English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: Suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí don Bheartas Forbartha Tuaithe Nua seolta ag an Aire Calleary

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D.,suirbhé ar líne a thugann deis don phobal a dtuairimí a roinnt faoin gcéad chéim eile de bheartas forbartha tuaithe na hÉireann, Item was unpublished or removed.

Is é an suirbhé seo an chéad chéim i bpróiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí agus páirtithe leasmhara a leanfaidh ar aghaidh i rith na bliana 2025.

Is féidir le cách an suirbhé a chomhlánú, suirbhé ina bhfiafraítear de rannpháirtithe faoi na deiseanna agus na dúshláin atá roimh cheantair thuaithe na hÉireann, chomh maith leis na gníomhartha a cheapann siad ba cheart don rialtas smaoineamh orthu chun todhchaí níos seasmhaí a chinntiú do phobail tuaithe.

Is éard a dúirt an tAire Calleary agus an suirbhé á sheoladh aige:

“Tá dul chun cinn dochreidte déanta faoi ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’ ó seoladh é sa bhliain 2021 agus ba mhaith liom moladh a thabhairt do mo réamhtheachtaí Heather Humphreys as a cuid oibre ina leith sin. Chuir na bearta a cuireadh i gcrích san am sin infheistíocht agus tacaíochtaí ríthábhachtacha ar fáil do phobail tuaithe, neartaigh siad geilleagair áitiúla agus chuir siad feabhas ar shaol go leor daoine ar fud cheantair thuaithe na hÉireann.

“Creidim go bhfuil sé anois in am cur leis an rath sin agus táim ag tnúth leis an gcéad chéim eile dár mbeartas forbartha tuaithe. Léirigh imeachtaí a tharla le déanaí an neart agus an teacht aniar atá inár bpobail tuaithe, ach tá dúshláin ann freisin agus aithníonn an Rialtas go gcaithfidh sé níos mó a dhéanamh chun tacú le ceantair thuaithe na hÉireann sna blianta atá amach romhainn.”

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé bonn eolais faoi shraith imeachtaí páirtithe leasmhara ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leo do cheantair thuaithe na hÉireann. Ar bhonn níos leithne, cuideoidh siad le plean nua atá dírithe ar an todhchaí a mhúnlú a leanfaidh de thacaíocht a thabhairt do phobail tuaithe bhríomhara, láidre agus inbhuanaithe agus a fhreastalóidh ar riachtanais athraitheacha na ndaoine atá ina gcónaí agus atá ag obair faoin tuath in Éirinn.

Dúirt an tAire Calleary freisin:

"Is deis thábhachtach é an suirbhé seo do chách cuidiú leis an gcéad chaibidil eile d'fhorbairt tuaithe in Éirinn a mhúnlú. Molaim go láidir do gach duine a dtuairimí a roinnt, ionas gur féidir linn plean a chur i gcrích le chéile chun áit níos fearr a dhéanamh de cheantair thuaithe na hÉireann chun bheith i do chónaí iontu, chun bheith ag obair iontu agus chun clann a thógáil iontu."

Tá an suirbhé ar líne ar fáil anseo agus beidh fáil air go dtí am scoir gnó Dé Céadaoin, 2 Aibreán 2025. Ní gá d'ainm a thabhairt leis an suirbhé.


Nótaí d'Eagarthóirí

1. Is é Item was unpublished or removed an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Leis an mbeartas, cuirtear treoirphlean ar fáil i ndáil le ceantair thuaithe na hÉireann atá rathúil agus ionchuimsitheach agus glactar le cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhéine agus níos iomlánaíche i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus na deiseanna atá ar fáil iontu a uasmhéadú.

2. Cuirfidh an chéad leagan eile de ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’ leis an méid atá bainte faoi bheartas 2021-2025, agus tabharfar aghaidh ag an am céanna ar shaincheisteanna nua atá tábhachtach do dhaoine faoin tuath in Éirinn.

3. Leanfar le próiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí agus páirtithe leasmhara i rith na bliana 2025, ag léiriú tiomantas na Roinne d'fhorbairt chuimsitheach beartais. Tar éis an tsuirbhé, reáchtálfar roinnt imeachtaí oscailte agus páirtithe leasmhara ar fud na tíre, a éascóidh comhairliúchán domhain le páirtithe leasmhara tuaithe. Reáchtálfar próiseas comhairliúcháin scríofa ina dhiaidh sin amach sa bhliain. Cinnteofar leis an bpróiseas cuimsitheach seo go mbeidh deis ag daoine aonair, eagraíochtaí pobail, gnólachtaí áitiúla agus gach páirtí leasmhar éisteacht lena nguthanna le linn an phróisis forbartha beartais. Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí comhairliúcháin ar fáil in am trátha.

4. Tá an suirbhé ar líne ar fáil anseo agus beidh fáil air go dtí am scoir gnó Dé Céadaoin, 2 Aibreán 2025. Beidh na freagraí go léir gan ainm.