English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuarascáil Bhliantúil Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 2018 seolta ag an Aire Canney

méadú 16% ar líon na ngrúpaí atá cláraithe le PPNanna

Sheol an tUasal Seán Canney TD, an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach Tuarascáil Bhliantúil Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 2018 (PPNanna) inniu (an 25 Meán Fómhair 2019).

Dúirt an tAire Canney:

“Trí Líonraí Rannapháirtíochta Poiblí, cuirtear ar chumas údaráis áitiúla nascadh le grúpaí pobail ar fud na tíre agus sa tríú tuarascáil bhliantúil seo, tugtar léiriú maith ar an bhfás atá tagtha orthu le blianta beaga anuas. Léirítear freisin an réimse leathan gníomhaíochtaí, comhairliúcháin, rannpháirtíochtaí agus gealltanais ar thug siad fúthu thar ceann a gcuid ball in 2018. Croíphrionsabail de rannpháirtíocht saoránach i rialtas áitiúil is ea rannpháirtíocht agus comhairliúchán agus is gnéithe tábhachtacha iad den obair a chuireann na PPNanna i gcrích.”

Thug an tAire aitheantas breise don fhás atá tagtha ar PPNanna agus dúirt:

“In 2018, bhí méadú 16% ar líon na ngrúpaí atá cláraithe le PPNanna i gcomparáid le 2017. Is léiriú atá sa méadú i mballraíocht ar a bhfuil ag tarlú ar an talamh agus ar na tionchair dhearfacha atá ag PPNanna ar a bpobal in achar ama gearr.”

Dúirt an tAire freisin:

”Is léiriú go bhfuil ag éirí thar cionn leis go bhfuil 14,846 balleagraíocht ar an bhfód. Agus thart ar 920 ionadaí ar Bhoird agus Coistí údarás áitiúil ar fud na tíre, ní hamháin go bhfuil cluas éisteachta á tabhairt do ghuth an phobail ach táthar ag dul i bhfeidhm i ndáiríre ar chinntí a dhéantar thar ceann saoránach.”

Taobh amuigh den ghnáthrannpháirtíocht a dhéanann siad, tá PPNanna ag gníomhú i gcomhar le húdaráis áitiúla, ag gníomhú ar go leor imeachtaí agus tionscnamh in 2018 - idir Thionscnaimh Aoisbháúla, Dámhachtana Pobail, Feasacht ar Mhíchumas, Bothán na bhFear, Straitéisí Digiteacha agus tacaíocht a thabhairt do Ghrúpaí Ban. Chomh maith leis sin, tá PPNanna rannpháirteach go gníomhach maidir le feasacht a ardú ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) atá ag dul i bhfeidhm ar bheartas áitiúil atá dírithe ar na spriocanna sin a bhaint amach.

Dúirt an tAire Canney freisin:

“Níl anseo ach blaiseadh den éagsúlacht a bhaineann leis na PPNanna agus tugtar cur síos níos mionsonraithe ina leith sa tuarascáil. Trí na PPNanna a bheith bainteach leis an iliomad fiontar, léirítear go soiléir an tionchar atá ag an líonra agus ar an muinín agus iontaoibh atá ag go leor daoine as an Líonra sa lá atá inniu ann.

“Is cinnte gur cuireadh go díreach le luach rannpháirtíocht saoránach i gcinnteoireacht áitiúil trí PNNanna a fhorbairt. Mar a leagtar amach i dTuarascáil 2018, is teistiméireacht ar thiomantas na bPPNanna maidir le cur lena bpobal féin an fuinneamh, treallús agus tiomantas na bPPNanna, na hoibrithe, na baill Rúnaíochta agus na grúpaí ball”.

Ar deireadh, gheall an tAire Canney arís go leanfadh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail de PPNanna a neartú agus thréaslaigh sé leis an nGrúpa Comhairleach Náisiúnta PPN as a gcuid oibre maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt don Roinn i ndáil le PPNanna a fhorbairt.

Tá an tuarascál ar fáil anseo [document 34468 ]

https://www.gov.ie/en/collection/2c4a7a-public-participation-network-annual-reports/

CRÍOCH


Nótaí d'eagarthóirí:

Cad is PPN ann?

Is éard is PPN ann ná líonra do ghrúpaí Pobail agus Deonacha, grúpaí um Ionchuimsiú Sóisialta agus grúpaí Comhshaoil i do cheantar áitiúil.

Cad a dhéanann PPNanna?

Cuireann PPNanna ar chumas na n-údarás áitiúil nascadh le grúpaí pobail ar fud na tíre. Dá bharr sin, cuireann PPNanna córas ar fáil trínar féidir le saoránaigh deis labhartha níos mó a bheith acu i ndáil le cinntí údaráis áitiúil a théann i bhfeidhm ar a bpobal féin.

Conas a dhéanann PPNanna an méid sin?

Is trí PPNanna a chuirtear guth an phobail in iúl do bhoird agus coistí údaráis áitiúil. Nuair a theastaíonn ionadaí ón bpobal ó údarás áitiúil chun suí ar bhord nó coiste ar nós Coistí Beartas Straitéiseach nó Coistí Forbartha Áitiúla (LCDCanna), ní mór dóibh an t-ionadaí sin a fháil ón PPN.

Mar sin, tá an PPN ar an 'áit le dul' ag údaráis áitiúla atá ag iarraidh leas a bhaint as saineolas an phobail agus saineolas deonach ina gceantar féin.

Cé chomh héifeachtach is atá PPNanna?

Oibríonn PPNanna le gur féidir ionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal i bpróisis cinnteoireachta ag a bhfuil tionchar ar shaoránaigh trí ionadaíocht a dhéanamh ar choistí comhairle, próisis chomhairliúcháin, beartais a chur ar aghaidh agus tuilleadh.

Ag an leibhéal náisiúnta in 2018, bhí 927 ionadaí PPN ar 375 bord agus coiste údaráis áitiúil. Léiríonn an leibhéal seo rannpháirtíochta go bhfuil cruth cinnte ag teacht ar rannpháirtíocht saoránach.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le ppn@drcd.gov.ie