Ciste Aitheantais Pobail
- Foilsithe: 24 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2025
Réamhrá agus Cúlra
Tá sé mar aidhm ag an gCiste Aitheantais Pobail cabhrú le bonneagair agus saoráidí pobail a fhorbairt don phobal ar fad, mar aitheantas ar an méid atá á dhéanamh ag pobail ar fud na tíre chun fáilte a chur roimh an líon suntasach daoine atá ag teacht isteach ón Úcráin agus ó thíortha eile agus iad a óstáil.
Tá an maoiniú dírithe go sonrach ar thionscadail atá lonnaithe i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte atá ag óstáil na ndaoine a bhfuil Cosaint Shealadach acu agus/nó Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, lena n-áirítear bailte atá roghnaithe don chlár mearthógála tithe. Tá mar aidhm ag an gCiste tacú le saoráidí a fhorbairt a úsáidfidh gach ball den phobal amach anseo. Tá cuspóirí agus scóip ar leith ag an gciste i gcomparáid le haon sruthanna cistithe poiblí eile a bhfuil de chuspóir acu tacú le riachtanais seirbhíse poiblí a eascraíonn as an líon mór daoine atá tagtha anseo ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Ciste Aitheantais Pobail 2024
Tugadh an Ciste Aitheantais Pobail isteach den chéad uair in 2023 d’fhonn aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra atá déanta ag na pobail ó thaobh fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus tacú leo. Trí leithdháileadh na bliana 2023, ceadaíodh maoiniú €50 milliún do thart ar 900 tionscadal i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte tacaíochta ar fud na tíre. Tá €50 milliún breise á chur ar fáil faoi Chiste Aitheantais Pobail 2024 toisc go nglactar leis go mbeidh tionchar leanúnach á imirt ar phobail ar fud na tíre, agus go bhfuil sé riachtanach tacaíocht a thabhairt do na pobail sin chun gur féidir leo glacadh le daoine nua.
Rannpháirtíocht an Phobail
Is gá go mbeadh gach togra atá le maoiniú agus a chuireann na húdaráis áitiúla isteach bunaithe ar rannpháirtíocht dhíreach leis na pobail a bhfuil tionchar á imirt orthu agus go ndéanfaí é i gcomhairle leis na Ceantair Bhardasacha, leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) agus leis na Fóraim Freagartha Pobail áitiúla. Ba cheart go mbeadh tograí comhsheasmhach freisin le Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail.
Caithfidh an togra a léiriú freisin go bhfuil an maoiniú dírithe ar na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte ina bhfuil an líon is mó de dhaoine nua lonnaithe, go bhfuil sé soiléir gur gá infheistíocht a dhéanamh iontu agus go ndéanfar an infheistíocht go sonrach sna háiteanna seo.
Tionscadail Incháilithe
Leithdháilfear an Ciste Aitheantais Pobail 2024 bunaithe ar líon na ndaoine nua a thiocfaidh isteach i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Beidh tionscadail a chisteofar caipitiúil ó thaobh cineáil, soláthróidh siad tairbhí meántéarmacha-fadtéarmacha do na pobail ina bhfuil siad lonnaithe, agus beifear in ann iad a sholáthar i gcaitheamh 2025 agus 2026. Is gá íoschaiteachas arb ionann é agus 50% den leithdháileadh a chaitheamh in 2025. Gheobhaidh gach tionscadal incháilithe cistiú do chostais chaipitil, ach ní bhfaighfear cistiú d’aon chostais leanúnacha oibríochtúla nó reatha.
Is é €50,000 an t-íosleibhéal maoinithe do thionscadal aonair agus tá uasmhéid de €500,000 i gceist. Ní féidir tionscadail níos lú a chur le chéile go saorga leis an tairseach íosta €50,000 a shásamh – cé gur soláthraíodh cistiú i scéim 2023 d’infheistíocht ar scála beag i gclubanna agus pobail (e.g. do threalamh ar scála beag), dírítear i scéim 2024 ar thionscadail ar scála níos mó agus a imríonn tionchar níos mó.
