English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Simon Harris

Simon Harris official photo

Is é Simon Harris an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus an tAire Cosanta. Ceapadh chuig na róil seo é an 23 Eanáir 2025.

Roimhe sin bhí sé ina Thaoiseach ó Aibreán 2024 go dtí Eanáir 2025.

D’fhóin an Tánaiste Harris mar Aire sa rialtas, le breis agus deich mbliana, i bpunanna éagsúla lena n-áirítear mar Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (2020-24), Aire Sláinte (2016-20), agus mar Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Taoisigh a bhfuil Freagracht Speisialta air as Oifig na nOibreacha Poiblí, as Soláthar Poiblí agus as Baincéireacht Idirnáisiúnta (2014-16).

Toghadh chuig Dáil Éireann é den chéad uair in Olltoghchán 2011 agus ba é an comhalta ab óige den 31ú Dáil é. Le linn an téarma Dála sin, d’fhóin Simon mar chomhalta den Choiste um Chuntais Phoiblí, den Choiste Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, Rúnaí Pháirtí Parlaiminteach Fhine Gael agus Comhthionól Ghrúpa Traspháirtí an Oireachtais ar Mheabhairshláinte. Atoghadh Simon as a chéile mar TD do dháilcheantar Chill Mhantáin ag Olltoghcháin 2016, 2020 agus 2024.

Sular toghadh go Dáil Éireann é, bhí Simon ina bhall de Chomhairle Contae Chill Mhantáin agus de Chomhairle Baile na gCloch Liath araon, tar éis dó a bheith tofa sna Toghcháin Áitiúla 2009 leis an gcéatadán is airde vóta d’aon iarrthóir sa tír. D’fhóin sé freisin dá phobal mar Chathaoirleach ar Choiste Póilíneachta Chontae Chill Mhantáin, mar Chathaoirleach ar Fhóram Sláinte Réigiúnach Bhaile Átha Cliath-Lár Laighean, mar Chomhalta Boird ar Thurasóireacht Chill Mhantáin agus mar Bhall de Choiste Gairmoideachais Chill Mhantáin.

Thosaigh baint Simon sa pholaitíocht tar éis dó grúpa stocaireachta agus tacaíochta um Uathachas a bhunú i gContae Chill Mhantáin chun iarracht a dhéanamh guth a thabhairt do dhaoine a bhfuil Uathachas orthu agus a dteaghlaigh agus a gcuid imní agus riachtanais a chur in iúl. Oibríonn sé go dian dícheallach mar thacadóir míchumais agus trína chuid oibre i réimse an mhíchumais tá tuiscint phearsanta aige ar cheisteanna a bhaineann le daoine faoi mhíchumas.

Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Harris ag simon.harris@oireachtas.ie


Róil