Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Seolann an tAire Calleary Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025
- Foilsithe: 19 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Ciste chun athbheochan agus acmhainneacht eacnamaíoch agus sóisialta lár bailte a spreagadh
- Béim ar dhul i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe chun tuilleadh daoine a mhealladh isteach i lár bailte
- Maoiniú do na costais réamhfhorbartha a bhaineann le tionscadail chun cabhrú le pobail iarratais ar ghairmeacha maoinithe amach anseo a fhorbairt
- Maoiniú suas le €500,000 in aghaidh an údaráis áitiúil ar fáil chun foirgnimh nó tailte folmha nó tréigthe a fháil chun críocha athbheochana bailte
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Dara Calleary TD, Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 inniu (Dé Céadaoin, 19 Márta) atá leagtha amach chun tacú le hathbheochan cheantair thuaithe na hÉireann agus chun acmhainneacht níos fearr a thógáil i lár ár mbailte trí thionscadail athnuachana. Ceadóidh gairmeacha ar thograí na bliana seo iarratas amháin breise ar thionscadal mórscála amháin do na húdaráis áitiúla sin atá lonnaithe amach ón gcósta agus/nó i gceantair Ghaeltachta.
Tacóidh an Ciste le tionscadail ar fud na hÉireann le fócas ar athbheochan eacnamaíoch agus sóisialta lár bailte a spreagadh trí fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú.
Agus Scéim na bliana 2025 á seoladh aige, dúirt an tAire Calleary:
“Tá an-áthas orm inniu Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 a sheoladh, a chuirfidh airgead ar fáil chun tionscadail a fhorbairt i ngach cearn den tír. Tá tionchar an-dearfach i gcónaí ag an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte i mbailte agus sráidbhailte tuaithe na hÉireann agus neartóidh an infheistíocht seo an obair sin a thuilleadh.
Tá forbairt tuaithe fós ina príomhthosaíocht ag an Rialtas agus leanfaimid orainn ag tacú le hathbheochan agus le hacmhainneacht cheantair thuaithe na hÉireann, ag athrú ár mbailte agus sráidbhailte – ag cruthú áiteanna níos fearr chun cónaí iontu, oibriú iontu agus chun páirt a ghlacadh ina bpobal áitiúil”
Tá trí shruth maoinithe ar fáil faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte; an Phríomhscéim, an Beart Forbartha Tionscadail agus an Beart Fála Foirgnimh nó Talún. Beidh tionscadail ag teacht le cuspóirí bheartais an Rialtais Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, Lár Bailte ar dTús agus Ár nOileáin Bheo le béim ar:
- athbheochan lár bailte a chur chun cinn;
- tacú le forbairt phláis lár bailte nó lár sráidbhailte;
- spásanna glasa nó áiseanna fóillíochta a fhorbairt i lár bailte nó sráidbhailte;
- sráid-dreacha a fheabhsú;
- tacú le margaí lár bailte nó lár sráidbhailte;
- ionaid phobail a fheabhsú nó a athchóiriú;
- foirgnimh fholmha agus thréigthe a úsáid arís mar spásanna pobail ilfheidhme;
- tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe Ghaeltachta agus le pobail na n-oileán ar oileáin amach ó chósta na hÉireann.
Lean an tAire ar aghaidh:
“D'éirigh go han-mhaith leis an mBeart Forbartha Tionscadail i dtaobh deis a chur ar fáil chun tionscadail shuntasacha dea-fhorbartha a fhás, mar sin maoineofar é faoi TVRS arís i mbliana. Mar fhreagra ar an éileamh leanúnach chun ár mbailte agus sráidbhailte a athbheochan, cuirfidh an Beart Fála Foirgnimh nó Talún suas le €500,000 ar fáil in aghaidh an údaráis áitiúil chun suas le trí fhoirgneamh nó tailte atá folamh nó tréigthe a cheannach chun críocha athbheochana.
Táim ag moladh go láidir d'údaráis áitiúla oibriú go dlúth le pobail chun tionscadail atá uaillmhianach a chur chun cinn agus a dhéanfaidh difríocht dhearfach.”
