Maoiniú agus tacaíochtaí atá ar fáil
- Foilsithe: 26 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2025
- Réamhrá
- CLÁR - Tionscadail Tuaithe Mhionscála
- Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail
- Ciste Aitheantais Pobail
- An Clár Seirbhísí Pobail
- An Clár LEADER don Fhorbairt Tuaithe
- Bóithre Áitiúla a Fheabhsú (Scéim Feabhsúcháin Áitiúil)
- An Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh
- An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
- An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)
- An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile
- Scéim na Siúlóidí
Réamhrá
Tá réimse scéimeanna infheistíochta agus tacaíochtaí ar fáil d’forbairt tuaithe agus phobail. Tugtar cuntas gairid anseo ar gach ceann díobh chomh maith le naisc chuig na seirbhísí ar leith agus chuig an tslí le hiarratas a dhéanamh orthu.
CLÁR - Tionscadail Tuaithe Mhionscála
Is ionann CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) nó Maoiniú do Thionscadail Tuaithe Mhionscála agus clár infheistíochta spriocdhírithe lena gcuirtear maoiniú ar fáil do thionscadail bhonneagair mhionscála sna ceantair thuaithe inar tharla an laghdú daonra ba mhó.
... tuilleadh eolais maidir le Maoiniú-CLÁR do Thionscadail Tuaithe Mhionscála
Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail
Is é Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail an infheistíocht chaipitil is mó riamh i Lárionaid Phobail. Cuirtear maoiniú ar fáil leis an gciste chun infheistíocht a dhéanamh i Lárionaid Phobail ionas go bhfanfaidh na seirbhísí ríthábhachtacha seo inúsáidte, inrochtana agus sábháilte agus go leanfaidh siad de bheith ag freastal ar riachtanais an phobail amach anseo.
... tuilleadh eolais maidir le Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail
Ciste Aitheantais Pobail
Is tionscnamh ollmhór é an Ciste Aitheantais Pobail atá leagtha amach chun tacú le pobail a chuir fáilte roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Chuireadh tacaíocht ar fáil leis an gciste do bheagnach 900 tionscadal in 2023, lena gcuimsítear saoráidí spóirt ilchuspóireacha ar scála mór, uasghráduithe ar lárionaid phobail, trealamh do chlubanna spóirt, siúlbhealaí lasmuigh, clóis súgartha, busanna pobail agus trealamh d’fhéilte.
... tuilleadh eolais maidir leis  an gCiste Aitheantais Pobail
An Clár Seirbhísí Pobail
Cuirtear tacaíocht ar fáil leis an gClár Seirbhísí Pobail d’eagraíochtaí pobalbhunaithe chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta áitiúla a sholáthar trí shamhail fiontraíochta sóisialta, a chruthaíonn deiseanna fostaíochta do ghrúpaí agus do dhaoine ar leith atá faoi mhíbhuntáiste.
… tuilleadh eolais maidir leis an gClár Seirbhísí Pobail
An Clár LEADER don Fhorbairt Tuaithe
Is clár forbartha tuaithe é LEADER arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach. Baintear úsáid as cur chuige faoi threoir áitiúil agus ó bhun aníos ar mhaithe le riachtanais na bpobal agus na ngnóthaí áitiúla i gceantair thuaithe a shásamh.
Tá ról tábhachtach ag an gclár maidir le tacú le pobail agus le fiontair chun cruthú post, ionchuimsiú sóisialta agus tionscadail chomhshaoil a chur chun cinn ag leibhéal áitiúil.
Ba chóir dóibh siúd a bhfuil suim acu cúnamh a fháil faoin gClár LEADER dul i dteagmháil lena ngrúpa áitiúil gníomhaíochta.
... tuilleadh eolais maidir le  Forbairt Tuaithe LEADER
Bóithre Áitiúla a Fheabhsú (Scéim Feabhsúcháin Áitiúil)
Faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS), cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre príobháideacha agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu.
Is minic go dtéann na bóithre sin go dtí iliomad áras cónaithe, talamh feirme, agus taitneamhachtaí amhail locha, aibhneacha nó tránna.
Má tá bóthar agat nó más eol duit bóthar a bhfuil deisiú de dhíth air agus nach ndéantar cothabháil air, déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun a fháil amach an mbeadh maoiniú LIS ar fáil.
… tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS)
An Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh
Cuirtear maoiniú ar fáil chun bonneagar nua caithimh aimsire lasmuigh a fhorbairt faoin an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS) Chomh maith leis sin, cuirtear tacaíocht ar fáil chun bonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá ann cheana a dheisiú, a chothabháil, a fheabhsú nó a chur chun cinn i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann.
... tuilleadh eolais maidir leis an Scéim um Bhonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh
An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
Is ionann an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) agus gealltanas €1 billiún ón Rialtas, atá le hinfheistiú i gceantair thuaithe na hÉireann sa tréimhse 2019 go 2027.
Is éard atá i gceist leis an gciste tacú le cruthú post, dul i ngleic le bánú i bpobail faoin tuath, agus tacú le feabhsúcháin i mbailte agus i sráidbhailte ina bhfuil an daonra faoi bhun 10,000 duine.
... tuilleadh eolais maidir leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)
Is é SICAP an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail.
Tá sé mar aidhm ag SICAP laghdú a dhéanamh ar bhochtaineacht agus chun cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Déantar é sin trí Fheidhmeoirí Chlár, gníomhaireachtaí agus cuideachtaí, a oibríonn leis na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is deacra teacht orthu.
... tuilleadh eolais maidir leis an gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)
An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile
Is é aidhm lárnach na Scéime Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile tacú le hathbheochan na mbailte agus na sráidbhailte, feabhas a chur ar thimpeallacht cónaithe agus oibre na bpobal agus a n-acmhainneacht a mhéadú chun tacú le gníomhaíocht mhéadaithe gheilleagrach sa todhchaí.
Is faoi na húdaráis áitiúla go príomha atá sé na cineálacha tionscadal a bheidh le maoiniú faoin tionscnamh seo a shainaithint i gcomhpháirtíocht le gnóthaí agus le pobail áitiúla.
... tuilleadh eolais maidir leis  an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile
Scéim na Siúlóidí
Éascaíonn Scéim na Siúlóidí forbairt agus cothabháil príomhbhealaí siúil ar thailte príobháideacha.
Tá an scéim á riar ag Cuideachtaí Forbartha Áitiúla (LDCnna) a chuireann an scéim ar fáil ina gceantar féin thar ceann na Roinne.
Faoi Chlár an Rialtais agus Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann Tuaithe, thug an Roinn gealltanas líon na gconairí a dhúbailt faoin Scéim.
… tuilleadh eolais maidir le Scéim na Siúlóidí