English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Faisnéis faoi Scéim na Siúlóidí d’Úinéirí Talún

Is scéim náisiúnta í Scéim na Siúlóidí a áiríonn na sealbhóirí talún ar fad ar na Slite Slímharcáilte Náisiúnta, na Cuarchosáin Siúlóide agus na Cosáin Oidhreachta, chomh maith le cosáin eile atá ceadaithe ag Oifig na gCosán Náisiúnta. Cinntíonn an scéim go ndéantar cothabháil ar Shlite Slímharcáilte Náisiúnta agus ar shiúlóidí tosaíochta a théann trí thailte poiblí agus príobháideacha agus go bhfuil bealach isteach chucu sin.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’Oifigeach Áineasa Tuaithe áitiúil má tá ceist ar bith agat faoi:

  • obair a bhaineann le rolladh amach Scéim Náisiúnta na Siúlóidí
  • cothabháil, uasghrádú agus athródú na gcosán go ginearálta
  • forbairt, margaíocht agus cur chun cinn na gcosán agus na bpríomhchinn scríbe do shiúlóidí, lena n-áirítear cuairteanna meán cumarsáide agus trádála
  • forbairt na gcosán siúlóide agus cabhrú le heagar féilte siúlóide
  • Cur i bhfeidhm an tionscnaimh ‘Ná Fág do Lorg’

Más úinéir talún tú agus má tá ceist agat faoi Scéim na Siúlóidí, déan teagmháil le d’Oifigeach Áineasa Tuaithe anseo.