English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí na Tuaithe: Fáiltíonn an tAire Humphreys roimh an deis plé a dhéanamh leis an bpobal Gaeltachta faoi straitéis nua inmharthanachta

  • Ócáid eagraithe ag an Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail i gcomhar le Údarás na Gaeltachta faoin straitéis don Ghaeltacht Ghlas
  • An chéad ócáid de chuid an Fhóraim ar Smaointe Tuaithe nár reáchtáileadh go fíorúil, ag leanacht den phlé atá á dhéanamh le pobail thuaithe faoina beartais atá mar chuid de Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

D’fháiltigh an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe, Heather Humphreys roimh an ócáid is déanaigh seo de chuid na sraithe Fóraim do Smaointe Tuaithe, ócáid a bhí dírithe ar an straitéis nua An Ghaeltacht Ghlas.

Reachtáladh an ócáid ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, i gcomhpháirt le Údarás na Gaeltachta atá ag forbairt na straitéise don Ghaeltacht Ghlas. Tá an Ghaeltacht Ghlas luaite go sonrach i bpolasaí náisiúnta an rialtais ar an bhforbairt tuaithe, Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Ba é seo an chéad cheann sa tsraith ag raibh daoine in ann freastal ar an láthair.

Dúirt an tAire Humphreys:

“Tá ról rí-thábhachtach ag ceantair Ghaeltachta i saol agus i gcultúr na hÉireann agus tá deis iontach sa straitéis An Ghaeltacht Ghlas le inmharthanacht eacnamúil agus comhshaoil na Gaeltachta a fhorbairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Údarás na Gaeltachta as ócáid an lae inniu a reáchtáil, an chéad ócáid de chuid na bhFóram Smaointe Tuaithe a raibh ar chumas dhaoine freastal ar an láthair. Gabhaim buíochas freisin le gach duine a ghlac páirt sa bplé cuimsitheach agus fiúntach inniu. “

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“B’iontach na tograí suimiúla, fuinniúla atá a bhforbairt cheana féin ag pobail Ghaeltachta a fheiceáil inniu, a bhaineann le fuinneamh inmharthana, bithéagsúlacht agus an eacnamaíocht ghlas. Ta an Ghaeltacht Ghlas dírithe ar na deiseanna atá ann do phobail Ghaeltachta sna réimsí sin a thapú agus a fhorbairt. Tá deis ag pobal na Gaeltachta a bheith ag tús na cadhnaíochta sna hearnálacha seo, ag baint leasa as na hacmhainni nádúrtha inár dtimpeall agus tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh an próiseas sin a éascú dóibh. Aithníonn an tÚdarás an tábhacht a bhaineann le Gaeltacht inmharthana sa gciall is leithne; is é sin, Gaeltacht ina bhfuil pobail inmharthana, teanga inmharthana, fostaíocht inmharthana agus timpeallach inmharthana.”

CRÍOCH


Nótaí d'eagarthóirí:

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

Is polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025 é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Is cloch-mhíle nua é sa gcur chuige i bpolasaí forbartha tuaithe in Éirinn agus is cur chuige níos straitéisigh, níos uaillmhanaigh agus níos iomláine é, i dtaobh infheistíochta agus cruthú deiseanna i gceantair tuaithe.

Foraim Smaointe Tuaithe

Is sraith imeachtaí atá sna Foraim Smaointe Tuaithe a chuimsíonn riar leathan de na réimsí polasaí atá mar chuid de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann. Beidh an deis acu siúd a fhreastalaíonn éisteacht le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara, agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ceardlainne. Seo an cúigiú ócáid sa tsraith, a thosaigh i 2021. Tá taifid de na chéad sheisiúin ar fáil anseo.