Nótaí
An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
Cuireann an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte maoiniú ar fáil do thionscadail a dhéanann ár mbailte agus sráidbhailte níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe.
Ó seoladh an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, tá os cionn €177 milliún cionroinnte ar bheagnach 1,800 tionscadal. Tacaíonn an Scéim go mór le pobail bhríomhara agus inbhuanaithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann.
Reáchtáiltear an Scéim trí na húdaráis áitiúla, a bhfuil dualgas orthu oibriú go dlúth le pobail áitiúla agus le gnólachtaí áitiúla chun moltaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. De ghnáth, maoiníonn an Scéim bailte agus sráidbhailte tuaithe ina bhfuil daonra suas le 10,000 duine. D'fhéadfadh bailte móra tuaithe ina bhfuil daonra suas le 15,000 duine a bheith incháilithe sa chás go bhfuil an t-iarratas an-láidir agus go mbeadh tionchar suntasach ag an tionscadal ar an mbaile atá i gceist.
Iarratais
Is é an 25 Aibreán 2025 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach faoin mBeart Fála Foirgnimh agus Talún TVRS agus is é an 18 Iúil 2025 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach faoin bPríomhscéim agus faoin mBeart Forbartha Tionscadail.
Iarrtar ar gach Údarás Áitiúil iarratais ar scála éagsúil a chur isteach faoi Scéim na bliana 2025 mar seo a leanas:
Príomhscéim
i. 3 iarratas - maoiniú €50,000 go €300,000 in aghaidh an iarratais
ii. aon iarratas amháin - maoiniú €50,000 go €500,000 in aghaidh an iarratais
Beart Forbartha Tionscadail
i. 2 iarratas - maoiniú suas le €50,000 in aghaidh an iarratais
Beart Fála Foirgnimh nó Talún
i. 3 Iarratas - ciste iomlán suas le €500,000 in aghaidh an údaráis áitiúil
I measc na gcineálacha gníomhaíochtaí ar féidir tacú leo faoin bPríomhscéim de Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025 tá:
- Tionscadail athbheochana a chuidíonn le hathbheochan agus le hacmhainneacht a fhorbairt inár mbailte agus sráidbhailte tuaithe, i gcomhréir leis an mBeartas Lár Bailte ar dTús, trí athbheochan phleanáilte agus inbhuanaithe.
- Tionscadail forbartha a spreagfaidh gníomhaíocht gheilleagrach agus níos mó daoine chuig an áit, a thabharfaidh aghaidh ar fhoirgnimh fholmha agus ar fhoirgnimh thréigthe agus a chinnteoidh go n-athúsáidfear foirgnimh oidhreachta agus foirgnimh eile atá ann cheana féin.
- Tionscadail chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe Ghaeltachta agus/nó le pobail oileánacha ar oileáin amach ó chósta na hÉireann.
- Uasghrádú nó athchóiriú ar ionaid phobail (áit a bhfuil riachtanas / réasúnaíocht aitheanta go soiléir – tá ceistneoir breise i gceist).
- Tacaíocht d'fhorbairt áiseanna cianoibre. I bhfianaise líon na mol ar tugadh tacaíocht dóibh go dtí seo, ní mór d'aon iarratas a fhaightear a bhfuil mol mar chuid de (féach Aguisín 2 do threoir rangúcháin moil) éileamh/riachtanas soiléir ar áis den sórt sin a léiriú go sainráite agus go gcuirfear breisíocht shoiléir ar fáil - ceanglófar ar aon iarratais den sórt sin faisnéis a sholáthar maidir le riachtanas/éileamh/breisíocht agus rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara ábhartha.
