Aláram Pearsanta Éigeandála
- Foilsithe: 27 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2024
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Scéim Rabhaidh do Sheanóirí le haghaidh aláraim phearsanta éigeandála do sheanóirí.
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit a bheith 65 bliain d’aois nó níos sine agus ní mór ceann de na nithe seo a leanas a bheith ag baint leat:
- tá teacht isteach nó acmhainní teoranta agat
- tá tú i do chónaí leat féin
- tá tú i do chónaí leat féin ar feadh tréimhsí suntasacha ama i rith an lae
- tá tú i do chónaí le duine éigin eile atá incháilithe freisin
- tá tú ag tabhairt aire do dhuine éigin eile i d’áras cónaithe
- tá tú i do chónaí i limistéar arna chumhdach ag an ngrúpa cláraithe a riarann an tacaíocht deontais
- bainfidh tú leas as an trealamh
- tá tú toilteanach fanacht i dteagmháil leis an ngrúpa cláraithe
Is féidir Foirm Iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ó do chumann cónaitheoirí/do ghrúpa pobail áitiúil ach cliceáil ar an nasc thíos.