English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail

Aithnímid an ról ríthábhachtach atá ag Lárionaid Phobail i gcroílár gach pobail chun daoine a thabhairt le chéile, chun teagmháil a dhéanamh leosan a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe nó a d’fhéadfadh a bheith faoi mhíbhuntáiste, agus pobail níos láidre agus níos comhtháite a fhorbairt.

Is é Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail an infheistíocht chaipitil is mó riamh i Lárionaid Phobail. Cuirtear maoiniú ar fáil leis an gciste chun infheistíocht a dhéanamh i Lárionaid Phobail ionas go bhfanfaidh na seirbhísí ríthábhachtacha seo inúsáidte, inrochtana agus sábháilte agus go leanfaidh siad de bheith ag freastal ar riachtanais an phobail amach anseo.


Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024 - Deontas Athchóirithe

Cuirfear maoiniú ar fáil leis an gciste caipitil €20 milliún seo chun lárionaid phobail atá ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon.

Beidh maoiniú ar fáil faoi 2 chatagóir, le deontais idir €10 míle agus €100 míle ar fáil:

  • Catagóir 1: Tionscadail/feabhsúcháin ar scála beag a dhéanamh ar shaoráidí - €10,000 go €25,000
  • Catagóir 2: Tionscadail ar scála níos mó - €25,001 go €100,000

Tá maoiniú meaitseála ag teastáil don dá Chatagóir: ar a laghad 5% do Chatagóir 1 agus ar a laghad 10% do Chatagóir 2.

Tá maoiniú ar fáil d’oibreacha caipitiúla amhail: -

  • Tionscadail a chuireann feabhas ar rochtain do chách ar shaoráidí pobail
  • Oibreacha chun saoráidí pobail amhail saoráidí cistine agus leithris a fheabhsú
  • Obair feabhsúcháin ar fhoirgnimh a chuireann feabhas ar inúsáidteacht na saoráide e.g. uasghrádú cistine agus leithris, córais soilsithe agus stáitsí
  • Obair feabhsúcháin a chuideoidh leis an iarratasóir seirbhísí breise nó seirbhísí níos fearr a chur ar fáil don phobal, mar shampla áiseanna breise, an spás atá ann cheana a athrú, uasghrádú cistine chun béilí a chur ar fáil do dhaoine scothaosta agus áiseanna óige
  • Obair feabhsúcháin ar shaoráidí atá riachtanach chun rialacháin sábháilteachta ó dhóiteán agus tógála a chomhlíonadh
  • Tionscadail iarfheistithe/uasghrádaithe fuinnimh a fheabhsaíonn inúsáidteacht nó fad saoil na saoráide agus a laghdaíonn billí fuinnimh
  • Obair chothabhála riachtanach

Is féidir teacht ar Threoirlínte agus Ceisteanna Coitianta maidir leis an gciste thíos.

Treoirlínte Foirm Iarratais - Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024: Deontas Athchóirithe
Amharc amharc
Ceisteanna Coitianta - Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024
Amharc amharc

Is féidir teacht ar fhoirm iarratais shamplach thíos, tabhair do d’aire gur ar mhaithe le heolas amháin atá sé seo agus ní chun iarratas a dhéanamh, ní ghlacfar le hiarratais ach amháin tríd an tairseach ar líne.

Foirm Iarratais - Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024: Deontas Athchóirithe
Amharc amharc

Chun léiriú a thabhairt ar na cineálacha tionscadal a maoiníodh faoi Dheontas Athchóirithe Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022 is féidir teacht ar rogha cás-staidéar sa doiciméad seo:

Case Studies - Community Centres Investment Fund 2024: Refurbishment grant
Amharc amharc

Tá an tairseach “MyPobal” oscailteanois d’iarratasóirí nua chun clárú nó d’iarratasóirí roimhe seo chun a gcuid sonraí a sheiceáil. Is féidir teacht air tríd an nasc seo.

Is féidir físeán teagaisc chun tacú leat clárú a fháil anseo ar Youtube.

Is féidir tacaíocht d’iarratasóirí nua maidir le Deimhnithe Imréitigh Cánach agus Uimhreacha Rochtana Imréitigh Cánach (URICanna) a fháil anseo.

Osclóidh an tairseach chun iarratas a chur isteach an 29 Iúil 2024. Tabhair ar aird, gur gá d’iarratasóirí clárú mar ‘úsáideoirí’ ar an tairseach roimh ré. Is é an 29 Lúnasa 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Idir an dá linn, cuir isteach aon cheisteanna agus/nó aon iarrataí atá le cur leis an liosta seoltaí chuig onlinesupport@pobal.ie