Seolann na hAirí Calleary agus Heydon feachtas feasachta ina ndírítear ar úinéirí madraí
- Foilsithe: 24 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2025
- Feachtas chun feasacht a ardú ar fhreagrachtaí úinéirí madraí
- Chun dul i ngleic le hionsaithe ar dhaoine agus stoc
Inniu (an 24 Márta 2025), sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, mórfheachtas feasachta náisiúnta chun a bhfreagrachtaí a mheabhrú d’úinéirí madraí.
Tá an feachtas a seoladh ar dtús i mí Aibreáin 2024 dar teideal – ‘Ní ar do mhadra atá an locht, is ortsa atá sé’ – dírithe ar fhreagracht úinéirí madraí. Tabharfaidh sé aghaidh ar an dochar is féidir le madraí nach bhfuil smacht orthu a dhéanamh do dhaoine agus do stoc.
Ag seoladh an fheachtais, dúirt an tAire Calleary:
“I bhformhór mór na gcásanna, tá úinéirí madraí an-fhreagrach, déanann siad cúram mór dá madraí agus déanann siad a ndícheall chun a chinntiú go gcoimeádtar iad faoi smacht.
“Is í an fhadhb ná go gceapann roinnt úinéirí madraí nach féidir lena madra aon dochar a dhéanamh. Is é fírinne an scéil ná go ndéanann madraí nach bhfuil smacht orthu, ó am go chéile, dochar tromchúiseach do leanaí, do stoc agus do mhadraí eile sna bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre.
“Is é sprioc an fheachtais seo ná úinéireacht fhreagrach a chur chun cinn agus a chinntiú go bhfuil gach duine soiléir faoina riachtanais dlí.
“Caithfidh úinéirí madraí a bheith ar an eolas má dhéanann a madraí díobháil do dhaoine nó d’ainmhithe, is iad na húinéirí atá freagrach.
“Is é an príomhtheachtaireacht anseo: ‘Is ortsa atá freagracht do mhadra.’”
Dúirt an tAire Heydon:
“Ba mhaith liom go smaoineodh daoine faoi dhó faoina madra a scaoileadh gan smacht mar gheall ar an bhfeachtas seo.
“Caithfimid cuimhneamh go bhfuil freagrachtaí tromchúiseacha ar úinéirí madraí i ngach suíomh, ach tá gá le fócas ar leith sna ceantair tuaithe ina bhfuil breith na n-uan ar siúl faoi láthair.
“Tá an dochar is féidir le madraí nach bhfuil faoi smacht a dhéanamh do chaoirigh agus d'uain, ina thubaiste ó thaobh airgeadais agus mothúchán de do theaghlaigh feirme.
“Ní ghlacaimid beag ná mór le daoine nach gcoimeádann a gcuid madraí faoi smacht ceart.”
Leanann an feachtas seo go dlúth ó shraith tionscnamh gaolmhar:
- Arduithe ar fhíneálacha ar an láthair suas go €300 lena n-áirítear fíneálacha faoi thrí i leith cionta tromchúiseacha
- €2 mhilliún breise chun tacú le pónaí madraí in 2023 agus €2 mhilliún eile in 2024
- Bunú an Ghrúpa Páirtithe Leasmhara um Rialú Madraí in 2024
- Rialacháin a thabhairt isteach in 2024 chun madraí de chineál Bulaí XL a thoirmeasc
- Earcaíodh suas le 40 maor madraí breise i mbliana
Beidh an feachtas ar siúl ón 24 Márta 2025 go dtí an 20 Aibreán 2025 ar fud raidió, podchraoltaí, meáin chlóite, as baile agus ar líne.
Tabhair cuairt ar gov.ie/madraí nó gov.ie/dogs chun tuilleadh a fháil amach.
Nótaí
Feidhmeanna Rialaithe Madraí a Aistriú
Tá na feidhmeanna rialaithe madraí atá faoi chúram an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus na Gaeltachta faoi láthair, le haistriú chuig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Tá socruithe á gcur i bhfeidhm chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh i seachadadh seirbhísí réidh.
Tionscnamh Tacaíochta Smachtaithe Madraí
In 2023, cuireadh €2 mhilliún i maoiniú caipitil ar fáil d’údaráis áitiúla atá beartaithe chun tacaíocht airgeadais aonuaire a sholáthar do shaoráidí agus d’fheithiclí smachtaithe madraí na n-údarás áitiúil chun a chur ar a gcumas seirbhísí a sholáthar, freastal ar éilimh seirbhíse agus torthaí níos fearr a chinntiú do na madraí faoina gcúram, agus ar deireadh thiar do na pobail ar a bhfreastalaíonn siad.
Cuireadh €2 mhilliún breise ar fáil arís in 2024.
Acmhainní do Sheirbhís Maor Madraí
Chuir an Rialtas €2 mhilliún ar fáil chun tacú le hearcú suas le 40 maor madraí breise ó 2025. Tá an maoiniú seo á dháileadh ar údaráis áitiúla faoi láthair.