English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Thacaigh príomhchlár uilechuimsitheachta sóisialta an Rialtais le breis is 55,000 duine de réir tuarascála

Sheol an tAire Stáit d’Fhorbairt Pobail agus Carthanais Joe O’Brien, T.D. Tuarascáil Bhliantúil 2019 an Chláir Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP) inniu, an 25 Lúnasa 2020.

Leagtar amach sa tuarascáil mar a chuidítear leis na grúpaí is leochailí i sochaí na hÉireann trí chlár a chuireann cuideachtaí forbartha ar fáil i gceantair áitiúla.

Tacaíonn SICAP leosan is mó atá imeallaithe i sochaí na hÉireann agus nach móide a bhainfeadh leas as seirbhísí fostaíochta, oiliúna ná oideachais príomhshrutha. Tá SICAP ag dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus le héagothroime ón mbliain 2018 agus tacaíocht tugtha do bhreis is 3,500 grúpa pobail agus 55,000 duine aonair.

I measc na ndaoine a fhaigheann tacaíocht ó SICAP tá daoine faoi mhíchumas, daoine óga faoi mhíbhuntáiste, an Lucht Siúil, pobal na Romach, tuismitheoirí aonair agus daoine dífhostaithe.

Cuireadh tacaíochtaí ar fáil do 2,636 Grúpa Pobail Áitiúil faoin gclár SICAP sa bhliain 2019 chomh maith le 370 Fiontar Sóisialta agus 30,280 duine aonair. Ghlac 46% de na daoine aonair páirt i ngníomhaíocht foghlama feadh saoil (i.e. socrúchán cúrsa, printíseacht nó taithí oibre), fuair 6% díobh post agus bhunaigh 8% díobh a ngnó féin.

Ag seoladh an lae inniu dúirt an tAire Joe O’Brien:

“Tá ríméad orm Tuarascáil Bhliantúil SICAP a sheoladh don bhliain 2019. Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil SICAP fós ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na tíre atá eisiata go sóisialta agus nach bhfuil cothromaíocht á fáil acu. Molaim an 46 Cuideachta Forbartha Pobail Áitiúil a bhíonn ag obair leosan is mó a dteastaíonn cúnamh uathu tríd an gclár SICAP agus táim an-sásta gur muide a mhaoiníonn an clár tábhachtach seo.

“De réir mar a bheidh Éire ag teacht ó Covid-19, beidh ról tábhachtach ag SICAP a chinntiú go mbeidh siadsan atá ar imeall mar chuid den téarnamh.

Dúirt Anna Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Pobal:

“Measaim go léirítear sa tuarascáil seo an ról tábhachtach atá ag SICAP chun tacaíochtaí tábhachtacha a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí ar fud na tíre agus tugtar ar aird inti an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil phobail agus dheonach agus ag cláir mar SICAP chun dul i ngleic le heisiamh sóisialta agus an saol a fheabhsú dóibhsean sa tsochaí is mó a bhfuil cuidiú ag teastáil uathu.

Tá an tuarascáil iomlán le fáil le híoslódáil ag annasc seo.

Faigh tuilleadh eolais ar an gClár Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP) ar láithreán gréasáin Pobal.

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí:

Déanann Rialtas na hÉireann an Clár Uilechuimsitheachta Sóisialta agus Gníomhachtaithe Pobail (SICAP) 2018-2022 a mhaoiniú tríd an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus déantar é a chómhaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoin gClár d’Infhostaitheacht, Uilechuimsitheacht agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.