Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2025
Cuirtear cistiú ar fáil faoin Scéim um Bonneagair Caithimh Aimsire Lasmuigh le bonneagar nua caithimh aimsire lasmuigh a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin leis an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar an mbonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann cheana féin.
Tacaítear faoin scéim seo le gníomhaíochtaí caithimh aimsire lasmuigh, cosúil le siúl, siúlóireacht, rothaíocht, cadhcáil agus coisíocht. Is áisiúil úsáid a bhaint as acmhainní na tuaithe a chuireann le stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach. Tacaítear le hacmhainn gheilleagrach agus turasóireachta an cheantair do phobail áitiúla agus do chuairteoirí turasóireachta araon.
Tá scéim 2024/2025 ar oscailt anois.
Tá achoimre ar an scéim iomlán le fáil anseo:
Is féidir teacht ar shonraí faoi thionscadail a maoiníodh faoi scéim roimhe seo a fháil anseo.
Cuirtear maoiniú ar fáil faoi an scéim mar seo a leanas:
Beart 1
- Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
- Maoiniú suas le €40,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 6 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Is féidir le gach cuideachta forbartha áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
Beart 2
- Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna nua ar scála meánmhéide.
- Maoiniú suas le €200,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Is féidir iarratas amháin ar a mhéad a chur isteach in aghaidh na cuideachta forbartha áitiúla nó an chomhlachta Stáit.
Beart 3
Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna straitéiseacha nua ar scála mór
- Maoiniú suas le €500,000 ag ráta 90% den chúnamh
- Is féidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a chur isteach faoin mBeart seo.
Beart Forbartha Tionscadail
- Tionscadail a fhorbairt go mion trína mbeifear ábalta iad a thabhairt chuig caighdeán ag a mbeifear ábalta iarratas a dhéanamh faoi Bheart 2 nó faoi Bheart 3.
- Maoiniú suas le €50,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le húdaráis áitiúla dhá iarratas a sheoladh ar aghaidh faoin mBeart seo.
- Is féidir le cuideachtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a sheoladh ar aghaidh faoin mBeart seo.
- Féadfaidh údaráis áitiúla a bhfuil oileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu faoina gcúram iarratas breise amháin a chur isteach faoin mBeart seo (3 iarratas ar a mhéad) a bhaineann go díreach le tionscadal ar cheann de na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu.
Eolas teagmhála
Má bhíonn aon cheisteanna eile agat, déan teagmháil le ORIS@drcd.gov.ie.