English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Tacaíochtaí Nuálaíochta Sóisialta


An Ciste Nuálaíochta Sóisialta

Cruthaíodh an Ciste Nuálaíochta Sóisialta chun tacú le réitigh nuálacha ar shaincheisteanna sóisialta ríthábhachtacha in Éirinn. Bunaíodh an ciste chun an bhearna a líonadh ó thaobh nuálaíocht san earnáil seachbhrabúsach a mhaoiniú.

Déanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an t-airgead go léir a bhailítear ag an gCiste Nuálaíochta Sóisialta trína dheontóirí príobháideacha agus carthanachta a mheaitseáil trí bhíthin Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Chun liosta de na scéimeanna a fheidhmítear ag Ciste Nuálaíochta Sóisialta na hÉireann a fheiceáil, agus chun iarratas ar an gciste a dhéanamh, tabhair cuairt ar an nasc seo:


Young Social Innovators (YSI)

Le Young Social Innovators, cuirtear oideachas don nuálaíocht shóisialta chun cinn trí bhíthin daoine óga a chumhachtú agus tacú leo a lánacmhainneacht mar nuálaithe sóisialta a bhaint amach, na scileanna agus an mhuinín a thabhairt dóibh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sóisialta rompu féin, roimh a bpobal agus roimh an tsochaí i gcoitinne.

Cuirtear réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine óga faoi Young Social Innovators, lena n-áirítear an Clár Gníomhaíochta Nuálaíochta Sóisearach agus an Clár Gníomhaíochta Nuálaíochta Sinsearach agus YSI Den. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Young Social Innovators chomh maith le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, tabhair cuairt ar an nasc seo a leanas: