English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Neale Richmond

Neale Richmond Official photo

Tá Neale Richmond ina hAire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le freagracht speisialta as Forbairt Idirnáisiúnta agus Diaspóra. Ceapadh sa ról seo é an 29 Eanáir 2025.

Roimhe sin d’fhóin sé mar Aire Stáit sa Roinn Airgeadais le freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachais, agus mar Aire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le freagracht speisialta as Gnó, Fostaíochta agus Miondíol, agus An Roinn Coimirce Sóisialaí.

Bhí go leor dá chuid oibre sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le gnólachtaí, oibrithe, a gcomhlachtaí ionadaíocha agus na gníomhaireachtaí stáit chun a chinntiú go leathnaíonn an téarnamh eacnamaíoch agus an fás go gach cuid den tír. D’oibrigh sé go dlúth leis an earnáil FBManna, lena n-áirítear miondíola, chun athléimneacht a thógáil agus ar an aistriú chuig an ngeilleagair ghlasa agus dhigitigh.

Roimhe sin, toghadh é ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Ráth an Dúin in Olltoghchán 2020. I mí Aibreáin 2016 toghadh chuig Seanad Éireann é, ar Phainéal an Lucht Oibre, áit a raibh sé ina Urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Eorpacha agus ina chathaoirleach ar Roghchoiste Speisialta an tSeanaid ar tharraingt siar na RA ón AE.

D’fhóin Neale ar feadh seacht mbliana ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin áit ar toghadh den chéad uair é in 2009, agus ansin atoghadh é in 2014.

D’fhóin Neale ar feadh dhá bhliain mar bhall de Choiste na Réigiún an AE, i gceannas ar thoscaireacht na hÉireann, ag gníomhú mar Rapóirtéir ar an Tuairim ar bheartas trádála agus infheistíochta níos freagraí.

Tá BA sa Stair agus MA sa pholaitíocht ag Neale ó UCD. Tá sé ina chónaí sa Chéim lena bhean chéile agus lena mbeirt leanaí.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Richmond ag neale.richmond@oireachtas.ie


Róil