English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí na Tuaithe: Fógraíonn an tAire Humphreys níos mó ná €2 milliún de chistíocht maidir le forfheabhsú ar bhóithre ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall

  • Feabhas ar bhóithre in Árainn Mhór, Toraigh, Inis Bó Finne agus Gabhla
  • Cistí mar chuid de chomhaontú nua idir an Roinn agus Comhairle Chontae Dhún na nGall
  • Deir an tAire Humphreys go dtabharfar tograí eile maidir le bóithre ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall faoi mheas san am atá romhainn

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD inniu cistíocht €2.09 milliún maidir le hobair forfheabhsúcháin ar bhóithre ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall.

Tá maoiniú á chur ar fáil maidir le 14 togra a bhaineann le bóithre in Árainn Mhór, Toraigh, Inis Bó Finne agus Gabhla.

Leanann an fógra seo ó chomhaontú a socraíodh idir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Comhairle Chontae Dhún na nGall i ndáil le forfheabhsú ar bhóithre éagsúla ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall.

Go dtí seo, bhí bóithre ar na hoileáin á bhfágáil gan aire mar gheall nár tháinig siad faoi chúram Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus nach raibh siad le háireamh dá bhrí sin maidir le sruthanna áirithe cistíochta.

Mar chuid den chomhaontú sin, tá aontaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall na bóithre a thógáil i gcúram a luaithe a bhíonn na hoibreacha tugtha chun críche le 100 faoin gcéad den chostas á ghlanadh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Tugtar san áireamh leis na tograí féin, obair dromchla, obair draenála agus oibreacha coimhdeacha eile ar thograí éagsúla bóthair ar fud na n-oileán.

Ag fógairt na cistíochta di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is dea-scéal fógra an lae inniu do mhuintir na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall. Tharla caidreamh forleathan idir an Roinn agus Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir le tograí éagsúla bóthair a bhfuil infheistíocht de dhíth ina leith. Go dtí seo, bhí na bóithre seo á bhfágáil gan aire mar gheall nár tháinig siad faoi chúram Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Mar chuid den chomhaontú seo ina leith, glanfaidh an Roinn 100 faoin gcéad den chostas maidir leis an obair deisiúcháin, costas foriomlán €2.09 milliún. Tá aontaithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall na bóithre a thógáil i gcúram ó bhíonn na hoibreacha déanta. Tá mé cinnte go mbeidh muintir na n-oileán féin rí-bhuíoch gur thángthas ar an socrú seo agus go deimhin go bhfuil an infheistíocht seo á déanamh agus is breá liom a fhógairt go mbeidh tús á chur leis na hoibreacha féin gan mhoill.”

Dúirt an tAire Humphreys freisin:

“Tá mórthábhacht faoi Thodhchaí na Tuaithe, beartas forbartha tuaithe cúig bhliana an Rialtais, le cúnamh taca do na hoileáin. Is léiriú eile fós fógra an lae inniu go bhfuil maith á dhéanamh den ghealltanas sin. Thug mé cuairt le gairid go hÁrainn Mhór agus go Gabhla agus chuala mé ó mhuintir na n-oileán féin an gá atá le hinfheistíocht bhreise in obair ar bhóithre. Cé gur suntasach an infheistíocht seo, tá mé cinnte go ndéanfar infheistíocht a bhfuil géarghá léi i dtograí eile bóthair trí ghlacadh leis an gcur chuige seo ina leith.”

Ghlac an tAire buíochas le hoifigigh Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus le hionadaithe poiblí ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall as an gcomhoibriú leis an Roinn a d'fhág gurbh fhéidir an dea-thoradh seo a thabhairt i gcrích.


CRÍOCH


Nóta don Eagarthóir

Is bóithre iad seo nach dtagann faoi chúram an údaráis áitiúil faoi láthair ach is cuid iad den chóras bóithre a bhíonn in úsáid gach lá ag muintir na n-oileán. Ó tharla nach raibh na bóithre faoi chúram Chomhairle Chontae Dhún na nGall, ní raibh siad le háireamh maidir le cistíocht roimhe seo faoin scéim reatha maidir le hobair ar oileáin a ndéanann an Roinn riarachán ina leith.

