Imní a léiriú faoi charthanas
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2022
Tá clár poiblí de na heagraíochtaí carthanachta atá i bhfeidhm in Éirinn curtha ar bun agus á chothabháil ag an Rialálaí Carthanas. Cinntíonn an Rialálaí go bhfuil siad ag comhlíonadh na nAchtanna Carthanas.
Faoi Chuid 4 den Acht Carthanas 2009, féadfaidh an Rialálaí Carthanas imscrúdaitheoirí a cheapadh chun gnóthaí eagraíochta carthanachta ar bith a imscrúdú.
Is féidir ábhair imní a chur in iúl a bhaineann le:
- priacal caillteanais suntasaigh nó damáiste do charthanas, dá shócmhainní nó ná thairbhithe
- iontaobhaithe carthanas ag sárú a ndualgas
- mí-iompar tromchúiseach nó leanúnach ag na daoine a dhéanann bainistiú agus rialú ar charthanas
- carthanas nach gcomhlíonann an ceanglas dlíthiúil le bheith ina charthanas (áirítear sa cheanglas cuspóirí carthanachta a bheith aige agus leas poiblí a sholáthar)
- comhlacht a chuireann é féin in iúl mar charthanas in Éirinn nuair nach carthanas é
Má tá aon ábhar imní ort faoi charthanas atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann, cliceáil ar an nasc thíos.