English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Humphreys Ráiteas Straitéise nua don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

D’fhoilsigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D., Ráiteas Straitéise nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail inniu.

Leagtar amach sa Straitéis an fhís agus na spriocanna straitéiseacha a threoróidh obair na Roinne sa tréimhse 2023 go 2025 agus í ag leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh a misean “chun forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bhríomhara, uilechuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann”.

Ag fáiltiú roimh an Straitéis, dúirt an tAire Humphreys:

“Táim bródúil as an tionchar dearfach atá ag an obair atá déanta sa Roinn agam go dtí seo. Tá beartais agus infheistíocht straitéiseach mo Roinne ag cur ar chumas ár gceantair thuaithe agus ár bpobail forbairt go hinbhuanaithe, éirí níos láidre ó dhúshláin, agus a rathú. Tá tionchar dearfach ag Ár dTodhchaí Tuaithe, an príomhbheartas forbartha tuaithe náisiúnta, ag cur le hathbheochan ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe agus ag cruthú deiseanna feabhsaithe agus cáilíocht beatha níos fearr do dhaoine a chónaíonn agus a oibríonn i gceantair thuaithe. Agus tá ár gcuid oibre leis an Earnáil Phobail agus Dheonach ag cur le struchtúir pobail áitiúla a fheabhsú, ag neartú na hathléimneachta atá laistigh dár bpobail, agus ag tógáil comhtháthú sóisialta.”

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh, agus dúirt:

“Treoireoidh an Ráiteas Straitéise nua seo sinn agus muid ag tógáil ar an dul chun cinn maith atá déanta cheana féin maidir lenár bpríomhbheartais agus tacaí a sheachadadh agus de réir mar a thugaimid aghaidh ar riachtanais leanúnacha agus éiritheacha na bpobal de réir mar a thagann siad chun cinn. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an tAire Stáit Joe O’Brien agus foireann na Roinne chun an raon uaillmhianach gníomhartha sa Straitéis a bheidh le cur i bhfeidhm idir seo agus 2025 a sheachadadh.”

D’fháiltigh Joe O’Brien T.D., an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, roimh an Straitéis nua freisin. Dúirt sé:

“Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail tacaíochtaí ríthábhachtacha ar fáil do phobail tuaithe agus uirbeacha ar fud na tíre. Tá ár misean níos tábhachtaí ná riamh, de réir mar a leanann ár sochaí ag cruthú pobail bheoga agus chomhtháite agus ag freagairt do dhúshláin atá ag teacht chun cinn mar na costais mhaireachtála atá ag ardú. Cinnteoidh seachadadh na ngealltanas atá leagtha amach sa Straitéis nua seo tacaíocht leanúnach dóibh siúd sna hearnálacha pobail agus deonacha, agus neartófar agus tacóidh sé lenár bpobail a thuilleadh agus rannchuideoidh sé le sochaí níos cuimsithí agus níos comhtháite a thógáil.”

Tá Ráiteas Straitéise na Roinne ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla anseo:

Ráiteas Straitéise 2023-2025
Amharc amharc

CRÍOCH


Notaí

Clúdaíonn an Ráiteas Straitéise an tréimhse 2023-2025 agus bhí sé bunaithe ar chomhairliúchán fairsing le raon leathan páirtithe leasmhara.

Soláthraíonn sé achoimre ar obair na Roinne thar a cúig sprioc straitéiseacha, mar atá leagtha amach thíos, agus gníomhartha le seachadadh faoi gach ceann de na spriocanna:

1. Forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na gceantar tuaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear na hoileáin amach ón gcósta

2. Cur le cuspóirí forbartha réigiúnacha náisiúnta agus a thacú leo

3. Tacú le pobail chumhachtaithe, chuimsitheacha athléimneacha agus le cultúr deonach rathúil

4. Cur ar chumas na n-earnálacha pobail, deonacha, carthanachta, daonchairdis agus sóisialta cur go hiomlán leis an tsochaí shibhialta

5. Cultúr agus eagraíocht ardfheidhmíochta a chothú agus a chothabháil chun ár misean a bhaint amach ar mhaithe le leas gach pobail