Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Conradh nua €5.6 milliún fógartha ag an Aire Humphreys chun tacú le seirbhís aeir chuig Oileáin Árann
- Foilsithe: 5 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Conradh bainistithe d'Aerfort Chonamara aontaithe ag an Roinn
- Beidh an tseirbhís chun leasa na bpobal áitiúil agus cuirfidh borradh faoi thurasóireacht
- Is príomhthiomantas de 'Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann' é tacú le hoileáin na tíre
Tá conradh nua ceithre bliana fógartha ag an Aire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys TD chun tacú le seirbhísí aeir chuig Oileáin Árann.
Tá an conradh ar fiú €5.62 milliún é sínithe ag an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe le Galway Aviation Services Limited (GASL).
Tá an comhlacht ar conradh chun Aerfort Chonamara a bhainistiú chomh maith leis na haeradróim ar Oileáin Árann, ar Inis Bó Finne agus sa Chloigeann don tréimhse 2021-2025.
Ag fógairt bhronnadh an chonartha, dúirt an tAire Humphreys:
"Tá an-áthas orm an conradh seo a bhronnadh, trína gcinnteofar na tacaíochtaí do na seirbhísí aeir idir Aerfort Chonamara agus Oileáin Árann.
"Tugann conradh dá leithéid seo cinnteacht sa bhfadtéarma do na pobail atá ina gcónaí ar thrí Oileán Árann, pobail a bhíonn ag brath ar na seirbhísí seo.
"Is infheistíocht thábhachtach atá ann freisin do chúrsaí turasóireachta agus cinnteoidh sí go ndéanfar bainistíocht ghairmiúil ar aeradróim na Roinne."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Is príomhthiomantas de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann' – beartas nua uaillmhianach an Rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann - infheistíocht a dhéanamh i bpobail ar oileáin na tíre.
"Táim ag súil le tuilleadh fógraí a dhéanamh gan mhoill maidir le pobail ar oileáin na tíre. Tá sé i gceist agam, le linn mo théarma i m'Aire dom, straitéis nua ar leith a fhoilsiú chun tacú le hoileáin na tíre, ar áiteanna iad a bhfuil an-ghean ag muintir na hÉireann orthu agus a tharraingíonn na mílte turasóirí gach bliain."
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí:
Cheannaigh an Stát Aerfort Chonamara in 2019.
Déanfar bainistiú chomh maith le cúram laethúil ar Aerfort Chonamara agus ar na haeradróim ar Oileáin Árann, ar Inis Bó Finne agus sa Chloigeann a chur ar fáil faoin gconradh seo idir an Roinn agus GASL.
Áirítear cúram a dhéanamh do phaisinéirí, ticéid na bpaisinéirí chomh maith le seirbhís láimhseála bagáiste roimh eitiltí idir Aerfort Chonamara agus Oileáin Árann faoin gconradh.
Faoin gconradh cinnteofar go ndéanfar na háiseanna a chothabháil go maith, go mbeidh an fhoireann oilte i gceart agus go ndéanfar acmhainn freagartha dóiteáin agus éigeandála gach ceann de na láithreacha a bhainistiú.