English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Seirbhísí Deonacha


Is iomaí rogha ann maidir le gníomhaíocht dheonach in Éirinn.


Oibriú go Deonach go hÁitiúil

Faigheann Ionaid Dheonacha i 21 chontae maoiniú ón Rialtas. I measc na n-eagraíochtaí sin tá Obair Dheonach Éireann agus Young Social Innovators.

Tá an Roinn i mbun forbartha faoi láthair ar straitéis náisiúnta ar oibriú go deonach, i gcomhar leis na bpáirtithe leasmhara uile.

Faigh tuilleadh eolais faoi oibriú go deonach go háitiúil.


Maoiniú d’Eagraíochtaí Deonacha

Faoin Scéim chun Tacú le hEagraíochtaí Náisiúnta (SSNO) tugtar maoiniú d’eagraíochtaí deonacha in Éirinn. Ní mór d’eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an scéim díriú ar thacaíochtaí a chur ar fáil dóibhsean atá faoi mhíbhuntáiste agus ar a shaolta a fheabhsú.

Maireann an babhta maoinithe reatha ón 1 Iúil 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2019. Tá an scéim 2019-2022 dúnta anois. Tá iarratais ag dul trí phróiseas meastóireachta faoi láthair agus cuirfear cinntí críochnaitheacha in iúl d’iarratasóirí ag deireadh mhí Bealtaine/tús mí an Mheithimh 2019.

Faigh tuilleadh eolais faoi mhaoiniú anseo.


Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí

Líonra é Item was unpublished or removed (PPN) lena dtugtar deis d’údaráis áitiúla teagmháil a dhéanamh le grúpaí pobail ar fud na tíre.

Is é an PPN ‘tobar an eolais’ do gach údarás áitiúil is mian leis leas a bhaint as saineolas pobail agus deonach ina limistéar.


Boardmatch

Is é Boardmatch Ireland an carthanas náisiúnta rialachais chorparáidigh in Éirinn. Bunaíodh é chun feabhas a chur ar rialachas san earnáil seachbhrabúsach trí bhíthin boird agus coistí bainistíochta a neartú, seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha agus do charthanais chun cabhrú leo comhdhéanamh a mbord a fheabhsú agus a neartú.

Is féidir tuilleadh eolais faoi a fháil anseo.


Ciste Nuálaíochta Sóisialta agus Young Social Innovators (YSI)

Chruthaigh an Rialtas an Ciste Nuálaíochta Sóisialta chun teacht ar réitigh ar nuálaíocht san earnáil seachbhrabúsach a dhíríonn ar shaincheisteanna sóisialta ríthábhachtacha a mhaoiniú. Déanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an t-airgead go léir a bhailítear a mheaitseáil trí bhíthin Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Le Young Social Innovators cuirtear oideachas don nuálaíocht shóisialta chun cinn trí bhíthin daoine óga a chumhachtú agus tacú leo a lánacmhainneacht mar nuálaithe sóisialta a bhaint amach, na scileanna agus an mhuinín a thabhairt dóibh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sóisialta rompu féin, roimh a bpobal agus roimh an tsochaí i gcoitinne.

Léigh tuilleadh faoi thacaíochtaí nuálaíochta sóisialta anseo.


An Rialálaí Carthanas

Má tá imní ar bith ort faoi charthanas, déan teagmháil leis an Rialálaí Carthanas.