English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Comhaltaí Boird a Mheaitseáil le hEagraíochtaí Seachbhrabúsacha

Is é Boardmatch Ireland an carthanas náisiúnta rialachais chorparáidigh in Éirinn. Bunaíodh é chun feabhas a chur ar rialachas san earnáil seachbhrabúsach trí bhíthin boird agus coistí bainistíochta a neartú, seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha agus do charthanais chun cabhrú leo comhdhéanamh a mbord a fheabhsú agus a neartú.

Tugann sé deis d’iarratasóirí a gcuid ama, fuinnimh agus scileanna a úsáid ar bhonn deonach chun leasa na hearnála seachbhrabúsaí (pobail agus deonach) ar leibhéal an bhoird. Le seirbhís saor in aisce Boardmatch, déantar scileanna agus saineolas iarratasóra a mheaitseáil le riachtanais eagraíochta seachbhrabúsaí.

Chun clárú leis an tseirbhís Boardmatch mar dhuine aonair nó mar eagraíocht, tabhair cuairt ar an nasc thíos.