Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Infheistíocht ar fiú €20 milliún é seolta ag an Aire Humphreys don Saol Amuigh Faoin Aer
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2024
- Mórchiste chun forbairt a dhéanamh ar cheantair ardtailte, lochanna, aibhneacha, tránna, gormbhealaí, cosáin siúil agus siúlóidí foraoise na tíre
- An Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) chun réimse deiseanna maoinithe a chur ar fáil, suas le luach uasta €500,000
- Béim ar thacú le gníomhaíochtaí amuigh faoin aer amhail siúl, siúlóireacht, rothaíocht, snámh, cadhcáil, seoltóireacht, parafaoileoireacht agus surfáil eitleoige
- Is éard a dúirt an tAire Humphreys: ‘Is faoi cheann scríbe den chéad scoth don turasóireacht eachtraíochta a dhéanamh de cheantair thuaithe na hÉireann é seo’
Tá ciste mór €20 milliún fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, a thacóidh leis na céadta tionscadal caithimh aimsire faoin aer ar fud na tíre.
Cuireann Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) 2024/25 maoiniú ar fáil chun bonneagar caithimh aimsire faoin aer nua agus atá ann cheana a fhorbairt i gceantair thuaithe.
Déanfar forbairt áiseanna nádúrtha na tíre leis, amhail sléibhte, lochanna, aibhneacha, tránna, gormbhealaí, portaigh, siúlóidí foraoise agus ceantair ardtailte na hÉireann.
Ní hamháin go gcuirfidh an maoiniú bealach ar fáil do na pobail ina bhfuil siad le bheith amuigh faoin aer - ach cuirfidh sé breisluach ar fáil ó thaobh na turasóireachta de freisin.
Ag seoladh scéim 2024/25 dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2024/25 a sheoladh inniu.
Ó seoladh an scéim seo in 2016, cuireadh breis agus €129 milliún ar fáil chun tacú le breis agus 1,770 tionscadal. Cuirfidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu leis an méid atá beartaithe don tionscadal seo.
Trí ‘Téigh Amach Faoin Aer’, an straitéis náisiúnta áineasa faoin aer, tá mo Roinn ag obair chun an earnáil áineasa faoin aer in Éirinn a athrú ó bhonn.
Ag an gcomhdháil náisiúnta áineasa faoin aer i Sligeach níos luaithe i mbliana, thug díograis agus spéis gach duine san earnáil an-spreagadh dom.
Is léir go bhfuil an earnáil áineasa lasmuigh ag dul ó neart go neart trínár n-infheistíocht leanúnach agus tríd an obair atá ar siúl ar an láthair.
Leis an gCiste €20 milliún seo fógartha anois, táimid ar an mbóthar ceart chun mo sprioc a bhaint amach, is é sin ceann scríbe den chéad scoth a dhéanamh de Cheantair Thuaithe na hÉireann don turasóireacht eachtraíochta.”
Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:
“Tá forás seasta ag teacht ar Scéim Siúlóidí mo Roinne agus is gearr go mbeidh níos mó ná 150 conair cláraithe leis an scéim. Éascaíonn an scéim seo do shiúlóirí taitneamh a bhaint as ceantair thuaithe na hÉireann agus cuirtear ioncaim mheasartha ar fáil leis d'úinéirí talún a dhéanann cothabháil ar chodanna de chonairí a thrasnaíonn a dtailte.
D’fhógair mé maoiniú €1 mhilliún an mhí seo caite freisin chun tacú le hobair na ngrúpaí pobail a fhorbraíonn agus a bhainistíonn go leor dár gconairí siúil. Ní dhearnadh an oiread infheistíochta riamh san earnáil seo.
Cuirfidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu tuilleadh leis an tairiscint den chéad scoth d’áiseanna caithimh aimsire atá ar fáil in Éirinn anois.
Tá an oiread sin deiseanna éagsúla ann anois chun taitneamh a bhaint as an saol amuigh faoin aer, mar sin mholfainn do gach duine dul amach taobh amuigh agus na háiseanna iontacha seo a fheiceáil dóibh féin.”
Is féidir an t-eolas ar fad faoin Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh a fháil Item was unpublished or removed.
Is príomhshnáithe é fógra an lae inniu de Téigh Amach Faoin Aer, straitéis uaillmhianach an Rialtais maidir le caitheamh aimsire faoin aer.
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis an earnáil a fhás ar bhealach inbhuanaithe, líon na ndaoine atá gníomhach lasmuigh a mhéadú, agus tuiscint níos fearr a chothú faoin gcaoi le taitneamh a bhaint as bheith taobh amuigh ar bhealach freagrach. D'fhoilsigh an tAire nuashonrú inniu freisin ar chur i gcrích na straitéise atá ar fáil Item was unpublished or removed.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
An Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2024/25
Údaráis áitiúla agus cuideachtaí forbartha áitiúla a riarann an scéim ag leibhéal áitiúil. Tabharfar tús áite do thionscadail a bhfuil sé soiléir go mbeidh an pobal páirteach go mór iontu. I measc na ngníomhaíochtaí a cheart d’iarratasóirí a bheith ar intinn acu nuair atá ag seoladh iarratas ar aghaidh faoi Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh 2024/25 (ORIS) tá:
Talamh-Bhunaithe | Uisce-Bhunaithe | Aer-Bhunaithe | |
Siúl | Curachóireacht/Cadhcáil/SUP | Parafaoileoireacht | |
Cnocadóireacht/Fánaíocht | Iomramh | Faoileoireacht Foluana | |
Rothaíocht Fóillíochta | Snámh Faoin Aer, Locháin Taoide san áireamh | ||
Rothaíocht Sléibhe | Surfáil | ||
Conairí Eachaíochta | Cóstóireacht | ||
Conair-Reathaíocht/Reathaíocht Easbhóthair | Clársheoltóireacht/Surfáil Eitleoige/ SUP | ||
Treodóireacht | Seoltóireacht | ||
Bollánóireacht, Crúbadóireacht, Ailleadóireacht, Sléibhteoireacht | Tumadóireacht |
Cuirfear maoiniú ar fáil mar seo a leanas faoi ORIS 2024/25:
- Beart 1 –
- Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
- Maoiniú suas le €40,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 6 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Is féidir le gach cuideachta forbartha áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Beart 2 –
- Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna nua ar scála meánmhéide.
- Maoiniú suas le €200,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Is féidir le gach cuideachta forbartha áitiúil agus comhlacht stáit 1 iarratas amháin ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Beart 3 –
- Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna straitéiseacha nua ar scála mór.
- Maoiniú suas le €500,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit 1 iarratas amháin a chur isteach faoin mBeart seo.
- Beart Forbartha Tionscadail–
- Tionscadail a fhorbairt go mion trína mbeifear ábalta iad a thabhairt chuig caighdeán ag a mbeifear ábalta iarratas a dhéanamh faoi Bheart 2 nó faoi Bheart 3 de ORIS.
- Maoiniú suas le €50,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le húdaráis áitiúla dhá iarratas a chur isteach faoin mBeart seo.
- Is féidir le comhlachtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a chur isteach faoin mBeart seo.
- Féadfaidh údaráis áitiúla a bhfuil oileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí ar dhaoine orthu iarratas breise amháin a chur isteach faoin mBeart seo (3 iarratas ar a mhéad) a bhaineann go díreach le tionscadal ar cheann de na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil daoine ina gcónaí orthu.
Is féidir sonraí na dtionscadal ar éirigh leo roimhe seo faoi ORIS a fháil Item was unpublished or removed.