú ar fáil faoi CLÁR le blianta fada chun ár bpobail tuaithe a fhorbairt agus a thacú chun iad a dhéanamh níos acmhainní, agus níos mealltaí le maireachtáil iontu, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

“Cuirtear CLÁR in oiriúint do riachtanais na bpobal. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta incháilithe don bhliain seo, is cúis áthais dom an cúnamh deontais iomlán in aghaidh an tionscadail a mhéadú agus cead a thabhairt do thionscadail suas le €100,000 a dhéanfaidh difear fíor agus inláimhsithe do phobail.

“Chuir mé soláthar sonrach ar fáil freisin do thionscadail Ghaeltachta a thugann tacaíocht spriocdhírithe do na pobail seo in éineacht lenár mbeart oileánda.”

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Carthanas agus Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer TD:

“Cuireadh breis is €84 milliún ar fáil faoi CLÁR ó tugadh isteach arís é in 2016. Ceadaíodh os cionn 2,700 tionscadal le linn na tréimhse sin agus tá pobail ar fud na tíre ag baint sult as na buntáistí a thug an CLÁR dá bpobal.

“Chonaiceamar tábhacht ár n-áiseanna pobail i mbliana agus, faoi CLÁR, tabharfar tacaíocht bhreise dóibh seo i gcuid de na ceantair is tuaithe atá againn.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Calleary:

“Ar aon dul le gealltanas i gclár an Rialtais, chuir m’oifigigh tús le hathbhreithniú ar incháilitheacht CLÁR. Tá súil agam go mbeidh mé in ann na réimsí atá incháilithe faoin gclár a leathnú in 2026 tar éis toradh an athbhreithnithe sin a mheas.”

Tá sonraí iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

CLÁR 2025

Cuireann CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) maoiniú ar fáil do thionscadail mhionscála i gceantair thuaithe ainmnithe ina bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonraithe tar éis titim amach.

Athosclaíodh an scéim in 2016 chun tacú le forbairt limistéir iargúlta tuaithe trí thionscadail chaipitil ar scála beag a bhaineann le comhoibriú idir údaráis áitiúla agus pobail, chomh maith le heagraíochtaí pobail eile.

Is iad na ceantair a ndírítear orthu faoi CLÁR ná ceantair sna contaetha seo a leanas: Ceatharlach, an Cabhán, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin agus Contae Liatroma ar fad.

Tá léarscáil náisiúnta de cheantair CLÁR, mar aon le léarscáileanna contae aonair, ar fáil: anseo

Seo a leanas na bearta a mhaoinítear faoi CLÁR 2025:

  • Beart 1: Forbairt Áiseanna agus Saoráidí Pobail (iarratais trí údaráis áitiúla)
  • Beart 2: Soghluaiseacht, cúram ailse, chéad fhreagróirí pobail agus iompar béilí ar rothaí (iarratais dhíreacha ar an RFTP)
  • Beart 3: 'Ár nOileán Bheo' (iarratais dhíreacha ar an RFTP)