Tá deis ag údaráis áitiúla an cistiú a infheistiú bunaithe ar a riachtanais féin áitiúla ar leith mar a shainaithnítear trí chur chuige “ón mbun aníos” agus bunaithe ar rannpháirtíocht an phobail dá dtagraítear thuas.
Mar sin féin, is iad seo a leanas na cineálacha tionscadal atá incháilithe:
- saoráidí pobail nó cultúrtha a fhorbairt, a fheabhsú nó a athchóiriú, limistéir shúgartha, siúláin, páirceanna, gairdíní pobail/céadfacha, cuibhrinn, agus limistéir áineasa san áireamh;
- saoráidí áitiúla cumainn agus spóirt a fhorbairt, a fheabhsú nó a athchóiriú, saoráidí san áireamh cosúil le linnte snámha pobail, seomraí gléasta, leithris, áiseanna digiteacha cosúil le cláir scór / eolais etc.;
- saoráidí scoile/paróiste a fheabhsú is féidir le gach duine den phobal a úsáid tar éis uaireanta scoile;
- trealamh a cheannach do chlubanna, féilte, imeachtaí pobail agus eagraíochtaí áitiúla, e.g. trealamh ceoil, ealaíon nó spóirt;
- bonneagar iompair cosúil le feithiclí pobail, scáthláin bhus agus cláir eolais don lucht freastail; (caithfidh bail mhaith a bheith ar aon fheithicil a chistítear agus caithfidh nach bhfuil siad níos sine ná 5 bliana)
- tionscadail a chabhraíonn le dul i ngleic le dearóiliú agus/nó le cuspóirí níos fairsinge áitiúla forbartha geilleagraí agus pobail;
- foirgnimh fholmha nó thréigthe a cheannach agus a athchóiriú ar mhaithe lena n-úsáid ag an bpobal nuair a shainaithnítear go bhfuil gá soiléir ann.
- talamh agus oibreacha a bhaineann leis a cheannach chun saoráidí pobail, amhail limistéir súgartha/ MUGAanna nó páirceanna baile/ gairdíní pobail, limistéir áineasa srl a fhorbairt (caithfidh an t-údarás áitiúil an ceannachán a riar).
An Tréimhse Ama lena Sholáthar
Difríocht thábhachtach a bhaineann le Ciste Aitheantais Pobail 2024 is ea go bhfuiltear ag imeacht ón gcur chuige a bhí ann i dtosach nuair a sheoladh na húdaráis áitiúla liosta amháin isteach de na tionscadail a bhí le faomhadh. Ar mhaithe le dul i ngleic le hathruithe ar líonta agus ar láithreacha daoine nua atá tagtha isteach sa tír i rith 2024, caithfidh gach údarás áitiúil ar a laghad 20% dá leithdháileadh a choimeád chun togra a sheoladh ar aghaidh sa tríú deis iarratais. Seo a leanas na deiseanna iarratais:
Deis iarratais 1 | Suas go dtí an 31 Bealtaine 2024 |
Deis iarratais 2 | 1 Lúnasa go 30 Meán Fómhair 2024 |
Deis iarratais 3 (ar a laghad 20% den imfhálú leithdháilte) | 1 Eanáir 2025 go 31 Eanáir 2025 |
Faomhadh faoi Chiste Aitheantais Pobail 2024
Ceisteanna agus Iarratais
Riarfaidh na húdaráis áitiúla an Ciste ag leibhéal an Chontae. Má tá ceist agat maidir le tionscadal áirithe, téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil, tá na sonraí Item was unpublished or removed
Faomhadh faoi Chiste Aitheantais Pobail 2023
Fógraíodh na tionscadail ar éirigh leo faoi Chiste Aitheantais Pobail 2023 ar an 18 Bealtaine 2023. Féach na sonraí iomlána ag Item was unpublished or removed.