Ionas go bhféadfadh an Roinn ciste a chur ar fáil do na hoibreacha seo tá aontaithe de pholasaí ag Comhairle Chontae Dhún na nGall na bóithre a thógáil i gcúram ó bhíonn an obair forfheabhsúcháin tugtha chun críche. Tá 100% de chostas na hoibre á chur ar fáil ag an Roinn.

Bóithre nach Bóithre Contae iad – Dún na nGall

Oileán Bóthar Fad (m) Costas (€)
Árainn Mhór Cuarbhóthar, ón bóthar áitiúil L-9023 (Bóthar Theach an tSolais) go dtí an bóthar áitiúil L-3163 ag Athphort, lena n-áirítear cuasa scoite a chur ar fáil 4770 550,000
Árainn Mhór Cuarbhóthar (Screig an tSeabhaic Link), ó cheann an bhóthair áitiúil atá ann cheana ag Screig an tSeabhaic go dtí Bóthar Theach an tSolais 2270 263,000
Árainn Mhór Bóthar Theach an tSolais, ó cheann an bhóthair áitiúil L-9023, ag an gcrosbhealach leis an gCuarbhóthar, go dtí teach an tsolais, lena n-áirítear cóiriú dromchla ar an láthair páirceála ag teach an tsolais, líniú ar bhruach na locha agus ar an spás páirceála in aice le Séadchomhartha Beaver Island, lena n-áirítear cuasa scoite a chur ar fáil 2680 355,000
Árainn Mhór Ó cheann an bhóthair áitiúil L-3163, in aice leis an héileapad, go Cé na Reannaí 190 22,000
Árainn Mhór Bóthar Leadhb Reannach /An Bhaile Aird, ón mbóthar áitiúil L-3163, in aice le Scoil Athphoirt, go dtí an bóthar áitiúil L-9033 ag an mBaile Ard 1170 132,000
Árainn Mhór Bóthar na hUillinne/An Bhaile Aird, ón mbóthar áitiúil L-3163, ag crosbhealach na hUillinne, go dtí bóthar Leadhb Reannach /An Bhaile Aird mar a luaitear thuas 810 85,000
Árainn Mhór Bóthar Ceangail Leadhb Reannach, a cheanglaíonn bóthar Leadhb Reannach /An Bhaile Aird le bóthar na hUillinne/An Bhaile Aird 520 55,000
Árainn Mhór Síneadh le bealach na reilige chuig an reilig nua, lena n-áirítear spás casta 100 23,000
Árainn Mhór Bóthar ag déanamh ón mbóthar áitiúil L-3103, ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór, go dtí cuas beag ag Carraig na Loinge (Na Clocha Corra), lena n-áirítear spás casta 390 46,000
Árainn Mhór Bóthar i mbaile fearainn na nGort Gearr, bealach ón mbóthar áitiúil L-3123, ag mullach Pinkie Hill, ag déanamh ar na crainn teileachumarsáide 180 20,000
Inis Bó Finne Bóthar ó sheanteach na scoile chuig an áitreabh deireanach cóngarach don Mhullach Bán, lena n-áirítear cóiriú dromchla ar an spás oscailte ag béal an tsleamhnáin 950 151,000
Toraigh Bóthar Theach an tSolais, an bealach ón mbóthar áitiúil L-9013 chuig teach an tsolais, lena n-áirítear cuasa scoite a chur ar fáil 1520 228,000
Gabhla Bóthar ceangail idir dhá ché i nGabhla 1100 150,000
Na hOileáin ar fad Comharthaí agus comharthaí crosbhóthair maidir le hiomlán na mbealaí thuas 10,000
Iomlán €2,090,000