- Tionscadail chun tacú le bunú nó athbheochan margaí lár bailte nó sráidbhailte (m.sh. margaí feirmeoirí, margaí faoin aer, margaí trádálaithe áitiúla, margaí ceardaithe nó a leithéid) – m.sh. oibreacha talún, stainníní a chur ar fáil, trealamh agus soláthar seirbhísí. Ní mór margaí a thógáil ar phrionsabail eiticiúla agus inbhuanaitheachta le cinntiú go mairfidh siad i bhfad agus ní mór iad a fhorbairt le hinfheictheacht ard agus le réimse poiblí feabhsaithe a mheallfaidh líon mór custaiméirí.
- Tionscadail chun pláis lár bailte / sráidbhailte a fhorbairt, spásanna poiblí bia lasmuigh, páirceanna, spásanna glasa (lena n-áirítear cuibhrinn agus gairdíní pobail) agus spásanna/áiseanna fóillíochta (lena n-áirítear áiseanna spóirt lasmuigh amhail páirceanna scátála, cúirteanna cispheile, cúirteanna leadóige, srl.) i lár bailte chun moil bhríomhara a dhéanamh ionas go mbeidh an pobal in ann sult a bhaint astu agus chun líon na gcustaiméirí a mhéadú do ghnólachtaí áitiúla. I gcás ina gcuirtear plás, spás bia lasmuigh, amfaitéatar nó a leithéid san áireamh i dtogra, ba cheart machnamh a dhéanamh ar shoilsiú poiblí cuí a thacaíonn le soghluaisteacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus slándáil chun a chinntiú gur féidir na spásanna a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí sa tráthnóna agus san oíche. Ní bhreithneofar iarratais ar mhaoiniú ach amháin sa chás go bhfuil na maoine agus/nó tailte faoi úinéireacht phoiblí nó faoi úinéireacht phobail nó ar léas.
- Tionscadail chun tacú le huasghrádú agus feabhsú aghaidheanna siopaí agus aghaidheanna sráide (múrphictiúir san áireamh) i mbailte agus i sráidbhailte. Moltar d'údaráis áitiúla dul i dteagmháil le húinéirí gnó agus le húinéirí réadmhaoine áitiúla chun plé a dhéanamh ar an gcaoi is féidir le tionscadail ghrúpa dath agus beocht a chur leis na príomhshráideanna.
- Tionscadail a bhaineann úsáid nua as foirgnimh agus láithreáin fholmha agus thréigthe mar spásanna ilfheidhme. Áirítear leis seo athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh fholmha agus thréigthe nó láithreáin laistigh den bhaile nó den sráidbhaile a fhorbairt mar acmhainní pobail ilfheidhme. Áirítear le húsáid ilfheidhme spásanna fiontraíochta, na healaíona, turasóireacht, moil óige, páirceanna, páircíní, cuibhrinn, áiteanna súgartha agus úsáidí pobail eile.
- Tionscadail a thacaíonn leis an ngeilleagar oíche agus a fheabhsaíonn é i gcomhréir le moltaí ón Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche.
- Feabhas a chur ar áiseanna oidhreachta (m.sh. músaeim áitiúla/áiteanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu atá dírithe ar ghnéithe stairiúla den cheantar, láithreáin/foirgnimh oidhreachta, srl.) atá lonnaithe i mbailte agus i sráidbhailte, lena n-áirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh.
Tá na sonraí ar fad faoin scéim ar fáil Item was unpublished or removed anseo.
Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Is é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Leis an mbeartas, cuirtear treoirphlean ar fáil i ndáil le ceantair thuaithe na hÉireann atá rathúil agus ionchuimsitheach agus glactar le cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhéine agus níos iomlánaíche i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus na deiseanna atá ar fáil iontu a uasmhéadú.
Lár Bailte ar dTús
Tá 33 ghníomh ar leith i Lár Bailte ar dTús a thabharfaidh na huirlisí agus na hacmhainní dár mbailte le bheith níos inmharthana agus níos tarraingtí chun cónaí iontu, oibriú iontu, cuairt a thabhairt orthu agus gnó a reáchtáil iontu. Tá Oifigigh Athnuachana Baile i ngach ceantar Údaráis Áitiúil ábhartha á maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun Lár Bailte ar dTús a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil.